Scéim Cúnaimh do Ghnóanna Beaga do Covid [SBASC] oscailte d’iarratais

Tá gnóanna i bhFine Gall á spreagadh chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi scéim cúnaimh nua a sheol an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. 

SBAS scheme grant image

Tá gnóanna i bhFine Gall á spreagadh chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi scéim cúnaimh nua a sheol an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.  Tá sé i gceist ag an Scéim Cúnaimh do Ghnóanna Beaga do COVID (SBASC) díriú ar na gnóanna sin a bhfuil costais oibriúcháin acu nach gcáilíonn don Scéim Tacaíochta um Shrianta COVID (CRSS) a fheidhmíonn na Coimisinéirí Ioncaim. Beidh iarrthóirí incháilithe i dteideal íocaíocht tosaigh de €4,000 don tréimhse ón 1 Eanáir go 31 Márta, 2021

Tá an Scéim Cúnaimh do Ghnóanna Beaga do COVID (SBASC) ar fáil do chomhlachtaí, daoine féinfhostaithe, trádálaithe aonair nó comhpháirtíochtaí agus tá na critéir incháilitheachta don SBASC agus don Scéim Tacaíochta um Shrianta COVID (CRSS) cosúil lena chéile. Is í an phríomhdhifríocht idir SBASC agus CRSS ná an riachtanas, i gcás CRSS, go mbeadh rochtain ag an bpobal ar áitreabh gnó. Ailíníonn SBASC freisin le scéimeanna deontais a fógraíodh le déanaí d’earnálachta na turasóireachta, na n-ealaíon agus na siamsaíochta.

Ag labhairt dó faoin bhfógra maoinithe nua seo dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Tá marthanas na ngóanna beaga ríthábhachtach do bhailte agus sráidbhailte Fhine Gall agus molaim d’éinne atá incháilithe an maoiniú nua SBASC seo a chur i bhfeidhm a chabhróidh go mór le freastal ar chuid dá gcostais reatha ionas gur féidir leo coinneáil i mbun gnó go dtí go bhféadfar na srianta paindéime a mhaolú.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag cur réimse leathan tacaíochtaí ar fáil do ghnóanna áitiúla agus ag obair leis na páirtithe leasmhara go léir i rith na bliana seo caite chun déileáil le dúshláin na paindéime COVID-19.  Beidh an maoiniú nua a chuirfear ar fáil faoi SBASC ina thacaíocht thábhachtach eile do ghnóanna beaga lena chinntiú gur féidir leo athoscailt agus leanúint ar aghaidh ag soláthar fostaíochta agus seirbhísí ríthábhachtacha i bpobail ar fud an chontae.”

 

Dúirt Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontar, Turasóireachta agus Cultúir Emer O’Gorman: “Is maith an rud é maoiniú nua SBASC a chur leis an raon tacaíochtaí airgeadais atá ar fáil do ghnóanna i bhFine Gall le cur ar a gcumas coinneáil i mbun gnó go dtí gur féidir leo athoscailt go hiomlán. Cuireann sé le tacaíochtaí roimhe seo mar an Deontas Atosaithe agus an Deontas Atosaithe Breisithe agus ár dtionscnaimh ar nós ‘Le Chéile Fine Gall’ agus ár bhfeachtais ‘Déan Do Chuid Siopadóireachta Go hÁitiúil’ agus muid ag obair go dlúth le Cumainn Tráchtála áitiula agus le gníomhaireachtaí náisiúnta chun tacaíocht a bhfuil géarghá léi a sholáthar do ghnóanna. Mholfainn do gach gnó cáilitheach iarratas a dhéanamh.”

 

Níl an deontas, atá ar fáil mar ranníocaíocht i leith costais sheasta chun cabhrú le gnóanna a bheith ag feidhmiú le haghaidh athoscailt faoi dheireadh, ar fáil ach d’iarrthóir atá ag feidhmiú ó mhaoin inrátaithe. Clúdaíonn an scéim an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2021.  Gheobhaidh gach iarrthóir incháilithe íocaíocht de €4,000 le híocaíocht bhreise de €4,000 ó Bhealtaine 2021 d’iarrthóirí a leanfaidh de chritéir incháilitheachta na scéime a chomhlíonadh. Is féidir sonraí iomlána agus eolas maidir le hiarratas a dhéanamh a fháil ar Láithreán Gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall https://www.fingal.ie/small-business-assistance-scheme-covid-sbasc

 

Is é an 21 Aibreán 2021 an dáta deiridh d’iarratais ar an deontas tosaigh faoi SBASC.