Fógraítear go hoifigiúil faighteoir Dhámhachtain Stiúideo Scoil RHA 2025-2026
Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt leis an Acadamh Ibeirneach Ríoga (RHA), tar éis a fhógairt gurb í Eileen O’Sullivan, amharc-ealaíontóir atá lonnaithe i bhFine Gall, faighteoir Dhámhachtain Stiúideo Scoil RHA.
Leis an dámhachtain mór le rá seo, tugtar d’ealaíontóir gairmiúil amháin spás cistithe stiúideo in RHA ar feadh bliain amháin dar tús deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2025.
Tá Eileen O’Sullivan ina hamharc-ealaíontóir atá lonnaithe i bhFine Gall agus a oibríonn laistigh de chleachtas péintéireachta leathnaithe. Lena saothar reatha, déantar iniúchadh criticiúil ar pholaitíocht an déanaimh, an deisiúcháin agus na hinfheictheachta trí leas a bhaint as cultúr ábhartha, as saothar baile agus as aeistéitic an deisiúcháin. Agus ábhair amhail olaphéint, soláthairtí ón siopa mionéadaí agus ón siopa ‘déan féin é’, rudaí coitianta ar thángthas orthu, agus ábhair atá neamhdhíobhálach do leanaí á n-úsáid aici, glacann sí le próisis lena gceistítear ordlathais scile agus saothair.
Dúirt Sarah O’Neill, Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfaighidh Eileen O’Sullivan dámhachtain Stiúideo Scoil RHA i mbliana, ar dámhachtain mór le rá í. Tabharfaidh an deis seo am agus spás do Eileen a cleachtas gairmiúil a fhorbairt. Cuirfidh an dámhachtain seo ar chumas Eileen ceangal le healaíontóirí eile i rith na cónaitheachta freisin.”
Agus an dámhachtain á fáil aici, dúirt Eileen O’Sullivan, “Táim thar a bheith buíoch as an tacaíocht chineálta seo ó Oifig Ealaíon Fhine Gall agus ó RHA. Is pribhléid é gur tairgeadh dom timpeallacht ghairmiúil oibre chomh maith seo chun mo chuid oibre a fhorbairt sa bhliain atá le teacht.”
Sealbhaíonn Eileen MFA sa Mhínealaín sa Phéintéireacht ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (2025), mar aon le BA sa Mhínealaín sa Phéintéireacht agus i Stair na hEalaíne. Chuir sí taispeántais i láthair in áiteanna éagsúla, lenar áiríodh seónna le déanaí ag Taispeántas Bliantúil an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga, Rua Red, agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar aon le féilte idirnáisiúnta amhail Zeitgeist Berlin. Ní hé amháin gur tugadh Dámhachtain Lúfaireachta na Comhairle Ealaíon agus Duais Péintéireachta Evans RHA di, ach chuir sí cónaitheachtaí i gcrích ag Draíocht agus ag Cill Rialaig freisin. Gearrliostaíodh í do dhámhachtain Hennessy Craig sa bhliain 2022.
Mar aon leis an gcleachtas stiúideo atá aici, tá Eileen ina héascaitheoir ealaíne, agus rannchuidigh sí le cláir de chuid eagraíochtaí amhail Dánlann Náisiúnta na hÉireann agus Éire Ildánach.