Maoiniú d’Fhine Gall ó Chiste na Séadchomharthaí Pobail

St Catherine Church

Roinnfidh sé shuíomh oidhreachta seandálaíochta i bhFine Gall €391,648 san iomlán ó Chiste na Séadchomharthaí Pobail 2022 chun cabhrú lena gcuid oibreacha agus lena gcláir suirbhéireachta.

Gheobhaidh Túrtheach an Ros, Eaglais Naomh Caitríona, Ceann Iúir, Eaglais Naomh Mearnóg, Port Mearnóg agus Eaglais Naomh Colmáin & Cloigtheach Shoird deontas de €85,000 an ceann, faoi Shruth 1 a mhaoineoidh oibreacha comhdhlúthaithe riachtanacha. Faoi Shruth 2 Coill an Mhóta, gheobhaidh an Aill €30,000 agus gheobhaidh Cloigtheach Baile an Ridire €21,648 le haghaidh suirbhéanna agus pleananna caomhnaithe a bheidh mar bhonn eolais d’oibreacha sa todhchaí agus a chabhróidh le léirmhíniú oidhreachta.

Dúirt an Méara d’Fhine Gall an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh:

“Fáiltím roimh an maoiniú suntasach seo a chuideoidh le hoidhreacht shaibhir seandálaíocht Fhine Gall a chosaint ar éifeachtaí an athrú aeráide agus a thacóidh freisin leis an obair luachmhar atá á dhéanamh ar an talamh ag grúpaí pobail.”

Dúirt an tOifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker:

“Tá lúcháir orm deontais faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail a d’fhógair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a fheiceáil. Is í Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall a riarann an maoiniú d’Fhine Gall agus táim ag tnúth le bheith ag obair leis na grúpaí pobail, le comhghleacaithe agus le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sna míonna amach romhainn chun na séadchomharthaí seandálaíochta seo a chosaint agus a chaomhnú don todhchaí.”

Ag tógáil ar thionchar na scéime anuraidh tá tacaíocht á tabhairt do 128 tionscadal le hinfheistíocht iomlán de €6 milliún:

“chun tacú le caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur chun cinn séadchomharthaí áitiúla agus láithreáin stairiúla.”

Faoi thrí shruth maoinithe tacaíonn Ciste na Séadchomharthaí Pobail le raon leathan beart atá dírithe ar shéadchomharthaí seandálaíochta a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear oibreacha deisiúcháin chaomhnaithe éigeandála ar shéadchomharthaí, deisiú saoirseachta, forbairt Pleananna Bainistíochta Caomhnaithe, bonneagar rochtana agus suiteáil comharthaíochta léirmhínithe, agus tionscadail meáin shóisialta atá dírithe ar eolas ar oidhreacht seandálaíochta na hÉireann a scaipeadh.

Dúirt an tAire Oidhreachta, Malcolm Noonan T.D.:

“Ba mhaith liom ár Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta a mholadh as a n-iarracht ollmhór i mbainistiú na scéime agus na hÚdaráis Áitiúla as a dtacaíocht dochreidte le hiarratais a riar. Tá áthas ar leith orm go bhfuil muid ag cabhrú le freastal ar uaillmhian na bpobal áitiúil ar fud na hÉireann maidir lena n-oidhreacht seandálaíocht a chosaint”

 

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le hOifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker 0867784669

 

Moat wood