Seoltar comhchomhairliúchán maidir le Saoráidí nua Súgartha Phoiblí i Loch Sionnaigh
Mar fhreagairt do riachtanais an phobail áitiúil i Loch Sionnaigh, sheol Comhairle Contae Fhine Gall comhchomhairliúchán poiblí maidir le tograí le haghaidh spás nua súgartha phoiblí, atá deartha chun áit tharraingteach a chruthú don bhaile lena húsáid chun críocha súgartha agus gníomhaíochta lasmuigh.
Is é is aidhm don togra ná deiseanna súgartha atá ar ardchaighdeán, ionchuimsitheach agus inrochtana go háitiúil a sholáthar do leanaí agus do theaghlaigh. Is é atá sa dearadh ná leagan amach ciorclach atá bunaithe ar Thúr Martello atá in aice láimhe, rud a thugann ómós áite agus féiniúlacht áitiúil láidir don spás súgartha.
Dearadh an spás súgartha go cúramach mar gheall ar chineál ardaithe nocht an láithreáin, áit a bhfuil na leibhéil sainithe agus crioslaithe le fálta tírdhreachaithe. Comhlíonann sé sin dhá fheidhm: foscadh a sholáthar ón ngnáthghaoth agus, an tráth céanna, rannchuidiú go dearfach leis an tsainghné fhoriomlán tírdhreacha agus le comhtháthú amhairc an tsuímh.
Tá na saoráidí súgartha eagraithe ina roinnt criosanna ar leith atá idirnasctha le chéile, áit a bhfreastalaíonn gach ceann díobh ar aoisghrúpaí difriúla agus ar chumais dhifriúla. Leis an straitéis criosaithe sin, tacaítear le súgradh ionchuimsitheach, idirghníomhach agus samhlaíoch, rud a spreagann leanaí d’aoiseanna éagsúla leas a bhaint as an spás i dtimpeallacht shábháilte spreagúil.
Tá gnéithe súgartha gainimh agus uisce comhtháite isteach sa dearadh ar fad, rud a léiríonn an suíomh cois cósta agus a sholáthraíonn eispéiris chéadfacha thábhachtacha agus deiseanna éagsúla súgartha an tráth céanna. Tá na gnéithe sin ceaptha chun tacú le forbairt fhisiciúil, chognaíoch agus shóisialta ar aon dul leis an dea-chleachtas i ndearadh comhaimseartha súgartha.
Tá sé mar aidhm leis an togra feabhas a chur ar an ríocht phoiblí, gníomhaíocht lasmuigh a chur chun cinn, agus tacú le sláinte agus folláine leanaí, teaghlach agus cuairteoirí i Loch Sionnaigh agus sa mhórlimistéar.
Tá an comhchomhairliúchán á sheoladh faoi phróiseas Chuid XI, lena dtugtar deis don phobal amharc ar na tograí agus a gcuid tuairimí a chur in iúl ina leith sula ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh críochnaitheach.
Is féidir tuilleadh mionsonraí faoin gcomhchomhairliúchán agus faoi conas aighneachtaí a dhéanamh a fháil ag: https://fingal.live/mt7ca83t