Fógraíodh an Clár Feabhsúcháin Pobail 2020 i bhFine Gall

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall agus ar Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Fhine Gall sonraí faoi   Clár Feabhsúcháin Pobail 2020 (CEP) a fhógairt. Soláthraíonn an Clár Feabhsúcháin Pobail deontais bheaga chun feabhas a chur ar shaoráidí i bpobail uirbeacha agus tuaithe. Tá an Clár Feabhsúcháin Pobail maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus leithdháileann Fine Gall €68,375 i maoiniú deontais chun feabhas a chur ar na saoráidí atá ar fáil do phobail  . Sa Chlár, tá béim curtha ar thacú le grúpaí i réimsí atá faoi mhíbhuntáiste.

 I measc na bhfeabhsúchán gnách faoin gClár tá athchóiriú lárionaid pobail agus taitneamhachtaí pobail, feabhsúcháin ar pháirceanna baile agus ar chomhlimistéir agus spásanna, agus ceannach trealaimh le haghaidh úsáide pobail. Leis an gClár, tugadh tacaíocht freisin d’uasghrádú thíosach ar fhuinneamh, d’fhorbairt gairdíní pobail, do dhífhibrileoirí a sholáthar, CCTV, agus trealamh spóirt agus TF.

 Riarann Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (LCDCanna) an Clár Feabhsúcháin Pobail i ngach ceantar Údaráis Áitiúil. Ó seoladh é den chéad uair in 2018, tá os cionn 5,000 tionscadal maoinithe ag an gClár Feabhsúcháin Pobail i bpobail uirbeacha agus tuaithe ar fud na hÉireann.

Lorgaítear iarratais anois ó ghrúpaí pobail agus deonacha i bhFine Gall ar dheontais suas le huasmhéid de €2,500, agus is é dáta deiridh d’iarratais ná meán lae an 21 Lúnasa, 2020 .

Ag labhairt maidir leis an gClár Feabhsúcháin Pobail, dúirt an Méara David Healy: “Soláthraíonn an Clár Feabhsúcháin Pobail tacaíocht ríthábhachtach do ghrúpaí pobail i bhFine Gall chun cabhrú leo a gcuid áiseanna a fheabhsú. Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall an tacaíocht seo ar fáil mar gheall ar ár bhfeasacht ar an ról lárnach atá ag grúpaí pobail i bhfolláine na bpobal ar fud an Chontae. Soláthraíonn an scéim maoiniú ar scála beag do thionscadail, lena n-áirítear lomairí faiche agus trealamh TF a cheannach nó mion-athchóirithe ar fhoirgnimh. Freagraíonn an Clár do riachtanais áitiúla agus tá sé ann chun cabhrú le grúpaí áitiúla feabhsúcháin a dhéanamh ina gceantair áitiúla féin. "

 

Agus í ag labhairt faoin bhfógra, dúirt AnnMarie Farrelly Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is mór ag Comhairle Contae Fhine Gall obair ár ngrúpaí pobail agus tá súil agam go gcuideoidh an maoiniú seo leo leanúint leis an obair thábhachtach a dhéanann siad laistigh dár gcontae. Molaim do phobail eolas a fháil faoin gClár Feabhsúcháin Pobail agus iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú má bhraitheann siad go bhféadfadh sé a bheith chun leasa áitiúil. "

 

 

Dúirt Declan Ryan, Príomhoifigeach Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Fhine Gall “Tá an-tóir ar an Scéim Chlár Feabhsúcháin Pobail i bhFine Gall le blianta beaga anuas agus tá maoiniú suntasach ceadaithe do Ghrúpaí Pobail ar fud an Chontae. Cé go mbeidh an Clár Feabhsúcháin Pobail cosúil leis an mbliain seo caite, tugadh an tsolúbthacht don LCDC i ngach réimse freisin cuid den mhaoiniú seo a úsáid le haghaidh caiteachais a bhaineann le COVID-19 ag grúpaí pobail, i gcás go sainaithnítear tosaíochtaí léirithe. "

 

Tá sonraí maidir le conas iarratas a dhéanamh ar fáil ar https://submit.link/S4Hmq

Fingal LCDC Logo