Déanann Fine Gall Conair nua Gleann na Life a cheilliúradh ag ócáid tosaithe i nGáirdíní Shackleton

Today, Friday 27th January 2023, Fingal County Council officially launched its new Liffey Valley Trail at the historic Shackleton Gardens in Clonsilla. The trail highlights 29 places of interest that feature a rich diversity of historical sites, visitor attractions, shopping and recreational activities that can be enjoyed in Dublin 15.

Mayor of Fingal Cllr Howard Mahony, alongside Helen Cole of Fáilte Ireland,Declan Power of Fingal County Council and a group of Irish Dancers

Chun an chonair nua a cheiliúradh, d’fhógair Fine Gall sraith imeachtaí a bheidh á reáchtáil aici i rith na bliana 2023. An deireadh seachtaine seo, beidh na léirithe ceoil de chuid ‘Tradfest i bhFine Gall’ ar siúl ag an ionad agus beidh siadsan á leanúint sa samhradh ag ensemble d'imeachtaí an cheoil clasaiceach, ar dhátaí le fógairt fós.

Síneann an chonair, a críochnaíodh sa bhliain 2022, ó Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce trí shráidbhailte Chaisleán Cnucha, Chluain Saileach, Bhaile Bhlainséir agus Mullach Eadrad agus tá sé dírithe ar líon na gcuairteanna ar cheantar Bhaile Átha Cliath 15 ó chuairteoirí áitiúla agus na tíre araon a mhéadú. Agus beagnach tríocha áit spéise arna léiriú, ta éagsúlacht shaibhir na suíomhanna stairiúla, na gcaisleán agus na ngairdíní, na dtaitneamhachtaí do chuairteoirí agus áineasa na siopadóireacht agus na ngníomhaíochta le feiceáil iontu ar féidir taitneamh a bhaint astu i gceantar Baile Átha Cliath 15.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.fingal.ie/directory/liffey-valley-trail

 

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, “Táimid thar a bheith sásta fáilte a chur roimh an tionscnamh spreagúil nua seo a thugann deis do thurasóirí laistigh agus agus lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, taithí a fháil ar gach atá le tairiscint i nGleann na Life idir shíocháin agus shuaimhneas na gCeapóga Sú Talún go dtí an stair, an amharclannaíocht, an tsiopadóireacht, an bia breá agus rogha na gcúrsaí gailf laistigh d’fhiche nóiméad ó lár na cathrach. Ina theannta sin, cabhróidh sraith na n-imeachtaí a fógraíodh inniu ag Gairdíní Shackleton le flúirse na ngníomhaíochta atá ag fanacht le taiscéaladh a léiriú." 

 

Tradfest 2023

Mar chuid de leathnú féile ceoil Tradfest 2023 isteach i bhFine Gall, d’óstaigh Gairdíní Shackleton roinnt imeachtaí. Chuir an t-ionad fáilte roimh cheoltóirí The Dublin Legends, a sheinn bailéid chlasaiceacha agus amhráin thraidisiúnta, in éineacht leis na Akano Rhythm Brothers a léirigh gnéithe de cheol tíre na Nigéire, a bhí lán leis an Afrifunc, an gceol anama agus an snagcheol.

 

Dúirt John Quinlivan, Stiúrthóir na Fiontraíochta Eacnamaíochta, na Turasóireachta agus Forbairt an Cultúir ag Comhairle Contae Fhine Gall, “Tháinig an tionscnamh seo as sár-obair an ghrúpa turasóireachta áitiúil, go háirithe na Comhairleoirí Mahony agus Shovlin, agus as an gCoiste Beartais Straitéisigh um Fhorbairt na Eacnamaíochta, an Fhiontair agus na Turasóireachta. Léiríonn Conair Ghleann na Life, a bhí mar thoradh ar a leithéid oibre, go leor de na háiseanna agus na taithneamhachtaí a chuireann Baile Átha Cliath 15 ar fáil agus cuireann sé le tairiscintí na turasóireachta i bhFine Gall. Sé seo freisin an chéad uair a d’éirigh le Tradfest dul thar an bhunáit thraidisiúnta aige i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus feicimid gur deis é aird a tharraingt ar thréithe iontacha na hoidhreachta atá againn anseo i bhFine Gall. Táimid ag tnúth le Tradfest Fingal a leathnú a thuilleadh sna blianta amach romhainn.”

 

Bhí Helen Cole, Bainisteoir Réigiún Bhaile Átha Cliath, Fáilte Éireann, i láthair freisin  ag an ócáid agus dúirt sí, “Cuireann sé áthas ar Fháilte Éireann tús oifigiúil Chonair Ghleann na Life a fheiceáil. Cuirfidh an chonair béim ar mórán na seoda atá faoi cheilt sa chuid seo de Bhaile Átha Cliath.”

liffey valley trail logo