Cuirtear tús leis an obair ar shaoráidí spóirt uile-aimsire nua ag Mol Áineasa Spóirt Pháirc na Rátha Móire, Lusca
Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis tús a chur le hoibreacha ar Mhol Áineasa Spóirt Pháirc na Rátha Móire i Lusca, rud a bhfuiltear ag coinne go mór leis. Nuair a bheidh sé críochnaithe, soláthrófar leis an mol nua saoráidí úrscothacha spóirt agus áineasa agus deiseanna den scoth chun rannpháirtíocht a mhéadú i gclubanna spóirt áitiúla agus i bhforbairt pobail, ar aon dul le Plean Forbartha na Comhairle.
Comóradh tús na n-oibreacha trí shearmanas casadh fóid a reáchtáil, rud ar ar fhreastail an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, comhaltaí den Oireachtas, agus grúpaí pobail áitiúla. Beidh páirc shintéiseach uile-aimsire sacair agus CLG i Mol nua Spóirt agus Áineasa Pháirc na Rátha Móire, mar aon le raon lúthchleasaíochta tuilsoilsithe ocht lána a bheidh ag teacht le sonraíocht Lúthchleasaíocht an Domhain.
L/R: Matthew McAleese, Director of Infrastructure and Transport; Kevin Halpenny, Senior Parks & Landscape Officer; Mayor of Fingal Cllr Tony Murphy, Edward McDaniel; Director Dancor Civil Engineering; and AnnMarie Farrelly, Chief Executive.
Rathmore Park Sports Recreational Hub Video
Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: "I bpobal dinimiciúil óg a bhíonn ag fás, imríonn an spórt ról ríthábhachtach maidir le cuimsiú, folláine agus ceangal a chur chun cinn. Tá saoráidí ardchaighdeáin den sórt seo riachtanach chun stíleanna maireachtála níos sláintiúla agus níos gníomhaí a spreagadh do dhaoine de gach aois. Is ionann forbairt an mhoil nua shuntasaigh áineasa seo agus infheistíocht mhór sa phobal áitiúil. A bhuí leis an mol, beidh deiseanna níos fearr ag daoine páirt a ghlacadh sa spórt agus i ngníomhaíocht fhisiciúil, rud a chabhróidh le rannpháirtíocht a mhéadú, le naisc phobail a neartú agus le tacú le fás agus forbairt leantach an spóirt i Lusca agus sa mhórlimistéar."
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: "Tá forbairt Mhol Áineasa Lusca ina cuid den tiomantas leanúnach atá againn saoráidí ardchaighdeáin a sholáthar don phobal áitiúil. Dearadh an tsaoráid nua-aimseartha spóirt agus áineasa seo chun freastal ar raon leathan gníomhaíochtaí spóirt, agus cruthófar deiseanna luachmhara do chlubanna, do scoileanna agus do ghrúpaí pobail chun a bheith páirteach, chun traenáil agus chun fás dá barr."
Áirítear leis na hoibreacha eile a dhéanfar chun an tsaoráid a chomhlánú spásanna páirceála rothar faoi dhíon, soláthairtí athluchtaithe feithiclí leictreacha, síneadh leis an gcarrchlós, agus oibreacha gaolmhara tírdhreachaithe. Agus é faoi stiúir ag Rannóg Páirceanna agus Bonneagair Ghlais na Comhairle, tiocfaidh an tionscadal chun bheith ina thaitneamhacht luachmhar spóirt do mhuintir Lusca agus an mhórlimistéir.