Oifigeach Forbartha Pobail Nua Leah Walshe Ceaptha do Bhaile Brigín

Tiocfaidh Leah Walshe i gcomharbas ar Mick Dunne, a raibh an post aige le roinnt blianta. Bhí Leah, atá ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall le cúig bliana anuas, lonnaithe i mBaile Átha Cliath 15 roimhe seo.

 

Tá breis is 20 bliain taithí aici a bheith ag obair le réimse leathan pobal sna hOileáin Fhilipíneacha, sa réigiún Mhuir Chairib, san Astráil agus in Éirinn agus tá cúlra aici sa cheartas sóisialta le béim ar chaighdeáin mhacántachta, eiticí agus ionracais a chaomhnú.

Tá cáilíochtaí acadúla aici san Fhorbairt Pobail Idirnáisiúnta, san Iriseoireacht agus i dTithíocht agus tá taithí fhairsing aici san earnáil shóisialta le béim ar theaghlaigh agus leanaí imirceacha leochaileacha mar aon le tuiscint dhomhain a bheith aici ar an gcóras tearmainn go hidirnáisiúnta agus cás na n-imirceach in Éirinn.

Is éard a dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Is cuid lárnach d'obair Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall í pobail láidre, féintuilleamaíocha agus inmharthana a fhorbairt agus tacaíonn sí le saoránaigh an cheantair pobail níos fearr a chruthú trí chlár tacaíochtaí a chur ar fáil. Fáiltím roimh cheapachán Leah Walshe ina hOifigeach Forbartha Pobail nua do cheantar Bhaile Brigín agus guím gach rath uirthi ina ról nua.”

Dúirt Liam Burke, Stiúrthóir Gníomhach Tithíochta agus Pobail Chomhairle Contae Fine Gall: “Déanann an Oifig Pobail, i gcomhar leis na hionaid pobail atá againn i mBaile Brigín i mBaile an Phléimeannaigh agus i bhFearann an Chaisleáin, rannpháirtíocht an phobail a spreagadh agus de thoradh cheapachán Leah Walshe ina hOifigeach Pobail don cheantar, déanfar an obair sin a éascú ar go leor bealaí.”

Is éard a dúirt Leah Walshe tar éis gur fógraíodh a ceapachán: Tá Baile Brigín ar an bpobal is óige sa tír agus ar cheann de na pobail is éagsúla agus is mó a bhfuil borradh faoi sa tír. Tá go leor láidreachtaí ag baint leis sin, ach is iomaí dúshlán a thagann aníos de bharr athrú tapa taobh istigh de thréimhse ghearr freisin. I m'Oifigeach Pobail i mBaile Brigín, ba mhaith liom deiseanna a chruthú le haghaidh idirghníomhaíocht fhiúntach idir daoine ó gach cineál cúlra. Ba mhaith liom claontacht a mhaolú agus dearcthaí tairbheacha a mhéadú. Is mian liom tacú leis an bpróiseas i leith muinín agus tuiscint a chothú agus ba mhaith liom féiniúlacht choiteann a fhorbairt.

Chuir Leah tús lena cuid oibre sa ról le roinnt seachtainí anuas agus i láthair na huaire tá sí i mbun ullmhúcháin don 22 Deireadh Fómhair, nuair a bheidh srianta COVID-19 laghdaithe go hiomlán ag an Rialtas, agus pleananna á gcur le cheile maidir le fáiltiú athoscailte agus seoladh Mhol Pobail agus Spóirt Fhine Gall i mBaile Brigín lena n-áireofar sraith laethanta oscailte ar a gcuirfear raon grúpaí pobail agus seirbhísí tacaíochta pobail i láthair.