Leagan crann agus oibreacha prúnála éigeandála ar an R125 Baile an Rólaigh

Cuirfear leagan crann agus oibreacha prúnála éigeandála i gcrích ar chrainn atá suite taobh le bóthar an R125 gar do chrosbhóthar an R125 / R122. Tá sé beartaithe tús a chur leis na hoibreacha ar an 28 Meitheamh 2021.

Tree works rolestown2

Rinne cranneolaí cáilithe suirbhé agus cinneadh go raibh guais ag baint le thart ar 12 chrann agus gur chruthaigh siad ardriosca don phobal. Tá na crainn atá le leagan marbh nó níl siad slán go struchtúrtha mar thoradh ar an ngalar Fraxinus Chalara nó de bhrí go bhfuil fungas ag fás orthu. 

Tá an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra curtha ar an eolas. 

Cuirfear plean bainistíochta tráchta i bhfeidhm agus beidh na hoibreacha á gcur i gcrích ag Conraitheoir.

Tá sé beartaithe tús a chur leis na hoibreacha Dé Luain, an 28 Meitheamh. Síleann an Conraitheoir go dtógfaidh sé idir 3 – 4 lá na hoibreacha a chur i gcrích.

Tree works rolestown 3
Tree works rolestown