Maoiniú nua chun cabhrú le gníomhaíochtaí amuigh faoin aer i bhFine Gall a threisiú

castleknock

Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall roimh mhaoiniú nua atá fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD a chuideoidh le forbairt áiseanna amuigh faoin aer sa Chontae..

Tacóidh leithdháileadh os cionn €150,000 d’Fhine Gall faoin Scéim um Bonneagar Caitheamh Aimsire Lasmuigh (SBCAL) le cur chun cinn cosáin siúlóide, rochtain trá agus breathnófar ar fhéidearthacht linn snámha taoide. Bunaithe in 2016, cuireann SCBAL maoiniú ar fáil d’fhorbairt infrastruchtúir le haghaidh áineasa lasmuigh chun stíleanna maireachtála sláintiúla agus turasóireacht eachtraíochta a chur chun cinn ar fud na tuaithe in Éirinn

Clúdaíonn an maoiniú ceithre thionscadal ar fud Fhine Gall:

  • Conair Siúlóide Stairiúil Bhaile Brigín: Pointí bealaigh nua easbhóthair a sholáthar (€28,800)
  • Linn Taoide Bhaile Brigín: Staidéar féidearthachta do linn snámha taoide (€50,000)
  • Caisleán Cnucha: Conair siúlóide stairiúil a fhorbairt (€23,400)
  • Trá Bhaile Scadán (Rochtain Uilíoch): Staidéar féidearthachta don trá scoite i mBinn Éadair.

Ag fáiltiú roimh an maoiniú, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: “Is iontach an scéal é seo a chabhróidh linn roinnt tionscadal fiúntach a chur chun cinn i gceantair éagsúla i bhFine Gall. Cabhraíonn sé linn Fine Gall a dhéanamh níos glaine, níos glaise agus níos sláintiúla do chách trí bheith in ann áiseanna áitiúla dár bpobail a fheabhsú agus a bhfuil ar fáil do chuairteoirí a fheabhsú.”

“Tá lúcháir ar leith orm maoiniú a fheiceáil ag dul i dtreo conair oidhreachta a fhorbairt i gCaisleán Cnucha a laghdóidh líon na gcuairteoirí chuig Páirc an Fhionnuisce agus Teach Farmleigh agus a thabharfaidh deis dóibh taithí a fháil ar an timpeallacht nádúrtha agus thógtha atá le fáil sa cheantar.”

 

Dúirt Ethna Felten, Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Comhlánaíonn an maoiniú nua seo iarrachtaí na Comhairle tacú lenár mbailte agus sráidbhailte agus iad ag iarraidh daoine a spreagadh le dul amach agus taitneamh a bhaint as na láithreacha iontacha lasmuigh atá againn sa Chontae. Táim ag tnúth leis na tionscadail éagsúla a fheiceáil ag dul ar aghaidh.”

 

Mar chuid d’fhógra an Aire inniu, úsáidfear beagnach €4.3 milliún chun thart ar 163 áis lasmuigh ar fud na tíre a fheabhsú, agus infheisteofar maoiniú breise freisin i 37 dtionscadal lasmuigh atá ag céim luath forbartha faoi láthair. Cuirfidh an infheistíocht nua go mór leis na geilleagair áitiúla trí chuairteoirí a mhealladh agus cáil na hÉireann mar cheann scríbe turasóireachta eachtraíochta a chur chun cinn.