Scéim Bonneagair Siúil agus Rothaíochta Curtha i gCrích ag Droichead an Bhaile Nua
D’oscail an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, Scéim Siúil agus Rothaíochta Dhroichead an Bhaile Nua, Bóthar Bhaile Anraí, i Sord go hoifigiúil inniu i láthair Darragh O’Brien TD, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil agus an tAire Iompair. Leis an ócáid, ceiliúrtar críochnú an uasghrádaithe shuntasaigh taistil ghníomhaigh sin lena bhfeabhsaítear sábháilteacht agus nascacht do choisithe agus do rothaithe feadh an bhealaigh áitiúil thábhachtaigh sin.
Leis an tionscadal seo, a chosain thart ar €1 mhilliún, tugtar aghaidh ar dhúshláin sheanbhunaithe feadh an chuid chúng den bhóthar, ar cuid í a úsáidtear go minic, mar a gcomhroinneadh coisithe agus rothaithe méid teoranta spáis le feithiclí roimhe seo. Leis an scéim chríochnaithe, soláthraítear cosán leathnaithe trasna an droichid, rotharbhealach uasghrádaithe agus sínte ó Shord, trasrian coisithe lena ngabhann comharthaí bóthair, agus pointí rochtana feabhsaithe chuig Páirc an Mhóinéir Leathain agus chuig tailte thaiscumar Bhaile Anraí ag Swords Celtic Football Club. Is le córas aontreo anois a bhainistítear an trácht trí ligean d’fheithiclí dul thar a chéile i dtreonna malartacha, agus bearta breise laghdaithe luais ag cur tuilleadh feabhais ar an tsábháilteacht agus ar an gcompord do gach úsáideoir bóithre.
Cuireadh tús leis an tógáil i mí an Mhárta 2025. Dhear Clifton Scannell Emerson Associates an scéim agus thóg Jons Civil Engineering Company Ltd í. Rinneadh na hoibreacha a chéimniú go cúramach chun rochtain a choinneáil ar bun do chónaitheoirí áitiúla agus chun an tionchar ar an ngnáthghníomhaíocht laethúil sa limistéar máguaird a íoslaghdú.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is é an toradh a bheidh ar an leagan amach uasghrádaithe droichid ná go mbeidh gnáth-thurais laethúla níos sábháilte do dhaoine a bhíonn ag taisteal de shiúl na gcos, de rothaí agus de rothar agus go neartófar naisc chuig taitneamhachtaí in aice láimhe, lena n-áirítear tailte Swords Celtic Football Club, a úsáidtear go minic. A bhuí leis na naisc fheabhsaithe sin, tacófar leis na cónaitheoirí iomadúla agus na teaghlaigh iomadúla a thaistealaíonn chuig traenáil, chuig cluichí agus chuig gníomhaíochtaí pobail sa cheantar.”
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is é atá i gcríochnú na scéime seo ná feabhsú ríthábhachtach ar an ngréasán taistil ghníomhaigh i Sord. Leis an mbonneagar uasghrádaithe, feabhsaítear sábháilteacht agus nascacht, agus tacaítear le forbairt fhadtéarmach nasc siúil agus rothaíochta ardchaighdeáin. Comhtháthaíonn an scéim seo go héifeachtach le páirceanna agus limistéir áineasa in aice láimhe agus leis an mórghréasán iompair, rud lena soláthrófar bealach níos inbhuanaithe agus níos iontaofa d’úsáideoirí bóithre.”
Tá na feabhsuithe ag teacht le príomhstraitéisí náisiúnta agus réigiúnacha, lena n-áirítear an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, Tionscadal Éireann 2040, Creatlach an Pholasaí Náisiúnta Rothaíochta, agus Taisteal Níos Cliste – Todhchaí Iompair Inbhuanaithe. Leis na beartais sin, leagtar béim ar a thábhachtaí atá roghanna soghluaisteachta sábháilte, ísealcharbóin agus ionchuimsitheacha lena dtacaítear le pobail níos sláintiúla agus lena laghdaítear astaíochtaí.
Dúirt David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall: “Leis an scéim seo, neartaítear nasc tábhachtach sa ghréasán taistil ghníomhaigh agus tacaítear le haidhm Fhine Gall go mbeadh an siúl agus an rothaíocht ar an gcéad rogha le haghaidh turais faoi bhun cúig chiliméadar. Trí cháilíocht, leanúnachas agus sábháilteacht an bhealaigh trasna Dhroichead an Bhaile Nua a fheabhsú, fágann an tionscadal go mbainfear na bacainní ar thaisteal gníomhach agus go mbeidh gnáth-thurais laethúla ghearra níos éasca agus níos áisiúla gan aon ghá a bheith ann le carr.”
Dúirt Darragh O’Brien TD, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil agus an tAire Iompair: “Bíonn infheistíocht leanúnach sa taisteal gníomhach ina cuid riachtanach de ghréasán iompair a thógáil lena dtacaítear le sábháilteacht agus le hinbhuanaitheacht araon. Trí bhonneagar ar nós Dhroichead an Bhaile Nua a uasghrádú, baintear bacainní ar shiúl agus ar rothaíocht agus tugtar roghanna malartacha fíora do dhaoine ar an gcarr le haghaidh turais ghearra. A bhuí leis na feabhsuithe sin, beidh gach duine in ann tabhairt faoi thaisteal inbhuanaithe.”
Is é atá i gcríochnú Scéim Siúil agus Rothaíochta an Droichid Nua, Bóthar Bhaile Anraí, ná príomh-gharsprioc sa bhunathrú leanúnach ar bhonneagar iompair Shoird agus bunchloch láidir le haghaidh na gcéimeanna amach anseo d’infheistíocht i dtaisteal gníomhach ar fud an bhaile agus ar fud mhórlimistéar Fhine Gall.