An líon freastalaithe is mó riamh ar an Taispeántas Scileanna Idirbhliana ‘Fiosraigh do Thodhchaí’

Chuaigh an líon is mó daltaí Idirbhliana riamh ó 22 scoil i bhFine Gall chuig an Helix chun freastal ar an Taispeántas Scileanna Idirbhliana ‘Fiosraigh do Thodhchaí’, atá ar an bhfód le trí bliana anuas agus a chabhraíonn le daltaí Idirbhliana earnálacha agus deiseanna a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach dóibh a aimsiú.
Óstálann Comhairle Contae Fhine Gall an t-imeacht in aisce seo chun cabhrú le mic léinn cinntí eolacha a dhéanamh ar a dtodhchaí trí léargais phraiticiúla, agus tugtar deis dóibh lena linn conairí éagsúla gairme a fhiosrú agus bualadh le daoine óga atá i mbun oibre agus staidéir sna réimsí sin cheana féin.
Tá ‘Fiosraigh do Thodhchaí’ ar an aon imeacht dá leithéid atá á reáchtáil ag údarás áitiúil in Éirinn agus, a bhuí leis an imeacht, tugtar taispeántais theagmhálacha, léargais ó phiara go piara agus treoir phraiticiúil le chéile faoin aon díon amháin, agus é ag oscailt doirse le haghaidh roghanna i dtionscail STEM, i dtionscail chruthaitheacha, sa tseirbhís phoiblí, i gceirdeanna, agus mar sin de.

Tá an t-imeacht ag dul ó neart go neart agus, i mbliana, bhí 2,557 ndalta ó 22 scoil i láthair aige. Le linn an imeachta, bhí deis ag na daltaí idirghníomhú le taispeántóirí ó réimsí éagsúla, ceisteanna a chur, léargas a fháil ar ghairmeacha beatha san earnáil sin, agus comhairle luachmhar a fháil chun cabhrú leo a n-ionchais don todhchaí a mhúnlú. Bhí breis agus 70 taispeántóir i láthair ag Taispeántas na bliana 2025. Tháinig siad ó réimsí éagsúla, lenar áiríodh Sláinte agus Áilleacht, Spórt, Iompar agus Lóistíocht, Tógáil, Teicneolaíocht, Rialtas Áitiúil, Ealaíona Cruthaitheacha agus na Meáin, Bia, agus Fáilteachas.
I measc na dtaispeántóirí i mbliana bhí: DDLETB (Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire), CDVEC (Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath), an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna, Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, an Garda Síochána, 1233d.ie, Aerchór na hÉireann agus Óglaigh na hÉireann, Iarnród Éireann, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (OT Baile Átha Cliath), Oifig Náisiúnta na bPrintíseachtaí, Amazon, agus Mol Pobail Ríomhspóirt Chnoc Mitin.


Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Osclaíonn ‘Fiosraigh do Thodhchaí’ an oiread sin doirse do dhaoine óga a chabhróidh le hiad a chur ar an mbóthar ceart i dtreo post ab aoibhinn leo. Is cuma cé acu ba mhaith leat a bheith i do chomhraiceoir dóiteáin, i do shaighdiúir, nó i do leictreoir agus mar sin de, tá rud éigin ann do gach duine. Tá imeachtaí mar seo ríthábhachtach chun cabhrú lenár ndaltaí cinntí eolacha a dhéanamh ar a dtodhchaí, agus is iontach an rud é an oiread sin daltaí ó gach cearn den chontae a fheiceáil anseo. Tá sé ina léiriú ar thiomantas Fhine Gall dár ndaoine óga a ullmhú le go n-éireoidh leo.”
Tá an t-imeacht seo á eagrú mar chuid de Future Fingal: Straitéis Scileanna Fhine Gall, agus de SKYLA, ar tionscadal Eorpach é. Leis an Straitéis nua, bunaítear fís chomhroinnte uaillmhianach chun a chinntiú go mbíonn ag Fine Gall daoine cumasacha a shealbhaíonn na scileanna is gá chun freastal ar riachtanais an tionscail agus an ghnó sa lá atá inniu ann agus chun dúshláin na todhchaí a réamh-mheas.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is é atá sa Taispeántas Idirbhliana ‘Fiosraigh do Thodhchaí’ ná tionscnamh spreagúil lena gcumhachtaítear ár ndaoine óga chun an raon leathan deiseanna atá ar fáil dóibh a aimsiú. Táimid bródúil as a bheith ar an aon údarás áitiúil amháin atá ag reáchtáil aon imeacht den chineál seo, agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí páirteach san imeacht iontach seo a eagrú.”

Dúirt John Quinlivan, Stiúrthóir um Fhorbairt Eacnamaíoch, Fiontar, Turasóireachta agus Chultúrtha i gComhairle Contae Fhine Gall: “Tá ríméad orainn gur chuireamar fáilte roimh 2,557 ndalta ó 22 scoil chuig an Helix i mbliana, an líon is mó riamh. Tá an t-aiseolas thar a bheith dearfach, agus na daltaí ag tumadh iad féin in earnálacha éagsúla den tsochaí agus ag blaiseadh na n-earnálacha sin. Tá an t-imeacht seo ina léiriú soiléir ar ár dtiomantas d’obair i gcomhar le geallsealbhóirí mar chuid de Straitéis Scileanna Fhine Gall agus dár ndúthracht chun an chéad ghlúin eile a chumhachtú.”