€210,500 leithdháilte faoin Scéim Bonneagair Áineasa Amuigh faoin Spéir chun taitneamhachtaí amuigh faoin spéir a fhorbairt i bhFine Gall

Tá an fógra seo mar chuid de leithdháileadh níos leithne is fiú €8.7 milliún faoin scéim ó Dara Calleary TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, chun 221 tionscadal áineasbhunaithe a sholáthar ar fud na tíre. 

Rush beach

D’éirigh le Comhairle Contae Fhine Gall cistiú is fiú €210,500 san iomlán a fháil le haghaidh cúig thionscadal faoin Scéim Bonneagair Áineasa Amuigh faoin Spéir chun feabhas a chur ar thaitneamhachtaí áitiúla agus chun níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine taitneamh a bhaint as an saol amuigh faoin spéir. Tá an fógra seo mar chuid de leithdháileadh níos leithne is fiú €8.7 milliún faoin scéim ó Dara Calleary TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, chun 221 tionscadal áineasbhunaithe a sholáthar ar fud na tíre. 

I measc na dtionscadal ceadaithe tá trí scáthlán snámha nua i nDomhnach Bat, ar an Ros, agus sna Sceirí, atá deartha chun tacú leis an bpobal snámha farraige a bhíonn ag fás trí spásanna sábháilte áisiúla a sholáthar le haghaidh éadaí a athrú agus giuirléidí a stóráil.  Rud eile atá i gceist leo is ea staidéar indéantachta le haghaidh glasbhealach lena nascfaí Sráidbhaile Bhaile an Ridire le Páirc Ard Giolláin agus staidéar indéantachta le haghaidh ‘ceathrú canála’ a fhorbairt ar an gCanáil Ríoga le haghaidh gníomhaíocht uiscebhunaithe. 

Sa staidéar sin ar an gCanáil Ríoga, a dhéanfaí i gcomhoibriú le Cumann Oidhreachta Chluain Saileach-Bhaile an Phóirtéaraigh, dhéanfaí iniúchadh ar an bhféidearthacht a bhaineann le bonneagar a fhorbairt chun gníomhaíocht uiscebhunaithe ar an gCanáil Ríoga a mhéadú, lena n-áirítear cadhcáil, canúáil, seaschéaslóireacht agus rámhaíocht.

Ag labhairt dó faoin bhfógra a tugadh le déanaí, dúirt Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuair cúig thionscadal nua cead faoin Scéim Bonneagair Áineasa Amuigh faoin Spéir. “Tá ríméad ar leith orm a fheiceáil gur tugadh cistiú le haghaidh trí Scáthlán Snámha Amuigh faoin Spéir ag na Sceirí, ag an Ros agus ag Domhnach Bat. Déanann na cineálacha infheistíochtaí sin difear mór. Tugann siad do dhaoine níos mó áiteanna inar féidir leo siúl, rothaíocht agus snámh a dhéanamh agus taitneamh a bhaint as a bheith amuigh faoin spéir. Is é an aidhm atá leis ná go mbeadh ár gceantar níos fearr fós le cónaí ann agus le cuairt a thabhairt air, agus tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil sé sin ag tarlú.”

Dúirt Ethna Felton, Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na grúpaí pobail ar fud Fhine Gall agus le hoifigigh Chomhairle Contae Fhine Gall a oibríonn go han-dícheallach chun taitneamhachtaí áineasa a fhorbairt agus a fheabhsú inár bpobal áitiúil. Tá na taitneamhachtaí sin ann chun go mbainfidh gach duine taitneamh astu, agus molaim do gach duine dul amach agus a fháil amach cad atá ar tairiscint ag Fine Gall.” 

Dúirt Dara Calleary, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail: “Tá infheistíocht sa saol amuigh faoin spéir an-tábhachtach dúinn go léir ó thaobh na sláinte fisiciúla agus na meabhairshláinte de. Tá an-áthas orm an fógra seo a dhéanamh, ar dá bharr a dhéanfar raon leathan tionscadal caipitil a fhorbairt agus a sholáthar ar fud na tíre, rud a chuirfidh lenár dtairiscint áineasa amuigh faoin spéir atá suntasach cheana féin.”

Liosta de thionscadail cheadaithe i bhFine Gall

Tionscadal Príomhiarratasóir Tuairisc Méid
Glasbhealach lena nascfaí Sráidbhaile Bhaile an Ridire le Páirc Ard Giolláin Comhairle Contae Fhine Gall Staidéar indéantachta, lena n-áirítear suirbhé éiceolaíochta, le haghaidh glasbhealach lena nascfaí Sráidbhaile Bhaile an Ridire le Páirc Ard Giolláin €40,500
Staidéar Indéantachta le haghaidh Spóirt Uiscebhunaithe ar an gCanáil Ríoga Comhairle Contae Fhine Gall ‘Ceathrú canála’ a fhorbairt ar an gCanáil Ríoga le haghaidh gníomhaíocht uiscebhunaithe €50,000
Scáthlán Snámha Dhomhnach Bat Comhairle Contae Fhine Gall Scáthlán saintógtha snámha do shnámhóirí amuigh faoin spéir ag Domhnach Bat €40,000
Scáthlán Snámha an Rois Comhairle Contae Fhine Gall Scáthlán saintógtha snámha do shnámhóirí amuigh faoin spéir ag an Ros €40,000
Scáthlán Snámha na Sceirí Comhairle Contae Fhine Gall Scáthlán saintógtha snámha do shnámhóirí amuigh faoin spéir ag na Sceirí €40,000
Royal Canal by Janet Ivers