Oíche Chultúir 2021 i bhFine Gall

Bí linn ar Oíche Chultúir agus 'Tagaimis le Chéile Arís' do chlár iontach imeachtaí a bheidh ar siúl i bhFine Gall. Tá gníomhaíochtaí cultúir ar líne agus beo saor in aisce mar chuid de chlár na bliana seo sna hionaid agus láithreacha atá i gceist. Is féidir le lucht spéise de gach aois sult a bhaint as réimse d'imeachtaí ceoil, filíochta, taibhléirithe, ealaíne, turais agus cainteanna atá pleanáilte go speisialta don Oíche Chultúir i bhFine Gall.

 

Culture Night 2021 Brochure

Tá ríméad ar Oifig Ealaíon Fhine Gall dhá imeacht speisialta a chur i láthair; turas leis an léiritheoir Marysia Wieckiewicz Carroll ó New Considerations of Familiar Settings, taispeántas ealaíne comhaimseartha don chéad chlár 'GUEST' ag Teach Newbridge agus taispeáint 'A Burning Tide', ag Cuan Loch Sionnaigh.   Beidh stiúideonna nuabhunaithe Chaisleán Ard Giollán d'ealaíontóirí oscailte do chuairteoirí agus beidh deis acu aithne a chur ar na healaíontóirí agus dearthóirí atá lonnaithe anois sna stiúideonna saincheaptha sa chaisleán.

Óstáilfidh Leabharlanna Fhine Gall imeacht filíochta agus ceoil ar líne a mbeifear ábalta teacht air trí Chainéal YouTube Leabharlann Fhine Gall agus cuirfidh Our Balbriggan fáilte roimh chuairteoirí le féachaint ar an taispeántas grianghrafadóireachta atá acu ina leagtar béim ar chósta álainn Bhaile Brigín. Cuirfidh Caisleán Shoird taibhléiriú taispeána ar líne i láthair maidir le píosa nua-chumtha ceoil ina ndéantar comórtha ar bhreith Naomh Colm Cille.

Reáchtálfaidh Institiúid Ceoil agus Amhrán na hÉireann, saoráid ceoil den scoth i mBaile Brigín, bealach ceoil trína campas agus cuirfidh Réadlann Dhún Sinche DIAS oíche fhíorúil faoi na réaltaí i láthair lena n-áirítear cainteanna 'ar luas an tsolais' ar líne. Is féidir le cuairteoirí dul ag spaisteoireacht trí limistéir áille taobh istigh Chaisleán Mhullach Íde, ceann de na maoine oidhreachta is fearr i bhFine Gall.

Chun féachaint ar na himeachtaí go léir a bheidh ar siúl d'Oíche Chultúir i bhFine Gall, cliceáil ar an nasc chun clár Oíche Chultúir 2021 Fhine Gall a fháil.

Is féidir liosta iomlán de na himeachtaí a bheidh ar siúl go náisiúnta a fháil ach féachaint ar http://www.culturenight.ie nó is féidir treoir Oíche Chultúir a íoslódáil anseo.

Tá imeachtaí Oíche Chultúir saor in aisce ach d'fhéadfadh teorainn a bheith ar an líon daoine a mbeidh cead isteach acu i roinnt ionad mar gheall ar shrianta reatha COVID-19 agus d'fhéadfadh gá a bheith le háirithint a dhéanamh roimh ré. Beifear ag cloí le bearta scartha sóisialta d'imeachtaí beo/turais i gcomhréir le treoirlínte an Rialtas ar COVID-19. Seiceáil leis na hionaid sula dtagtar i láthair mar go bhfuil imeachtaí beo faoi réir athrú.