Gradam pobail Mórtas Ceantair buaite ag Radharc an Chnoic

Bronnadh onóir ar phobal Radharc an Chnoic i mBaile Átha Cliath 15 ag Gradaim Phobail Mórtas Ceantair de chuid IPB tráthnóna Dé Sathairn an 21 Eanáir, arna reáchtáil in Óstán Clayton, Bóthar Burlington i mBaile Átha Cliath. Bhain an Pobal an chéad áit sa chatagóir ‘Comharsanacht Uirbeach’

Pride of Place Mountview Winners 2022.jpg

Bronnadh onóir ar phobal Radharc an Chnoic i mBaile Átha Cliath 15 ag Gradaim Phobail Bród as an Dúiche de chuid IPB tráthnóna Dé Sathairn an 21 Eanáir, arna reáchtáil in Óstán Clayton, Bóthar Burlington i mBaile Átha Cliath. Bhain an Pobal an chéad áit sa chatagóir ‘Comharsanacht Uirbeach’ ag na gradaim arna óstáil ag Marty Whelan as RTÉ os comhair 400 oibrí dheonach an phobail as gach aird an oileáin.

Mhol moltóirí Bród as an Dúiche meon an phobail a léiríodh i measc muintir Radharc an Chnoic: “Cuireann muintir na háite an-iarracht isteach sa uasmhéadú an mhéid a fhaigheann siad ar ais as na háiseanna atá ar fáil. Ba an-dearfach agus an-díograiseach é an léiriú a chuir siad os comhair na moltóirí, a bhí an-tógtha leis an méid atá bainte amach acu go dtí seo chomh maith leis na pleananna acu don todhchaí.”

Tá Radharc an Chnoic ar cheann de na ceantair uirbeacha is sine i mBaile Bhlainséir. Rinne an pobal seiftiúil seo stocaireacht ar feadh blianta na 1990idí d'fhonn ionad pobail úrscothach a chur ar fáil agus d’éirigh leo tar éis blianta fada. Sé Ionad Óige agus Pobail Radharc an Chnoic croílár na comharsanachta uirbeach rathúla seo anois. Tá Ionad Acmhainní Teaghlaigh agus Tionscadal Comharsanacht na hÓige ag Radharc an Chnoic freisin chomh maith le mórán grúpaí pobail láidre, gníomhacha ar nós Grúpa Gairdíní Pobail Flower Power Plásóg an Dúin. Sé Club Peile Radharc an Chnoic an club peile áitiúil, agus baineann grúpa áitiúil a dhéanann ionadaíocht don phobal Coirdíneach úsáid freisin as an ionad.

I measc na nionadaithe eile thar ceann Fhine Gall ar an oíche bhí Sead na bhFear Bhaile Brigín agus Comhairle Pobail an tSeanbhaile, agus moladh an bheirt acu mar aitheantas ar an obair dearfach á dhéanamh acu ina bpobail áitiúla.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le pobal Radharc an Chnoic as a mbua anocht a thugann aitheantas don obair iontach atá déanta ag iliomad na ngrúpaí pobail sa cheantar. Leanann siad ar aghaidh le traidisiún bródúil láidir de chuid Fhine Gall agus na Chomhairle sa chomórtas seo a aithníonn an tábhacht ollmhór a bhaineann le hearnálacha an phobail agus dheonach i gcursaí an chontae”.

Dar le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly “Mo chomhghairdeas ó chroí le gach hoibrí deonach de chuid grúpaí pobail Radharc an Chnoic atá á n-aithint anocht. Is ríthábhachtach iad a gcuid iarrachtaí, chomh maith leis an tacaíocht láidir a fhaigheann siad ón Oifig Forbartha Pobail, do leas pobail an cheantair agus d'áit a chruthú ar féidir leo bród a bhaint aisti.”

Dúirt Robert Burns, Stiúrthóir na Tithíochta agus Forbairt an Phobail “Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an trí ghrúpa a ghlac páirt ar son na Comhairle i gComórtas Bród as an Dúiche na bliana 2022 as dianobair a gcuid oibrithe deonacha agus a gcuid oibrithe an phobail. Ba mhaith liom mo bhuíochas ar leith a ghabháil le pobal Radharc an Chnoic, le foireann agus oibrithe deonacha Ionad an Phobail, Ionaid Acmhainní an Teaghlaigh agus tionscadail na hóige, in éineacht le muintir na n-eastát, a raibh an oiread sin tionchair acu ar na moltóirí. Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le hOifig Forbairt an Phobail againn féin a oibríonn ar feadh na bliana leis na pobail seo agus a thacaíonn leo sna mór-iarrachtaí atá á ndéanamh acu.”

Arna urraíocht ag comhlacht Árachais IPB, cuireadh tús le comórtas Mórtas Bród as an Dúiche 20 bliain ó shin trí chlár a tháinig as Co-operation Ireland (Comhobair na hÉireann) le haghaidh aitheantas a thabhairt don obair tábhachtach á déanamh ag oibrithe deonacha agus iad siúd a bhfuil baint acu le forbairt na bpobal áitiúil i ngach aird oileán na hÉireann, thuaidh agus theas.Tá sí tar éis fás sa chomórtas is mó a aithníonn éachtaí forbairt an phobail ar oileán na hÉireann.

Dúirt an t-Uachtarán Michael D. Higgins, Comhphátrún ar Co-operation Ireland (Comhobair na hÉireann), go raibh ról tábhachtach á imirt ag na gradaim.

“Is tionscnamh ríthábhachtach iad gradaim Bród as an Dúiche, rud a chuireann i gcuimhne dúinn gur chuspóir dúinn go léir é saol eiticiúil agus cuimsitheach an phobail a cruthú do gach saoránach de gach aois agus cúinse.”

Dar le Bunaitheoir agus Cathaoirleach Bród as an Dúiche, Tom Dowling, “Tá 20 bliain iontach caite againn ann ó tharla an chéad searmanas na ngradam agus níor tháinig athrú ar bith ar éiteas na ngradam le linn na tréimhse sin. Leanann sé le haithinteas a thabhairt ar bhealach bríoch an obair thábhachtach chomhbhách a rinne gach pobal againne agus iad ag leanúint le haistear na beatha a mhaolú do chách.”

Beidh Comhairle Contae Fhine Gall anois ag lorg grúpaí le páirt a ghlach ar a son i gcomórtas na bliana 2023 agus, más mian a leitheéid le héinne, ba cheart dó dul i dteagmháil le hoifigeach teagmhála Bród as an Dúiche na Comhairle, Rafe Costigan, ag [email protected]