Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí Fhine Gall 2024

Fingal Artist support scheme

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí 2024 a fhógairt. Tugann an snáithe seo den mhaoiniú deis d’ealaíontóirí gairmiúla leas a bhaint as suas le €5,000 de dhámhachtain le haghaidh taistil agus deiseanna forbartha gairmiúla, cónaitheachta nó saothar a fhorbairt.

Is é cuspóir na Scéime Tacaíochta d’Ealaíontóirí tacú le healaíontóirí gairmiúla aonair ó Fhine Gall forbairt a dhéanamh ar a gcleachtas ealaíonta. Tá an dámhachtain ar fáil d’ealaíontóirí cleachtacha ag gach céim dá ngairmeacha gairmiúla a oibríonn i gceol, amharcealaín, drámaíocht, litríocht, scannánaíocht agus damhsa. Le bheith i dteideal iarratas a chur isteach, ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh: rugadh iad i gceantar riaracháin Fhine Gall, rinne siad staidéar ann nó tá cónaí orthu faoi láthair ann.

Is le haghaidh tionscadal nó tionscnamh a tharlóidh idir 01 Bealtaine agus 31 Nollaig 2024 an maoiniú.

Is é Dé hAoine 1ú Márta 2024 ag 4in an dáta deiridh chun iarratais a fháil.

Ní cheadaítear ach aighneacht amháin in aghaidh an iarrthóra. Tá tú fós i dteideal iarratas a chur isteach má fuair tú dámhachtain tríd an scéim roimhe seo. I mbliana tá Oifig Ealaíon Fhine Gall ag leanúint le hiarratais ar líne a lorg tríd an ardán Cuir Isteach.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh cliceáil ar an nasc thíos le do thoil:

https://submit.link/2nj

Nó, déan teagmháil leis an Oifig Ealaíon trí ríomhphost a chur chuig [email protected]