An meath le haisiompú faoin mbliain 2030 ag plean fadréimseach na bithéagsúlachta

Tá sé mar aidhm ag Chomhaile Contae Fhine Gall stop a chur le caillteanas na bithéagsúlachta sa seacht mbliain atá romhainn agus a chabhrú lena chinntiú go mbeidh na glúine atá le teacht in ann taitneamh a bhaint as raon éagsúil na ngnáthóga, na bplandaí agus na n-ainmhithe atá againn faoi láthair. Léigh tuilleadhhttps://www.fingal.ie/biodiversity-fingal

Fingal wants to halt biodiversity loss over and help ensure that future generations can enjoy much of what we take for granted today.

Tá Plean nua Gníomhaíochta na Bithéagsúlachta  arna fhoilsiú d’Fhine Gall a bhfuil mar aidhm aige stop a chur le caillteanas na bithéagsúlachta sa seacht mbliain atá romhainn agus a chabhrú lena chinntiú go mbeidh na glúine atá le teacht in ann taitneamh a bhaint as raon éagsúil na ngnáthóga, na bplandaí agus na n-ainmhithe atá againn faoi láthair.

Tugann an plean fairsing seo aghaidh ar dhúshláin na bithéagsúlachta ar nós caillteanas na ngnáthóga, díghrádú agus meath na speiceas, agus díríonn sé ar an bhithéagsúlacht a fheabhsú agus a chosaint i gceantair uirbeacha agus tuaithe araon. Agus straitéisí idirnáisiúnta agus náisiúnta na bithéagsúlachta á n-imeascú aige, leagann sé amach clár uaillmhianach le 100 gníomh ar leith aige chun laghdú na bithéagsúlachta a aisiompú faoin mbliain 2030, rud a fhágann Fine Gall mar an gcéad údarás áitiúil in Éirinn i ndiaidh gealltanas dá leithéid a thabhairt.

Agus é díríthe ar phríomhthéamaí ar nós líonra éiceolaíoch a fhorbairt, tábhacht na bithéagsúlachta sa phleanáil uirbeach, an oiriúnú d'athrú na haeráide, agus rannpháirtíocht an phobail i gcaomhnú na bithéagsúlachta, cuireann an plean béim ar iarrachtaí i gcomhar leis na geallseilbhóirí éagsúla, lena n-áirítear pobail na háite, cur chuige cuimsitheach a chur i bhfeidhm maidir le hoidhreacht nádúrtha Fhine Gall a chaomhnú.

Agus iarrachtaí gach éinne a chuidigh le forbairt an phlean á mholadh aige, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Leagann an Plean Gníomhaíochta seo fís spreagúil amach don bhithéagsúlacht i bhFine Gall chomh maith le creat inar féidir le Fine Gall fás inbhuanaithe a bhaint amach. Caithfear aird cheart a thabhairt ar tábhacht na bithéagsúlachta - is ríthábhachtach é dúinn ár mbithéagsúlacht a chaomhnú chun timpeallacht láidir a chothabháil, ní hamháin a chothaíonn beatha agus folláine an duine ach a thacaíonn le cobhsaíocht an gheilleagair sa phobal chomh maith.”

Leagann plean nua na gníomhaíochta  béim ar an ról riachtanach a imríonn an dúlra i bhforbairt Fhine Gall amach anseo agus ar an leas ollmhór a thugann am bhithéagsúlacht do shaol gach éinne. Sé an sprioc ná Contae a chothú a bhfuil rath air sa bhithéagsúlacht, a chinntíonn go mbeidh rochtain ag glúine an lae inniu agus le teacht ar iontas an dúlra atá ar leac dorais acu.

Agus í ag cur béime ar an ngealltanas aici maidir le timpeallachtaí, pobail agus geilleagair rathúla a chothú a théann chun sochair mhuintir Fhine Gall, tá Oifigeach Bithéagsúlachta, Oifigeach Bithéagsúlachta Cúnta agus Oifigeach Bithéagsúlachta Mara le hearcú ag an gComhairle go luath sa bhliain 2024.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tugann Plean Gníomhaíochta na Bithéagsúlachta deis iontach dúinn ár gcuid chleachtas oibre féin a scrúdú agus ról ceannróideach a ghlacadh maidir le tionscadail taispeána a fhorbairt ar conas eastáit tithíochta a gcuimsíonn an dúlra a dhearadh, bhithéagsúlacht na bhfearann páirce agus na spásanna oscailte a bhainistiú agus conas cáilíocht uisce ár gcuid aibhneacha agus ár gcuid inbhear a fheabhsú.”

Caitheadh thart ar €1 milliún ar thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na bithéagsúlachta i bhFine Gall i rith na bliana 2023, lena n-áirítear oibreacha ar labhrais silíní a bhaint de Ghleann Abhainn an Bharda agus oibreacha athchóirithe ag Diméin Naomh Íde agus ag Páirc Dúlra Thuirbhe. Idir an dá linn, chríochnaigh Ollscoil Exeter tionscadal maidir le rianú Satailíte na gCadhan a chuir flúirse an eolais ar fáil faoin gcaoi a chaitheann na héin seo an geimhreadh anseo, agus thug an Chomhairle tacaíocht freisin d'oibrithe deonacha de chuid Chairde Éanlaith Éireann leis an ionscadal  na Geabhróige Bige acu i bPort Reachrann inar tháinig 13 ghearrcach amach an samhradh seo.

birds flying over green landscape

Dar leis an Ollamh Yvonne Buckley, Cathaoirleach Fhóram na Bithéagsúlachta Fhine Gall, agus Comhstiúrthóir an Ionad na hAeráide+, na Bithéagsúlachta agus an Uisce i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: “Tá sé ríthábhachtach na héiceachórais a chosaint agus a athchóiriú chun athrú na haeráide a mhaolú agus chun oiriúnú do na rioscaí a d'fhéadfadh teacht as athrú na haeráide. Is cúis iontais dom imeascú gníomhaíochta ar son na haeráide agus na bithéagsúlachta a fheiceáil i bPlean Bithéagsúlachta Fhine Gall trí thionscadail um athchóiriú na aibhneacha, na mbogach agus na n-inbhear a chur i bhfeidhm. Déanann na gnáthóga seo méid suntasach an charbóin a fhorlámhú agus, ag an am céanna, tionchar imeachtaí na hollbháistí agus an triomaigh a laghdú."

Ag féachaint ar aghaidh ar an an mbliain seo chugainn, tá pleananna ann comhpháirtíocht a bhunú agus plean oibriúcháin a fhorbairt maidir le hOrdú Ceantar Áise Ar Leith Ghleann na Life, athchóiriú na bithéagsúlachta a dhéanamh ar thrí eastát tithíochta, tionscnamh athchóirithe bogaigh a thosú ag Portach an Fháinne, seachchonair éisc a thógáil i nGleann Abhainn an Bharda, ardáin pórúcháin na gCoirneach a chur suas, agus cáipéisí treoraigh a ullmhú d'fhonn an bhithéagsúlacht a imeascú i bhforbairtí nua na tithíochta.

Ag cabhrú le plean na bithéagsúlachta a sheoladh, dúirt an tAire Stáit an Dúlra, na hOidhreachta agus Athchóiriú na dToghcháin, Malcolm Noonan TD: “Ceist fhíorphráinne dúinn is ea déileáil le caillteanas suntasach na ngnáthóga agus na speiceas ar fud na tíre. Tuigimid go léir go bhfuil gá le hathrú ó bhonn chun stop a chur le caillteanas na bithéagsúlachta trí smaointe úra, trí chomhghníomhaíocht agus trí mhúnlaí nua um chaomhnú an dúlra a chur i bhfeidhm. Gnóthas uaillmhianach ach indéanta atá i bPlean Gníomhaíocht na Bithéagsúlachta Fhine Gall agus táim ag tnúth lena chur i bhfeidhm.”

Tá tuilleadh eolais faoi Plean Gníomhaíocht na Bithéagsúlachta Fhine Gall le fáil ar raon na n-agallamh seo ag: https://www.youtube.com/watch?v=Zq8JjiHKV8c

The Fingal Biodiversity Action Plan is an ambitious but achievable