Feabhsaíonn an Tionscnamh Sráideanna Ciúine an tSábháilteacht i gCionn Sáile

quiet streets

Rinne Comhairle Contae Fhine Gall comóradh inniu ar chríochnú an tionscnaimh Sráideanna Ciúine dá cuid i bhFraoch Dhraighneáin/Faiche Dhraighneáin, Cionn Sáile, a bhfuil sé mar aidhm leis comharsanachtaí atá níos socra agus níos nasctha a chruthú trí thús áite a thabhairt do rochtain áitiúil, d’iompar gníomhach, agus do cháilíocht beatha níos airde do chónaitheoirí.

Is é is an Tionscnamh Sráideanna Ciúine ann ná scéim tréscaoilteachta scagtha a úsáideann scagairí córa iompair, amhail mullaird agus soithí plandaí, chun trácht feithiclí atá ag gearradh trí limistéir a laghdú, agus rochtain á caomhnú ag an am céanna do choisithe, do rothaithe, do chónaitheoirí áitiúla agus do sheirbhísí éigeandála, rud a chruthaíonn timpeallacht níos sábháilte le haghaidh taisteal de shiúl na gcos, de rothaí agus de rothar dá réir. Trí bhéim a leagan ar bhealaí díreacha agus inrochtana, fágann an tionscnamh go bhfuil sé níos éasca agus níos áisiúla do dhaoine gluaiseacht tríd an gcomharsanacht, beag beann ar a n-aois agus ar a gcumas. 

quiet streets

I mí Aibreáin 2024, thug Comhairle Contae Fhine Gall cuireadh do chónaitheoirí sráideanna a ainmniú chun páirt a ghlacadh sa Chlár Sráideanna Ciúine, agus roghnaíodh Fraoch Dhraighneáin/Faiche Dhraighneáin tar éis spéis láidir ón bpobal. Ba é a bhí sa chomhairliúchán poiblí ná suirbhé inar léirigh cónaitheoirí tacaíocht shoiléir do scagaire córa iompair a shuiteáil ag an acomhal idir Bóthar Fhaoldroma agus Fraoch Dhraighneáin/Faiche Dhraighneáin. Rinneadh na hoibreacha uile faoi alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994 (arna leasú), rud lena gceadaítear d’údaráis áitiúla bearta moillithe tráchta agus sábháilteachta bóithre a chur chun feidhme.

Mar chuid den chlár críochnaithe, tá comharthaíocht nua ‘Leanaí ag Súgradh’ i bhfeidhm i bhFraoch Dhraighneáin/Faiche Dhraighneáin, agus í ag feidhmiú mar mheabhrúchán soiléir do thiománaithe moilliú síos agus bheith san airdeall i limistéir chónaithe. A bhuí leis na comharthaí sin, cabhraítear leis an aistriú i dtreo spásanna comhroinnte ina dtugtar tús áite do dhaoine a threisiú trí shábháilteacht agus feasacht a chur chun cinn.

Rinneadh cluichí traidisiúnta sráide amhail cleas na bacóide a phéinteáil go díreach ar an gcosán, rud lena spreagtar súgradh amuigh faoin spéir agus lena gcuirtear áthas leis an gcomharsanacht. Leis na gnéithe súgartha sin, tugtar níos mó deiseanna do gach cónaitheoir am a chaitheamh amuigh faoin spéir agus sóisialú le chéile.

quiet streets

Agus é i láthair, dúirt an Comhairleoir Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Ní hé amháin gur chuir cur chun feidhme na Sráideanna Ciúine feabhas ar shábháilteacht an limistéir chónaithe seo ach chruthaigh sé spás le haghaidh naisc agus braistint phobail níos láidre a chothú freisin. Is iontach an rud é na cónaitheoirí a fheiceáil amuigh faoin spéir inniu, agus iad ag baint taitneamh as an aer úr, ag baint sult as spraoi le chéile agus ag glacadh leis na rudaí nua a cuireadh leis an spás seo.’’

Dúirt David Storey, Stiúrthóir um Ghnóthaí Comhshaoil, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt: “A bhuí le cur chun feidhme rathúil an tionscnaimh Sráideanna Ciúine anseo i bhFraoch Dhraighneáin/Faiche Dhraighneáin, tugtar níos mó saoirse do leanaí áitiúla taisteal de shiúl na gcos, de rothaí nó de rothar timpeall an eastáit go neamhspleách. Tá atmaisféar taitneamhach agus mealltach ag an timpeallacht anois mar gheall ar na rudaí nua a cuireadh leis an limistéar cónaithe, rud a fhágann gur féidir leis an Taisteal Gníomhach a bheith ina chuid nádúrtha den saol laethúil. Tá súil againn go gcabhróidh na hathruithe sin leis an gcultúr iompair san eastát a aistriú i dtreo roghanna níos gníomhaí agus níos inbhuanaithe do chónaitheoirí san am i láthair agus san am atá le teacht.”

quie

Ag teacht sna sála ar chur chun feidhme rathúil an chláir i gCionn Sáile, leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall d’obair i ndlúthchomhar le pobail chun suíomhanna a shainaithint ar fud an chontae inar féidir le Sráideanna Ciúine tacú le spásanna poiblí atá níos sábháilte agus níos beoga do gach duine.