Mullach Íde faoi Bhláth le Lá Spóirt, Spraoi agus Spiorad Pobail ag Féile Spóirt Fhine Gall

Ag an 3ú himeacht bliantúil d’Fhéile Spóirt Fhine Gall, cuireadh fáilte roimh na mílte daoine 
a chónaíonn i bhFine Gall chuig Caisleán agus Gairdíní Mhullach Íde an 9 Lúnasa. Ghlac an 
lucht freastail páirt i spóirt éagsúla agus i ngníomhaíochtaí éagsúla, amhail rugbaí, cispheil 
agus tógáil meáchan, galf diosca, agus liathróid láimhe CLG. Rinne 25 Chomhlacht Rialaithe 
Náisiúnta san iomlán de chuid Spórt Éireann ionadaíocht dá spórt ag an bhféile, rud a thug 
lear deiseanna spóirt saor in aisce do phobal Fhine Gall ag an lá gníomhaíochta spóirt is mó 
i mBaile Átha Cliath

The 3rd annual Fingal Sports Festival welcomed thousands of Fingal residents to Malahide Castle & Gardens on 9 August. Attendees partook in a variety of sports and activities ranging from rugby and basketball to weightlifting, disc golf, and GAA handball. A total of 25 Sport Ireland National Governing Bodies represented their sport at the festival, which provided the Fingal community with endless free sporting opportunities at none other than Dublin’s biggest sports activity day.

Le Féile Spóirt Fhine Gall, rinneadh áit spóirt, folláine agus spraoi de Chaisleán Mhullach 
Íde. Bhí an t-imeacht ionchuimsitheach saor in aisce seo ar oscailt do gach duine, beag 
beann ar aois agus ar chumas, agus bhí rud éigin ann do gach leanbh, do gach tuismitheoir, 
agus do gach lúthchleasaí.


D’fhreastail an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall, ar an imeacht agus labhair sé le go 
leor de na daoine a bhí ag freastal ar an bhféile agus le hionadaithe ó na Comhlachtaí 
Rialaithe Náisiúnta. “Is iontach an rud é Caisleán agus Gairdíní Mhullach Íde a fheiceáil agus 
an áit beo le spórt, le fuinneamh, agus le spiorad pobail. Ag Féile Spóirt Fhine Gall, tugtar 
deis do gach duine, beag beann ar aois agus ar chumas, triail a bhaint as rud éigin nua, a 
bheith gníomhach, agus spraoi a bheith acu le chéile. Is sampla iontach é den dóigh ar 
féidir leis an spórt pobail a thabhairt le chéile, agus ba mhaith liom comhghairdeas a 
dhéanamh le hOifig Spóirt Fhine Gall as imeacht chomh rathúil sin a dhéanamh di.”

 

 Mayor of Fingal, Cllr Tony Murphy at FSF 2026

Chomh maith le go leor gníomhaíochtaí spóirt, bhí Paráid Rothaíochta ar siúl ag an bhféile, 
a thosaigh ar an tSráid Nua, le caoinchead ó Roinn Taistil Ghníomhaigh Fhine Gall. Bhí 
ranganna beo ar siúl ar fud an lae. Ina measc siúd bhí taispeántas ParkFit, Ióga as Gaeilge, 
Aclaíocht Teaghlaigh, agus DanceFit.

 FSF 2026

Don tríú bliain i ndiaidh a chéile, d’éirigh go geal le Féile Spóirt Fhine Gall. Dúirt Nuala 
Casey, Comhordaitheoir Chathracha Gníomhacha Fhine Gall: “Is é seo anois 
príomhimeacht Oifig Spóirt Fhine Gall agus tugann sé deis dúinn na gníomhaíochtaí atá 
le tairiscint ag Fine Gall a thaispeáint, agus níl aon amhras ann ach gurb é an t-imeacht 
iontach seo an bealach is fearr chun clabhsúr a chur lenár Sraith Samhraidh clár 
lasmuigh don bhliain 2026!”


Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Thionscnaimh Spóirt Fhine Gall, féach: Oifig Spóirt 
Fhine Gall