Ionad spóirt agus pobail nua molta do Bhaile Maidheac

Tá pleananna foilsithe ag Comhairle Contae Fhine Gall chun halla spóirt agus ionad pobail nua a fhorbairt i bPáirc Lanesborough i mBaile Maidheac. Tá géarghá leis na háiseanna seo chun freastal ar réimse leathan de ghníomhaíochtaí pobail, fóillíochta, oideachais agus spóirt sa cheantar.

Meakstown Sports & Community centre exterior

Tá pleananna foilsithe ag Comhairle Contae Fhine Gall chun halla spóirt agus ionad pobail nua a fhorbairt i bPáirc Lanesborough i mBaile Maidheac. Tá géarghá leis na háiseanna seo chun freastal ar réimse leathan de ghníomhaíochtaí pobail, fóillíochta, oideachais agus spóirt sa cheantar.

Áireofar san ionad fóillíochta úrscothach seo halla spóirt le trí chúirt agus ceithre sheomra mór ilchuspóireacha do ghníomhaíochtaí ar nós ranganna rince, seisiúin ióga, Pilates, ceardlanna oiliúna agus cruinnithe pobail. Is iad na hAiltirí Nenchion Reuter a dhear an foirgneamh ciorclach seo atá tíosach ar fhuinneamh, agus cuirfidh sé leis sruth spásúil den tírdhreach atá thart timpeall ar an áis atá molta.

Spreagfaidh an t-ionad an taisteal gníomhach freisin i measc an phobal – is trí bhealaí siúil do choisithe agus raonta rothair go príomha, a bheidh rochtain ar an bhfoirgneamh. Beidh áit pháirceála ann do 40 rothar, lena n-áirítear rothair leictreacha, rothair lasta agus scútair.

Ina theannta sin, déanfar tírdhreachú seachtrach ar an gceantar thart timpeall, agus déanfar iarracht an bhithéagsúlacht a mhéadú agus acmhainn éiceolaíoch na páirce a neartú. Ar cheann de na heilimintí is tábhachtaí, cruthófar gairdín fearthainne uathúil ina mbeidh bláthanna fiáine, seiscí, luachra, raithní  agus toir.

Dúirt Méara Chomhairle Contae Fhine Gall, an Clr. Seána Ó Rodaigh: “Beidh an t-ionad pobail agus spóirt seo ina áit iontach. Is dearadh fíorálainn é agus beidh sé lán de spásanna agus d’áiseanna as a mbainfidh muintear Bhaile Maidheac taitneamh. 

“Ba mhaith linn aiseolas a fháil ó oiread daoine agus is féidir ag an gcéim luath seo ionas gur féidir linn a bheith cinnte go bhfuilimid ag freastal ar na riachtanais atá acu agus go bhfuil siad ag cabhrú linn cruth a chur  ar an dearadh deiridh.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhemannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Táimid thar a bheith sásta leis an méid atá molta do Bhaile Maidheac agus leis an gcaoi atá sé ag teacht leis na pleananna atá molta do Pháirc Lanesborough. Is áis í ar a mbeidh rochtain iomlán. Soláthrófar ionad spóirt a bhfuil géarghá leis agus ag an am céanna cruthófar spás pobail a mhairfidh i bhfad.

“Tá sé fíorthábhachtach go gcloisfimid anois tuairimí na ndaoine áitiúila a bheidh ag baint úsáide as an áis iontach seo. Molaim do dhaoine an t-am a thógáil chun féachaint ar an méid atá molta agus a dtuairimí a roinnt linn ionas go ndéanfar i gceart é.”

Tá an Chomhairle ag tabhairt moladh láidir don phobal áitiúil úsáid a bhaint as an deis labhartha atá acu maidir leis an ionad spóirt agus an spás cathartha atá molta. Tugtar cuireadh do dhaoine féachaint ar na pleananna ar Thairseach Comhairliúcháin na Comhairle  https://consult.fingal.ie/en/browse agus is féidir leo a dtuairimí a roinnt ar líne nó trí fhreagairt scríofa a chur isteach chuig an gComhairle.

Dúnfar an tréimhse chomhairliúcháin ag 5pm ar 17 Nollaig 2021.

Meakstown Sports & Community centre interior