Óstálann Comhairle Contae Fhine Gall an dara Searmanas Cuimhneacháin Crann Darach bliantúil

Bhí áthas an domhain ar Chomhairle Contae Fhine Gall óstáil a dhéanamh ar Shearmanas Cuimhneacháin Crann Darach na bliana seo i nDiméin Mhullach Íde ar 18Ú Meitheamh.

 

Oak tree ceremony 2

Bhí áthas an domhain ar Chomhairle Contae Fhine Gall óstáil a dhéanamh ar Shearmanas Cuimhneacháin Crann Darach na bliana seo i nDiméin Mhullach Íde ar 18Ú Meitheamh.

Is é seo an 2ú bliain a chuireamar tús le hiarratais do shaoránaigh chun iarratas a dhéanamh ar chrann a cheannach laistigh den   Gharrán Cuimhneacháin i nDiméin Mhullach Íde. Is siombailí cumhachtacha iad na crainn darach comórtha d’fhás, neart agus fad saoil.   

Is gnách go mbíonn an searmanas tráthúil chun bheith ag an am céanna le Seachtain Náisiúnta na gCrann i mí an Mhárta, ach b’éigean é a chur siar de bharr na paindéime COVID19.

Bhí Méara Fhine Gall a bhí ag dul as oifig, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, i láthair in éineacht le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, an Teachta Darragh O’Brien, An Comhairleoir Anthony Lavin agus Roinn Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall chun ceiliúradh a dhéanamh ar phlandáil trí chrann cuimhneacháin déag i nDiméin Mhullach Íde.

Maidir le méara Fhine Gall a bhí ag dul as oifig, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, bhí sé ar cheann de na dualgais dheireanacha a bhí air sular thug sé slabhra na hoifige don mhéara reatha, an Comhairleoir David Healy. Dúirt an Comhairleoir O’Brien; “Is áit thábhachtach do go leor dár saoránaigh an garrán crainn darach comórtha seo i Mullach Íde agus is onóir í a bheith anseo inniu ag an Searmanas Cuimhneacháin Crann Darach le haghaidh ceann de na himeachtaí deireanacha a bheidh agam mar Mhéara Fhine Gall. I gcomhthéacs na gcúinsí atá ann faoi láthair, tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil socrú déanta ag foireann Fhine Gall go rachaidh an searmanas tábhachtach ar aghaidh ar bhealach sábháilte agus tá súil agam gur ócáid bhliantúil í a leanfaidh ar aghaidh go ceann blianta.”

Ag labhairt ag an Searmanas, dúirt an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly; “Tá fíoráthas orainn an Searmanas Cuimhneacháin Crann Darach a óstáil arís agus an deis a thabhairt dár saoránaigh crann a phlandáil i gcuimhne ar dhuine muinteartha. Is spás síochánta é an garrán crann darach comórtha i nDiméin Mhullach Íde inar féidir le teaghlaigh agus daoine aonair am saor a thógáil chun machnamh agus ceiliúradh a dhéanamh ar shaol duine gaoil nó cara leo, rud atá thar a bheith tábhachtach le linn na n-amanta deacra seo.”

Ní féidir crainn chuimhneacháin Chomhairle Contae Fhine Gall a mheas le cur san áireamh ach i bpáirceanna ina bhfuil maoirseacht ghníomhach.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le [email protected]   

Oak tree ceremony