Léirítear sa tuarascáil is déanaí ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go bhfuil formhór thránna Fhine Gall rátáilte mar Thránna Sármhaithe nó Maithe anois

Rush Beach

Tá feabhas suntasach tagtha ar cháilíocht an uisce snámha i bhFine Gall le bliain anuas, de réir na tuarascála is déanaí ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Tuairiscíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil gurb amhlaidh, maidir le 98% d’uiscí snámha sa tír, a chomhlíon siad na híoschaighdeáin nó a d’fheidhmigh siad níos fearr ná iad sa bhliain 2025, rud a léiríonn athléimneacht leantach uiscí snámha na hÉireann.

Tá 10 limistéar snámha ainmnithe i bhFine Gall, agus tá leath na limistéar aicmithe anois mar Limistéir Shármhaithe a bhuí leis an ardú ar stádas na Sceirí agus Chill Fhionntain araon. Tá feabhas tagtha ar Loch Sionnaigh agus ar Phort Reachrann freisin agus tá siad rátáilte anois mar Thránna Maithe, mar aon le Trá Theas an Rois. Is garsprioc thar a bheith tábhachtach freisin é an feabhas ag an Trá Tosaigh, Baile Brigín, a bhfuil stádas ‘Dóthanach’ bainte amach aige anois tar éis roinnt blianta dúshlánacha.

Léirítear i dtuarascáil na bliana seo feabhsuithe leanúnacha ar bhainistíocht cáilíochta uisce ar fud an chontae agus léirítear inti éifeachtacht na hinfheistíochta spriocdhírithe, an fhaireacháin agus an chomhoibrithe maidir leis na taitneamhachtaí tábhachtacha cósta sin a chosaint. Is gá an díriú a leagan anois ar leanúint den dul chun cinn sin agus tuilleadh feabhsuithe a bhrú chun cinn chun níos mó tránna a thabhairt go caighdeán ‘Sármhaith’ agus a chinntiú go mbainfear amach agus go gcoimeádfar an leibhéal is airde is féidir de cháilíocht uisce.

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Léiríonn an fhíric nach bhfuil aon tránna atá aicmithe mar Thránna Dona i bhFine Gall a thuilleadh an méid ollmhór oibre, tiomantais agus comhoibrithe a cuireadh isteach. Agus formhór ár dtránna rátáilte anois mar Thránna Sármhaithe nó mar Thránna Maithe, is rud é sin ar féidir linn go léir a bheith bródúil as de réir mar a leanaimid de na taitneamhachtaí poiblí luachmhara seo a chosaint agus a fheabhsú. Tá ár n-uaillmhian soiléir – ba mhaith linn go mbainfeadh gach trá i bhFine Gall stádas ‘Sármhaith’ amach, agus leanfaimid d’infheistiú agus d’obair i dtreo an sprioc sin a bhaint amach.”

Dúirt David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol i gComhairle Contae Fhine Gall: “Léirítear sa tuarascáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil gur príomhdhúshláin do cháilíocht an uisce snámha anois iad an t-athrú aeráide agus an bháisteach a bhíonn ag éirí níos déine. I bhFine Gall, áit a bhfuil formhór ár dtránna aicmithe anois mar Thránna Sármhaithe nó mar Thránna Maithe agus a bhfuil siad ina dtaitneamhacht luachmhar do phobail agus do chuairteoirí araon, leagtar béim leis seo ar an ngá atá le hairdeall leanúnach agus le hinfheistíocht mharthanach chun na hardchaighdeáin sin a chosaint agus a chothabháil agus chun a chinntiú go mbeidh na sócmhainní nádúrtha sin sábháilte agus taitneamhach do chách i gcónaí.”

Agus an samhradh ag druidim linn, tá rabhadh soiléir á eisiúint ag Comhairle Contae Fhine Gall d’úsáideoirí tránna: ná fágaigí bruscar ná salachar madraí. Tá tionchar díreach acu sin ar cháilíocht an uisce agus ar an tsláinte phoiblí. Ní mór do chuairteoirí a gcuid dramhaíola a dhiúscairt go freagrach, agus ní mór d’úinéirí madraí glanadh suas i ndiaidh a gcuid peataí. Ní iompraíochtaí roghnacha iad sin – is freagrachtaí riachtanacha iad. Moltar do shnámhóirí www.beaches.ie a sheiceáil i gcónaí chun an fhaisnéis is déanaí faoi cháilíocht an uisce a fháil sula dtugann siad cuairt ar a láithreán snámha áitiúil.

Cáilíocht an Uisce Snámha 2025

Go sármhaith: Trá Bhaile Carraige, Domhnach Bat; an Trá Mhín, Port Mearnóg; an Trá Thuaidh, an Ros;

Go maith: An Trá Theas, an Ros; an Trá Theas, na Sceirí; Trá an Choinicéir, Cill Fhionntain;

Dóthanach: Trá an tSrutháin, Port Reachrann; an Trá Tosaigh, Baile Brigín; Trá Loch Sionnaigh; Trá Claremont, Binn Éadair.