Scaoil do spréach chruthaitheach! Beidh Cruinniú na nÓg, lá cruthaitheachta saor in aisce do dhaoine óga, ar siúl Dé Sathairn an 6 Meitheamh 2026.
With almost 50 events taking place across a range of venues in Fingal this year, Cruinniú na nÓg will spark curiosity and ignite the imagination for people of all ages
Cuireann Éire Ildánach Fhine Gall Cruinniú na nÓg i láthair go bródúil. Is lá cruthaitheachta saor in aisce do dhaoine óga a bheidh ar siúl an 6 Meitheamh 2026 é sin. Óstálfaidh gach ceann de dheich mbrainse leabharlainne Fhine Gall Carnabhail Fiosrachta, agus imeachtaí cruthaitheacha á reáchtáil chun an pobal a mhealladh agus chun áthas a chur air. Beidh cuairteanna ó údair agus ó mhaisitheoirí, ceardlanna graifítí, ealaín mhanga, ceol, damhsa, agus go leor eile ann chun lá speisialta a chruthú.
Fillfidh We Own the Castle ar Chaisleán Shoird. Is é Garageland Galaxyz a óstálfaidh é. Beidh taibhléirithe beo ó dhaoine óga cumasacha ar dhá ardán mar chuid den fhéile cheoil seo, atá curtha in oiriúint go heisiach do dhéagóirí. Beidh filíocht agus ceol díphlugáilte ar fáil i Seisiúin an tSéipéil. Leis an Ardán Slamfhilíochta Óige Wavin' Words, arb é imeacht Cruinniú Late na bliana seo a bhfuil an-tóir air é, tugtar an deis do thaibheoirí óga slamfhilíocht a dhéanamh agus filíocht a thaibhléiriú, a rá nó a léamh – is leatsa an micreafón oscailte! Is iad Sheila Ryder agus Dave Hynes a óstálfaidh an t-imeacht agus beidh Yasmine Al Ja Afrehova, Ambasadóir Áitiúil Fhine Gall, agus Eva Mary Lucy, an Curadh Slamfhilíochta Uile-Éireann, i measc na dtaibheoirí a bheidh ann. Beidh The Poetry's Dead Podcast ag taifeadadh go beo le Leon Dunne agus le Ryan Duggins. Idir an dá linn, cuirfidh an Sráidbhaile Cruthaitheach le hatmaisféar na féile, rud a chuirfidh ar chumas daoine óga a gcuma don lá a shaincheapadh. Soláthróidh All Abilities Ireland spás céadfach suaimhneach agus cruthaitheach tiomnaithe freisin chun tacú le leanaí agus déagóirí atá néara-éagsúil.
Buail isteach in Ionad Ealaíon Draíocht, Baile Bhlainséir, le haghaidh Lá Teaghlaigh Colourings. Cruthaigh agus bí ag súgradh sa Spás Freagartha Cruthaithí beoga seo le Sarah Ward agus le Michelle Hall, ealaíontóirí. Agus inspioráid á fáil acu ón taispeántas le Lucy Hill dar teideal ‘Colourings’ – áit a dtagann cruthanna spreagúla agus dathanna dána le chéile – tugtar cuireadh do theaghlaigh iniúchadh a dhéanamh ar dhathanna, ar chruthanna agus ar mharc-chruthú le chéile trí ghníomhaíochtaí cruthaitheacha praiticiúla. Is féidir leis an lucht féachana óg taitneamh a bhaint as OutLine freisin, atá ina thaibhléiriú tumthach damhsa le Selma Daniel Dance atá spreagtha ag fuinneamh spraíúil agus scrioblálacha ildaite an taispeántais. Beidh Ceardlanna Graifítí Wonder Walls le Waterford Walls ar ais arís, ag spreagadh daoine óga chun múrphictiúir a dhearadh agus a phéinteáil i gcomhar le chéile, agus an chruthaitheacht agus an féinléiriú á gcruthú.
Déanfaidh Ionad Ealaíon Séamus Ennis ar an Aill, Co. Bhaile Átha Cliath, comóradh ar Chruinniú na nÓg le clár bríomhar ceardlann praiticiúil agus taibhléirithe praiticiúla. Is féidir le daoine óga cruthaitheacha dul isteach i saol draíochtúil na scáthphuipéadóireachta trí cheardlanna idirghníomhacha agus trí thaibhléirithe beo, triail a bhaint as ceardlann thraidisiúnta déanta bodhrán, nó páirt a ghlacadh sa spraoi ag Circus Céilí le Circus Explored.
Ós rud é go bhfuil rud éigin ann do gach duine an 6 Meitheamh seo, déan cinnte de go gcuirfidh tú d’áit in áirithe!
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Do dhaoine óga ar fud Fhine Gall, is cinnte go spreagfaidh clár imeachtaí na bliana seo do Chruinniú na nÓg fiosracht agus samhlaíocht. Agus 50 imeacht, beagnach, ar siúl ar fud ionaid éagsúla — lena n-áirítear Caisleán Shoird, Leabharlanna Fhine Gall, Ionad Ealaíon Draíocht, Baile Bhlainséir, agus Ionad Ealaíon Séamus Ennis ar an Aill — molaim do theaghlaigh agus do dhaoine óga iniúchadh a dhéanamh ar a bhfuil ar fáil. Is cuid thábhachtach de sheirbhísí Fhine Gall do dhaoine óga é an clár Cruinniú, a chuireann deiseanna ionchuimsitheacha agus inrochtana ar fáil chun gabháil do ghníomhaíochtaí cruthaitheacha.”
Dúirt Lilian Whelan, Leabharlannaí Contae Gníomhach Fhine Gall: “Is é is Cruinniú na nÓg ann ná ceiliúradh iontach ar an gcruthaitheacht, a thugann an deis do dhaoine óga ar fud Fhine Gall iniúchadh a dhéanamh, cruthú agus iad féin a chur in iúl trí chlár bríomhar ionchuimsitheach. Le himeachtaí amhail ár gCarnabhail Fiosrachta i ngach brainse leabharlainne agus seilbh a ghlacadh ar Chaisleán Shoird le haghaidh ‘We Own the Castle’, ár n-imeacht ceoil do dhéagóirí, agus ‘Wavin’ Words’, ár n-imeacht focal labhartha, tá rud éigin spreagúil ar fáil do gach duine i gclár na bliana seo, rud a fhágann gur lá fíorspeisialta é do leanaí, do dhaoine óga agus do theaghlaigh.”
Dúirt Patricia Brady, Comhordaitheoir Éire Ildánach d’Fhine Gall: “Clár sármhaith imeachtaí atá ann, a cuireadh le chéile agus daoine óga Fhine Gall á gcur san áireamh. Idir cheol do leanaí beaga i Leabharlann Bhaile Bhlainséir agus We Own the Castle, ár mionfhéile cheoil shuaitheanta do dhéagóirí i gCaisleán Shoird, tugtar deis uathúil do dhaoine óga Fhine Gall leis an lá sin a gcruthaitheacht a iniúchadh agus taibhléiriú i dtimpeallacht spraíúil thacúil. Tá sé geallta go gcuirfear meascán siamsúil ar fáil de na daoine is cumasaí atá le tairiscint ag Fine Gall.”
Ag obair di i gcomhpháirt leis an 31 Údarás Áitiúil agus le tacaíocht ó RTÉ, oibríonn Éire Ildánach chun lá a chruthú inar féidir le teaghlaigh agus le daoine óga páirt a ghlacadh i raon leathan gníomhaíochtaí cruthaitheacha spraíúla, a bhfuil gach ceann díobh saor in aisce.
Rinne an fhoireann Cultúir agus Cruthaitheachta clár Chruinniú na nÓg de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall a fhorbairt ar bhealach comhoibríoch. Tá an fhoireann comhdhéanta d’ionadaithe trasrannacha a bhfuil scileanna acu in a lán réimsí éagsúla saineolais.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig https://cruinniu.gov.ie/ nó https://www.fingal.ie/cruinniu-na-nog-2026.