Feachtas Feasachta maidir le Bailitheoirí Dramhaíola Mídhleathacha agus Dumpáil Mhídhleathach

Fingal County Council Waste Enforcement Section is initiating a campaign to help raise awareness about illegal waste collectors and illegal dumping.

Tá an Rannóg Forfheidhmithe Dramhaíola ag cur tús le feachtas chun feasacht a ardú faoi bhailitheoirí dramhaíola mídhleathacha agus dumpáil mhídhleathach.

Úsáideann bailitheoirí dramhaíola mídhleathacha na meáin shóisialta agus suíomhanna fógraíochta chun seirbhísí saora um bhaint dramhaíola a thairiscint agus dumpáiltear an dramhaíl i gceantair iargúlta agus is cúis le truailliú comhshaoil é. Gach bliain caitheann Údaráis Áitiúla na mílte euro ar chostais ghlantacháin chun dramhaíl a dhumpáiltear go mídhleathach a bhaint, airgead a d’fhéadfaí a chaitheamh níos fearr ar sheirbhísí poiblí a fheabhsú laistigh de phobail áitiúla.

Sula dtugann tú do dhramhaíl, iarr i gcónaí aitheantas agus cóip dá gcead bailithe dramhaíola a fheiscint ar féidir é a sheiceáil ar láithreán gréasáin na hOifige Náisiúnta um Chead Bailithe Dramhaíola ag www.nwcpo.ie. Mura bhfuil cead acu, níl siad údaraithe chun dramhaíl a bhailiú. Ná cuir tú féin i mbaol fíneáil €150 nó ciontú coiriúil a fháil má fhaightear ciontach sa Chúirt thú.

Mar chuid den bhfeachtas feasachta seo forbraíodh fógra gairid a thaispeánfar i 5 phictiúrlann éagsúla sna míonna atá le teacht (Sord, Baile Brigín, Baile Chathail, Baile Shéarlais, Baile Bhlainséir agus Seantrabh) chun aird a tharraingt ar na saincheisteanna a bhaineann le bailitheoirí dramhaíola mídhleathacha agus an damáiste a dhéanann dumpáil mídhleathach.

Tá freagracht orainn go léir ár ndramhaíl a bhainistiú agus an comhshaol a chosaint do na glúnta atá le teacht. Is é ár bpríomhaidhm daoine aonair a spreagadh agus a chur ar an eolas chun na roghanna cearta a dhéanamh maidir lena ndramhaíl agus chun páirt a ghlacadh i seirbhísí bailithe dramhaíola.

Má tá aithne ag sealbhóirí tí ar éinne a thairgeann na seirbhísí ‘Fear i Veain’ seo, déan teagmháil le [email protected] nó cuir glaoch ar: 01 8906799.

Tá na físeáin ar fáil ar youtube agus ar na meáin shóisialta

 

The videos are available on Youtube and will form part of a Social Media Campaign.