Deimhníonn Comhairle Contae Fhine Gall an conraitheoir chun príomhthionscadal straitéiseach Nascachta an R132 a sholáthar i Sord
Cheap Comhairle Contae Fhine Gall Murphy mar chonraitheoir do Thionscadal Nascachta an R132 i Sord agus shínigh sí an conradh, ar fiú na milliúin euro é, inniu in Áras an Chontae. Tá an mórthionscadal á chistiú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás).
Cheap Comhairle Contae Fhine Gall Murphy mar chonraitheoir do Thionscadal Nascachta an R132 i Sord agus shínigh sí an conradh, ar fiú na milliúin euro é, inniu in Áras an Chontae. Tá an mórthionscadal á chistiú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás).
Meastar go dtógfaidh sé thart ar 25 mhí chun na hoibreacha a chur i gcrích, agus déanfar iad i gceithre chéim feadh an bhealaigh 3 km idir acomhal Bostik agus imeall timpeallán Chnoc Pheannóg. Sa chéad chéim, a mheastar a mhairfidh sé mhí, cuirfear acomhal ceithre ghéag níos sábháilte in ionad thimpeallán an Inbhir.
Ag labhairt dó ag síniú an chonartha inniu, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is tionscadal an-tábhachtach é seo do Shord, a fhágfaidh go mbeidh an bóthar níos sábháilte d’úsáideoirí leochaileacha bóithre, a fheabhsóidh an nascacht idir an taobh thoir agus an taobh thiar sa bhaile agus a réiteoidh an bealach do MetroLink agus do chóras BusConnects a bheidh níos minice agus níos éifeachtúla. Rachaidh an tionscadal chun tairbhe do Shord ar gach bealach. Beidh bearta maolaithe bainistithe i bhfeidhm fad a bheidh Comhairle Contae Fhine Gall ag tógáil an fheabhsúcháin riachtanaigh seo ar chóras iompair comhtháite nasctha Shord.”
Nuair a bheidh an príomhthionscadal straitéiseach curtha i gcrích, beidh an nascacht laistigh de Shord níos fearr agus beidh an R132 níos sábháilte, mar gheall ar shaoráidí níos inrochtana a bheith aige do choisithe agus do rothaithe.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Bíonn baile ag athrú i gcónaí. San fhiche bliain atá romhainn, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar dhaonra Shoird, agus beidh gá le pleanáil chúramach ina leith chun an fás a bhainistiú go héifeachtach. Tá tionscadal an R132 ina ghné thábhachtach de thacaíocht a thabhairt don fhorbairt sin, agus tá sé ina phríomhghníomh laistigh den Straitéis ‘Sord Inbhuanaithe’ chun a chinntiú go mbeidh an baile in ann freastal ar riachtanais amach anseo.”
Dúirt Matthew McAleese, Stiúrthóir Bonneagair agus Iompair: “Is é cuspóir na scéime seo sainghné agus feidhm an R132 a athrú óna phríomhbhóthar dáileacháin ina shráid uirbeach ardacmhainneachta a mbeidh pointí trasnaithe sainithe aici, rud a fhágfaidh go mbeidh an bóthar níos sábháilte do gach úsáideoir bóithre, go háirithe úsáideoirí leochaileacha bóithre. Tá go leor oibre pleanála déanta cheana féin sa chúlra chun tionchair ar an trácht a íoslaghdú agus chun Sord a choinneáil oscailte don ghnó.”
Dúirt Eoin Gillard, Stiúrthóir Cúnta um Infheistíocht Iompair an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Tá áthas ar an Údarás Náisiúnta Iompair tacú le Tionscadal Nascachta an R132, a chuireann feabhas ar an tsábháilteacht do choisithe agus do rothaithe araon, agus é á chomhtháthú ag an am céanna le feidhmiú céimneach BusConnects agus MetroLink chun iompar níos inbhuanaithe agus níos inrochtana a sholáthar.”
Is speisialtóir iompair ildisciplíneach é Murphy, an conraitheoir don tionscadal. Soláthraíonn sé réitigh bhonneagair inbhuanaithe ar scála idirnáisiúnta. I measc na dtionscadal a cuireadh i gcrích le déanaí tá Nascshráid Theas Chluain Buiríosa do Chomhairle Contae Átha Cliath Theas.
Ar a cheapadh chuig an tionscadal, dúirt John G. Murphy, Stiúrthóir Bainistíochta Murphy: “Is ionann na hoibreacha ríthábhachtacha seo agus an chéad chéim chun mórbhonneagar don todhchaí a sholáthar – lena n-áirítear Bunathrú Phríomhshráid Shoird, BusConnects ó lár na cathrach go Sord, agus MetroLink – a gcuirfidh gach ceann díobh go mór le nascacht agus le hinrochtaineacht i gceantar Shoird.”
Tá tuilleadh faisnéise faoi Thionscadal Nascachta an R132 ar fáil ag www.fingal.ie/sustainableswords