An Feachtas 'Look for Local' ag iarraidh ar thomhaltóirí Fhine Gall earraí áitiúla a cheannach an Nollaig Seo

Tá feachtas nua ag Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall, a seoladh an tseachtain seo, ag iarraidh ar thomhaltóirí breathnú go háitiúil agus iad ag siopadóireacht le haghaidh táirgí, seirbhísí agus eispéiris an Nollaig seo.

Shop Local 2021

Tá feachtas nua ag Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall, a seoladh an tseachtain seo, ag iarraidh ar thomhaltóirí breathnú go háitiúil agus iad ag siopadóireacht le haghaidh táirgí, seirbhísí agus eispéiris an Nollaig seo. Tá sé mar aidhm ag na feachtais 'Look for Local' & 'Shop Fingal', le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall, feasacht a spreagadh faoin leas a bhaineann le hairgead a chaitheamh i do cheantar áitiúil.

Chuir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh béim ar a thábhachtaí atá sé tacú leis na tionscnaimh ‘Look for Local’ agus ‘Shop Fingal’, ag rá: “Bhí ról riachtanach ag Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall agus Comhairle Contae Fhine Gall ag tacú agus ag cabhrú lenár ngnólachtaí i mbliana. Beidh tionchar mór ag siopadóireacht áitiúil ar an oiread sin gnólachtaí ar fud Fhine Gall, agus thabharfainn spreagadh do gach saoránach i bhFine Gall tacú leis na tionscnaimh seo agus airgead a chaitheamh go háitiúil an Nollaig seo - ní raibh sé riamh chomh tábhachtach."

Bhí sé mar aidhm ag na tionscnaimh “Shop Fingal” agus “Look for Local” aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le siopadóireacht sa cheantar le linn na tréimhse siopadóireachta roimh an Nollaig. Nuair a thacaíonn tomhaltóirí le gnó áitiúil amháin, tacaíonn siad le go leor eile sa chúlra, mar sholáthróirí, soláthraithe seirbhíse, agus déantúsóirí. Go bunúsach, cuidíonn siopadóireacht go háitiúil leis an ngeilleagar áitiúil a fhás trí phoist a chruthú agus trí thionscail na hÉireann a chothabháil.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an Oifig Fiontair Áitiúil ag soláthar tacaíochtaí éagsúla do ghnólachtaí chun cabhrú leo, ach tá tacaíocht an phobail ríthábhachtach do na gnólachtaí sin agus dár ngeilleagar áitiúil. Is iad na gnólachtaí agus na miondíoltóirí beaga na codanna is ríthábhachtaí de na bailte agus na sráidbhailte i bhFine Gall. Soláthraíonn siad gníomhaíocht eacnamaíoch ríthábhachtach agus deiseanna fostaíochta. Is féidir le gnólachtaí áitiúla raon leathan táirgí ardchaighdeáin a thairiscint, agus tugann siad deis iontach sna seachtainí roimh an Nollaig chun leas a bhaint as na fiontair seo agus a bhfuil le tairiscint acu. Mar sin, fan i bhFine Gall agus aimsigh earraí áitiúla, más féidir in aon chor é."

Ag plé na gcúiseanna atá taobh thiar de na tionscnaimh “Shop Fingal” agus “Look for Local”, mhínigh Ceann Fiontair Fhine Gall, Oisín Geoghegan, “Ag Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall i mbliana, chuireamar béim shuntasach ar chabhrú le gnólachtaí beaga fanacht chun tosaigh lena gcuid custaiméirí atá ann cheana agus aird á tabhairt ar bhealaí inar féidir leo custaiméirí nua a mhealladh. Chabhraigh scéimeanna mar an Dearbhán Trádála Ar Líne agus an iliomad clár oiliúna leanúnach atá ar fáil chun é sin a bhaint amach. É sin ráite, tuigimid go bhfuil tomhaltóirí ag lorg bealaí chun tacú lena bpobal áitiúil agus iad ag lorg bealaí éasca agus áisiúla chun siopadóireacht a dhéanamh dá riachtanais laethúla agus ar ndóigh don Nollaig. Cuidíonn an tionscnamh seo le siopadóirí agus úinéirí gnó araon agus cuidíonn sé linn a thuiscint go bhfuilimid go léir sa bhád céanna."  

Is infheistíocht sa phobal timpeall ort gach Euro a chaitheann tú le gnó áitiúil agus tá cáilíocht den scoth le fáil sna hearraí, sna seirbhísí agus sna heispéiris atá ar leac an dorais againn. Ní amháin sin ach tá tionchar dearfach comhshaoil, eacnamaíoch agus sochaíoch aige. An Nollaig seo táimid ag iarraidh ar gach duine fanacht go háitiúil agus airgead a chaitheamh go háitiúil chun tacú le gnólachtaí agus poist inár bpobail".  

Léirigh taighde a rinneadh mar chuid den chéad fheachtas 'Look for Local' a reáchtáil Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2020 go raibh seans níos mó ann go lorgódh tomhaltóirí na hÉireann táirgí agus seirbhísí áitiúla in 2021.  

Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas seo an meon sin a neartú agus oideachas a chur ar thomhaltóirí faoin éifeacht dhearfach a bhíonn ag caiteachas áitiúil ar fud a bpobal. Gineann gach €10 a chaitear i bhFine Gall ar tháirgí agus ar sheirbhísí na hÉireann níos mó ná €40 sochair d'Fhine Gall i dtéarmaí fostaíochta*.  

Féachann an feachtas leis an tábhacht a bhaineann le roghnú táirgí áitiúla a cheannach a threisiú chomh maith le tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin éifeacht dhearfach a d’fhéadfadh a bheith ag caiteachas áitiúil ina bpobal.  

Leanfaidh an feachtas ar aghaidh i rith na tréimhse roimh an Nollaig chun aird a tharraingt ar ghnólachtaí áitiúla agus féachfaidh sé le spreagadh a thabhairt do chónaitheoirí Fhine Gall táirgí agus seirbhísí áitiúla a lorg agus iad ag siopadóireacht don Nollaig.

Shop Local 2021 b