Maoiniú suntasach LEADER ceadaithe do Thionscadail Nua i gCeantar Tuaithe Fhine Gall

Fuarthas infheistíocht shuntasach do thionscadail Fhine Gall ag Cruinniú Ceaduithe LEADER Cheantar Tuaithe Bhaile Átha Cliath is déanaí.

St Maurs Leader Funding

Fuarthas infheistíocht shuntasach do thionscadail Fhine Gall ag Cruinniú Ceaduithe LEADER Cheantar Tuaithe Bhaile Átha Cliath is déanaí. Cheadaigh Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil LEADER Cheantar Tuaithe Bhaile Átha Cliath, a dhéanann maoirseacht ar an gClár LEADER i mBaile Átha Cliath, maoiniú €230,748.76 do 5 thionscadal nua i mBaile Átha Cliath ag a gCruinniú Ar Líne i mí na Samhna. Tugann sé seo líon iomlán na dtionscadal a ceadaíodh le linn Chlár Aistrithe LEADER go 15 ó thosaigh sé an 1 Aibreán, 2021, le luach iomlán €543,984.52. 

Tá na tionscadail cheadaithe i réimsí na Forbartha Eacnamaíochta, na Timpeallachta Tuaithe agus an Chuimsithe Sóisialta.
 

D’fháiltigh Príomhfheidhmeannach Chomhpháirtíocht LEADER Fhine Gall, Eilish Harrington, roimh cheadú na 5 thionscadal. “Tionscadail den scoth iad uile a chuir feabhas ar sheirbhísí i mbailte agus i sráidbhailte tuaithe Fhine Gall. Tá sé iontach pobail a fheiceáil ag baint leasa as maoiniú LEADER chun cabhrú lena gcuid taitneamhachtaí a fhorbairt agus a fhás, go háirithe le linn na n-amanna deacra ina bhfuilimid go léir faoi láthair. Mholfainn do níos mó pobail agus gnólachtaí tuaithe teagmháil a dhéanamh le LEADER chun leas a bhaint as na cistí atá fágtha le linn na 14 mhí atá romhainn."

 

Is iad na tionscadail atá ceadaithe le haghaidh maoinithe:

€24,063.75 ceadaithe do Bhéilí ar Rothaí Bhaile Brigín do limistéar bia faoin aer a chabhróidh go mór le soláthar béilí dá gcliaint i suíomh sábháilte faoin aer.

Balbriggan Meals on Wheels

€24,354.00 do CLG Ionad Pobail Dhomhnach Bat do Staidéar Féidearthachta chun riachtanais na ngrúpaí atá ann cheana a úsáideann na saoráidí a ghabháil chun cabhrú leo agus iad a threorú d'fhonn leathnú ar aon dul le riachtanais an phobail.

€89,154.58 do Club CLG St Maur's an Rois chun bailiú báistí agus uisciú a shuiteáil in áitreabh Chlub CLG St Maur agus le húsáid ar na páirceanna. Laghdóidh an Tionscadal an t-éileamh ar an soláthar uisce poiblí agus laghdóidh sé an méid uisce a théann isteach sa chóras draenála poiblí.

St Maurs Leader Funding

€47,051.43 do CLG Chlub Dornálaíochta Bhaile Bachaille chun Áitribh Chlub Dornálaíochta Bhaile Bachaille a uasghrádú.          

Ballyboughal boxing club

€46,125.00 do CLG Turasóireachta na Sceirí d'Imeacht Winter in Skerries ón 1 Nollaig, 2021, go dtí an 1 Eanáir, 2022. Tá sé i gceist go ndéanfar roinnt áiteanna ar fud na Sceirí a chlaochlú le híomhánna ildaite agus taispeántais soilsithe chun misneach a thabhairt do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon tar éis an méid atá tarlaithe le 18 mí anuas. Táthar ag súil go mbeidh soilse geimhridh na Sceirí ina gcuid thábhachtach de thraidisiún áitiúil na Nollag agus é mar phríomhaidhm againn líon na gcustaiméirí agus gníomhaíocht eacnamaíoch a mhéadú.

Skerries Scene 1

Ag fáiltiú di roimh an bhfógra maoinithe is déanaí, dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Seána Ó Rodaigh “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an nGrúpa Gníomhaíochta Áitiúil as a thacaíocht le Tionscadail Fhine Gall a chumasóidh forbairt leanúnach na bpobal inbhuanaithe inár gceantair thuaithe’.

Dúirt Laurence Ward ó Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus Cathaoirleach reatha Ghrúpa Gníomhaíochta Áitiúil LEADER Cheantar Tuaithe Bhaile Átha Cliath gur nuacht iontach í an cinneadh infheistíochta ‘do Cheantar Tuaithe Bhaile Átha Cliath agus Fhine Gall  agus gur borradh mór é dár gceantair thuaithe le linn tréimhse an-dúshlánach.'

Ag trácht di ar thoradh an chruinnithe dúirt Emer O'Gorman, Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Eacnamaíoch, Fiontar, Turasóireachta agus Cultúir Chomhairle Contae Fhine Gall go leanann ‘LAG LEADER Cheantar Tuaithe Bhaile Átha Cliath agus Chomhairle Contae Fhine Gall ag obair le chéile chun tacú le hinfheistíocht inár gceantair thuaithe. Cuidíonn an cur chuige comhpháirtíochta seo chun tacú lenár bpobail agus tugann sé spreagadh a bhfuil géarghá leis don gheilleagar áitiúil.'

Ghabh Declan Ryan, Bainisteoir LAG, buíochas le baill LAG as a dtacaíocht leanúnach le ceadú na dtionscadal agus dúirt sé go bhfuil ‘an Clár Aistrithe LEADER reatha ar an mbóthar ceart chun a mhaoiniú leithdháilte iomlán a sheachadadh do thionscadail nua faoi dheireadh 2022. Leanfaidh LAG LEADER Cheantar Tuaithe Bhaile Átha Cliath ag soláthar infheistíochta nua i gceantair thuaithe in 2022 agus tá smaointe agus tograí nua tionscadail á lorg aige go gníomhach maidir leis seo.'