Ó chuan go leigheas: Tá Binn Éadair ag Seoladh i dtreo na Folláine

The Sailing into Wellness initiative has set sail from Howth, providing people in recovery with a programme that combines physical activity, teamwork, and time on the water in an effort to boost mental and physical wellbeing.

The Fingal Sailing into Wellness Programme has officially set sail from Howth

Tá Clár Fhine Gall um Sheoladh i dtreo na Folláine faoi lán seoil go hoifigiúil anois, agus buntáistí teiripeacha na mara á dtabhairt do rannpháirtithe atá i mbun téarnaimh. Tacaíonn Fine Gall Shláintiúil leis an tionscnamh, a bheidh ar siúl gach Aoine ar feadh ceithre seachtaine ó Chlub Luamhaireachta Bhinn Éadair, áit a dtairgfear deis do rannpháirtithe ó Thascfhórsa Drugaí Bhaile Átha Cliath Thuaidh muinín, obair bhuíne, iontaoibh agus athléimneacht a thógáil tríd an tseoltóireacht.

Is é Colin Healy a rinne an tionscnamh claochlaitheach seo a bhunú agus a fhorbairt, agus clár Bhinn Éadair á reáchtáil ag roinnt eagraíochtaí atá ag obair i gcomhar, lena n-áirítear Sailing into Wellness, Comhairle Contae Fhine Gall, Tascfhórsa Drugaí Bhaile Átha Cliath Thuaidh agus Club Luamhaireachta Bhinn Éadair. 

I measc na ndaoine a bhí i láthair ag an ócáid seolta bhí an Comh. Gráinne Maguire, Leas-Mhéara Fhine Gall, an Teachta Tom Brabazon TD do Dháilcheantar Chuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh, agus geallsealbhóirí an tionscnaimh.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an Comh. Gráinne Maguire, Leas-Mhéara Fhine Gall: “Is údar spreagtha é tionscnaimh amhail Seoladh i dTreo na Folláine a fheiceáil anseo i bhFine Gall. Ní hé amháin go gcuirtear meabhairshláinte dhearfach chun cinn leis an gclár sin, ach cabhraítear leis freisin le muinín, nasc agus braistint gnóthachtála a thógáil i measc na rannpháirtithe. Is sampla iontach é de chomhpháirtíocht pobail a thacaíonn le téarnamh agus le folláine.”

The Fingal Sailing into Wellness programme gives an opportunity to build confidence, teamwork, trust and resilience through sailing

Dúirt Niall McGuirk, Comhordaitheoir Fhine Gall Shláintiúil: “Le Seoladh i dTreo na Folláine, cuirtear timpeallacht uathúil chumhachtach ar fáil do dhaoine atá i mbun téarnaimh. Trí ghníomhaíocht fhisiciúil, obair bhuíne agus am ar an uisce a chomhcheangal, cuirtear folláine mheabhrach agus folláine fhisiciúil araon chun cinn leis an gclár, agus naisc phobail á neartú ag an am céanna.”

Oibríonn Fine Gall Shláintiúil chun sláinte agus folláine fhoriomlán na ndaoine atá ina gcónaí i limistéar Fhine Gall a fheabhsú trí thacú le tionscadail atá faoi stiúir an phobail, trí ghníomhaíocht fhisiciúil a spreagadh, trí mheabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn, agus trí thacú le laghdú ar alcól agus le scor ón tobac. Tá an tionscnamh ‘Seoladh i dTreo na Folláine’ ina léiriú ar thiomantas Fhine Gall Shláintiúil do chláir chuimsitheacha nuálacha lena nasctar daoine, lena neartaítear athléimneacht, agus lena gcruthaítear pobail níos sláintiúla ar fud an réigiúin.

Má éiríonn leis an gclár, táthar dóchasach go leathnófar é sa bhliain 2026 chun deis a thabhairt do níos mó daoine fós atá ag baint leas as Seirbhísí an Tascfhórsa Drugaí tairbhe a bhaint as an taithí uathúil seo a athróidh a saol.