Maoiniú nua de €48,600 bronnta ar an Ionad Cultúrtha i Lusca

Fáiltíonn Comhairle Contae Fhine Gall roimh an dámhachtain de €48,600 mar mhaoiniú nua do thionscadal an Ionaid Chultúrtha i Lusca.

Lusk Stone

Fáiltíonn Comhairle Contae Fhine Gall roimh an dámhachtain de €48,600 i maoiniú nua do thionscadal an Ionaid Chultúrtha i Lusca. Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an maoiniú ar fáil faoi Bheart Forbartha an Tionscadail de chuid Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2021. Tá an maoiniú dírithe ar chabhrú le pobail trí fheabhsúcháin ar spásanna poiblí a phleanáil agus a aithint mar aon le béim ar thacú le roghanna cianoibre i bpobail tuaithe.  Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tnúth le bheith ag obair le Comhairle Pobail Lusca i seachadadh an tionscadail a rachaidh chun sochair an phobail i gcoitinne i Lusca agus sna ceantair máguaird. Cuirtear an maoiniú ar fáil chun réamhoibreacha imscrúdaithe láithreáin agus staidéir phleanála a dhéanamh chun éascú a dhéanamh ar fhorbairt Chéim a Dó do thionscadal Ionad Cultúrtha Lusca go céimeanna pleanála agus tógála.

Ag fáiltiú roimh fhógra an mhaoinithe nua ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphries, TD, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, “Fáiltím roimh fhógra an Aire. Tá maoiniú ón Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte an-chabhrach maidir le feabhsú leanúnach an réimse phoiblí sa chontae.” 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, “Tá Fine Gall i gcónaí ag iarraidh oibriú le pobail áitiúla chun tionscadail a chur chun cinn chun dul i ngleic le tréigean agus chun bailte agus sráidbhailte áitiúla a dhéanamh níos bríomhaire. Tréaslaíonn an Chomhairle le Lusca as a n-iarratas rathúil agus tá sí ag tnúth le dul chun cinn an tionscadail a fheiscint." 

Dúirt Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta agus Cultúir Chomhairle Contae Fhine Gall, Emer O’Gorman: “Is dea-scéal eile é seo maidir le maoiniú a fuarthas do cheantair áitiúla i bhFine Gall, agus cuireann sé le dámhachtainí maoinithe eile do Lusca le déanaí faoin mBeartas nua Lár an Bhaile ar dTús. Tá an Chomhairle ag tnúth le bheith ag obair le Comhairle Pobail Lusca ar an tionscadal seo.” 

Cuirtear an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte ar fáil tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun forbairt tuaithe agus pobail a chur chun cinn agus chun tacú le pobail bhríomhara, uilechuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann.