Moltar don phobal aighneachtaí a dhéanamh ar Dhréacht-Straitéis Crann d’Fhine Gall, Foraois Fhine Gall

Tá an Comhairliúchán Poiblí ina sheachtain deiridh anois agus críochnóidh sé ar an 28 Márta, a bheidh i gcomhthráth le Seachtain Náisiúnta na gCrann 2021 a ritheann ón 21 Márta go dtí an 27 Márta.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag spreagadh aighneachtaí agus barúlacha ar Dhréacht-Straitéis Crann d’Fhine Gall, Foraois Fhine Gall mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí atá ag dúnadh go gairid.

Tá an Comhairliúchán Poiblí ina sheachtain deiridh anois agus críochnóidh sé ar an 28  Márta, a bheidh i gcomhthráth le Seachtain Náisiúnta na gCrann 2021a ritheann ón 21 Márta go dtí an 27 Márta.

Léireoidh an t-athbhreithniú ar Straitéis Crann Fhine Gall tiomantas leanúnach na Comhairle i leith acmhainní agus sócmhainní nádúrtha luachmhara an Chontae a chosaint. Feabhsaíonn crainn sláinte agus folláine ár saoránach agus cailíocht na beatha agus cabhróidh siad le todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach i bhFine Gall.

Tá sé i gceist leis an gcomhairliúchán deis a thabhairt don phobal na cuspóirí, na beartais, agus na gníomhartha a leagtar amach sa Dréacht-Straitéis a scrúdú agus athruithe a mholadh de réir mar is cuí.

B’fhéidir nach raibh meas chomh fairsing riamh ar an iliomad buntáistí a bhaineann le crainn agus a bhí le 12 mhí anuas.

Tuigtear níos mó go bhfuil bonneagar glas lena n-áirítear crainn, fálta sceach agus spásanna oscailte ina ngnéithe ríthábhachtacha de shochaí inbhuanaithe agus sláintiúil.

Bainistíonn an Chomhairle níos mó ná 2,000 heicteár de spás oscailte poiblí agus tá seastáin shuntasacha coillearnach ag go leor páirceanna poiblí sa chontae a bhfuil tírdhreacha tábhachtacha agus íocónacha iontu go minic.

Tá thart ar 70,000 crann ag Fine Gall freisin ar shráideanna agus i spásanna oscailte cónaithe, a bhfuil an chuid is mó díobh á gcothabháil ag an údarás áitiúil.

Aithníonn an Chomhairle an chaoi a chuidigh crainn uibeacha suntasacha agus spás glas le tírdhreach bailte agus sráidbhailte ar fud an chontae a mhúnlú. 

Ullmhaíodh an Dréachtcháipéis Straitéise Crann i gcomhthéacs Phlean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide na Comhairle 2019-2024, an Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta agus an Straitéis Spáis Oscailte.

Is féidir an Dréacht-Straitéis a fheiceáil ar an tairseach comhairliúcháin ar líne áit ar féidir leat do bharúil a thabhairt ar a bhfuil ann ag https://consult.fingal.ie/browse nó i scríbhinn chuig: Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Roinn Pleanála & Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co Bhaile Átha Cliath K67 X8Y2

Le srianta Leibhéal 5 fós i bhfeidhm le linn Seachtain Náisiúnta na gCrann 2021, ar an drochuair ní bheidh aon imeachtaí poiblí gaolmhara.

D’fhonn ceiliúradh a dhéanamh ar an tseachtain, plandálfaidh an Chomhairle crainn darach eiseamláireacha dúchasacha mar chomóradh ar ghaolta caillte ag gach ceann de na páirceanna seo a leanas:

·       Diméin Ard Giolláin

·       Diméin an Droichid Nua

·       Diméin Sheantraibh

·       Diméin Mhullach Íde

·       Páirc San Caitríona i Leamhcán

·       Páirc na Mílaoise

·       Páirc Ghleann Abhainn an Bharda