Fiadhúlra Bithsféar EOECNA Chuan Bhaile Átha Cliath le léiriú ar thuras custaiméirí an DART

Bithéagsúlacht na n-ainmhithe, na bplandaí agus na beatha muirí sa Bithsféar ar taispeáint do chomaitéirí iarnróid

Dart Biosphere Launch Goat Mayor

Beidh roinnt comaitéirí nua ag taisteal ar sheirbhís DART Bhaile Átha Cliath ón tseachtain seo ar aghaidh, nuair a bheidh rónta, gabhair, niúc agus a thuilleadh le feiceáil in aice le custaiméirí an iarnróid ar a gcuid turas. Chuaigh Iarnród Éireann i gcomhar le comhpháirtíocht Bithsféar UNESCO Chuan Bhaile Átha Cliath chun feasacht a ardú ar an mBithsféar trína thaistealaíonn na mílte custaiméir iarnróid ar a gcuid turais DART gach lá.

Cuirfidh sraith 12 léaráid fuinneoige saindeartha chun cinn an bhithéagsúlacht atá ann díreach taobh amuigh d’fhuinneoga an DART, de réir mar a "choinníonn" na fiadhúlra éagsúla "greim" ar na fuinneoga ar a dturas, thar 32 charráiste den chabhlach glas íocónach againne. Tháinig Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Caroline Conroy; An Comhairleoir Mary Hanafin, Cathaoirleach Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin; agus Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony i gcomhar le hIarnród Éireann ag Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath inniu chun an feachtas a nochtadh.

Tugann na léaráidí, atá ar taispeáint i rith 2023, srachfhéachaint ar charachtar an bheatha ainmhíoch agus na mara, agus léiríonn siad cuid den fhlóra atá ag fás laistigh den Bhithsféar freisin.

Dart Biosphere Launch Children

Dúirt Dean Eaton, Comhordaitheoir an Bhithsféir do Chomhpháirtíocht Bithsféar Chuan Bhaile Átha Cliath “Tá Bithsféar EOECNA Chuan Bhaile Átha Cliath geallta le tacaíocht a thabhairt le gníomhaíochtaí na forbartha inbhuanaitheachta laistigh de Chuan Bhaile Átha Cliath agus cuireann sé áthas orainn dul i gcomhpháirtíocht le hIarnród Éireann, eagraíocht a thairgeann taisteal inbhuanaithe do chomaitéirí agus do chuairteoirí ar Bhaile Átha Cliath araon. Tabharfaidh an tionscadal seo ár bhfiadhúlra iontach beagán níos gaire do phaisinéirí an DART agus tá súil againn go spreagfaidh na pictiúir seo an spéis iontu tuilleadh a fháil amach faoinár bhfiadhúlra lena bhaineann tábhacht idirnáisiúnta agus faoin mbithsféar atá mar dhúchas acu.”

Dar le Jim Meade, Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann “Is phribhléid í do chustaiméirí an DART agus d'fhoireann Iarnród Éireann araon taisteal tríd agus a bheith ag obair i mBithsféar atá ainmnithe ag EOECNA mar atá againn i gCuan Bhaile Átha Cliath. Táimid an-tógtha faoi a bheith ag obair le comhpháirtíocht Bithsféar EOECNA Chuan Bhaile Átha Cliath d'fhonn brí agus anam a thabhairt i mbithéagsúlacht an Bhithsféir dár gcustaiméirí leis na léaráidí spraíúla seo. Beidh grá ag leanaí agus daoine fásta araon orthu, agus tá súil againn go spreagfaidh siad ár gcustaiméirí chun an bhithéagsúlacht atá ar leac an dorais acu a fhiosrú, agus iad ag taisteal go hinbhuanaithe thairsti.”

Dart Biosphere Launch All Mayors

Is ionad é an bithsféar ina thagann an dúlra agus an cultúr le chéile. Aithnítear bithsféir go hidirnáisiúnta iad as éagsúlacht na bitheolaíochta acu ach déantar á mbainistiú go gníomhach freisin chun caidreamh cothromaithe a chothú idir an muintir agus an dúlra. Séard atá i mbithsféar ná aithint ar leith a bronnann Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA) ach ata á bainistítiú i gcomhpháirtíocht ag an bpobal, ag na heagraíochtaí neamhrialtasacha agus ag an rialtas áitiúil agus náisiúnta.

Tá an Bithsféar á bhainistiú faoi láthair ag sé eagraíocht chomhpháirtíochta, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Contae Fhine Gall, Údarás Chalafoirt Bhaile Átha Cliath, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Fáilte Éireann le tacaíocht ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus grúpaí deonacha atá lonnaithe go háitiúil.

Tá Bithsféar UNESCO Chuan Bhaile Átha Cliath mar chuid de ghréasán domhanda de 738 dtearmann bithsféir atá lonnaithe i 134 thír ar fud na cruinne, agus iarrann chomhailtaí an líonra:

  • na hathruithe sa bhithsféar a eascraíonn as gníomhaíochtaí daonna agus nádúrtha agus éifeachtaí na n-athruithe sin ar dhaoine agus ar an gcomhshaol a aithint agus a mheas, go háirithe i gcomhthéacs athrú na haeráide;
  • staidéar agus comparáid a dhéanamh ar an idirghaolmhaireachtaí dinimiciúla idir an éiceachórais nádúrtha/beaghach nádúrtha agus na próisis shocheacnamaíocha, go háirithe i gcomhthéacs caillteanas méadaithe na héagsúlachta bitheolaíche agus cultúrtha le torthaí gan choinne acu ar chumas na n-éiceachóras leanúint ar aghaidh ag soláthar na seirbhísí atá ríthábhachtach d'fholláine an duine;
  • leas bunúsach an duine agus comhshaol maireachtála a chinntiú i gcomhthéacs an uirbithe agus fás tomhaltas an fhuinnimh meara mar spreagairí athrú an comhshaoil;
  • malartú agus aistriú an eolais ar fhadhbanna agus ar réitigh an chomhshaoil a chur chun cinn, agus oideachas an comhshaoil le haghaidh na forbartha inbhuanaithe a chothú.

Tá tuilleadh eolais faoin mbithsféar le feiceáil ag www.dublinbaybiosphere.ie nó trí rPhost a sheoladh chuig [email protected]

 

Dart Biosphere Launch internal