Osclaítear 111 teach nua go hoifigiúil sna Sceirí

Ribbon Cutting Skerries

Táthar tar éis forbairt úrnua tithíochta do Bhaile Átha Cliath thuaidh a oscailt go hoifigiúil, rud ar cloch mhíle thábhachtach é maidir le tithíocht a sholáthar don limistéar áitiúil. Agus iad suite ag Cnoc Bhaile Uí Ghusáin, na Sceirí, ceiliúradh oscailt na bPeadac trí shearmanas gearradh ribín a sheoladh, rud ar ar fhreastail an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, James Browne, an tAire Tithíochta, John Cummins, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, agus ionadaithe ó Tuath Housing.

Forbairt 111 teach atá comhdhéanta de 97 dteach shóisialta agus de 14 theach ar Cíos de réir Costais is ea na Peadaic, rud ar comhthionscadal é idir Comhairle Contae Fhine Gall, Tuath Housing, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, agus an Ghníomhaireacht Tithíochta. Tá an fhorbairt suite sna Sceirí, baile cois trá a bhfuil an-tóir air. Beidh na tithe ar Cíos de réir Costais a sholáthrófar sna Peadaic ar na chéad tithe den chineál tionachta sin sna Sceirí, agus iad ina réiteach inacmhainne ar chíosanna méadaitheacha agus ar bhrúnna soláthair.

The Paddocks Skerries
The Paddocks Skerries

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Chomhairle Contae Fhine Gall: “Léiríonn críochnú na sárthithe nua seo a thiomanta atá Comhairle Contae Fhine Gall dá spriocanna uaillmhianacha tithíochta a bhaint amach. Is trí chomhthionscadail straitéiseacha le comhpháirtithe iontaofa amhail Tuath Housing is féidir linn freastal ar na riachtanais éagsúla tithíochta atá ag ár ndaonra atá ag fás. Tá na Peadaic ina sampla iontach eile den mhéid is féidir linn a bhaint amach nuair a oibrímid le chéile. Agus mé i mo chónaí sna Sceirí le tamall fada anuas, tá a fhios agam cé chomh tarraingteach agus atá an baile. Agus cósta álainn, pobal bríomhar agus bonneagar méadaitheach le fáil sna Sceirí, ní aon iontas é go meallann forbairtí amhail na Peadaic an oiread sin spéise.”

Tá an 111 teach nua comhdhéanta de mheascán d’árasáin aon seomra leapa, dhá sheomra leapa agus trí sheomra leapa, mar aon le haonad dhá leibhéal ina bhfuil aon seomra leapa agus dhá sheomra leapa, agus balcóin phríobháideach ag gach ceann díobh. Tá rochtain ag cónaitheoirí ar spásanna oscailte tírdhreachaithe, ar ghairdíní comhchoiteanna agus ar naisc iompair den scoth.

Mayor with Ministers at the paddocks

Dúirt James Browne TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta: “Tá lúcháir orm na Peadaic a oscailt inniu agus an tionchar dearfach a imríonn comhoibriú láidir idir Údaráis Áitiúla, Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe agus forbróirí a fheiceáil le mo shúile féin. Le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, leanann na comhpháirtithe sin le freagairt go díreach do riachtanais tithíochta Fhine Gall.”

Dúirt John Cummins TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil: “Léiríonn soláthar na dtithe nua seo sna Sceirí an dóigh ar féidir le comhpháirtíochtaí láidre rialtais áitiúil feabhas díreach a chur ar shaol daoine. Tá ríthábhacht ag baint le tionscadail amhail na Peadaic maidir le pobail inbhuanaithe a ndéantar dea-fhreastal orthu a fhorbairt.”

Dúirt Sonya Meekel, Bord Deonach Stiúrthóirí Tuath: “Tá bród orainn as cabhrú leis an tithíocht ardchaighdeáin inacmhainne seo a sholáthar. Is am corraitheach é seo don phobal agus do na cónaitheoirí atá ag socrú isteach ina dteach nua cois farraige. Is mórchúis áthais do gach duine ag Tuath toradh an chomhoibrithe láidir idir na geallsealbhóirí uile a fheiceáil.”

PaddocksSigns