Cuireann Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall ‘Once Upon A Sound at the Hide Sculpture’ i láthair

I ‘Once Upon A Sound at the Hide Sculpture’, tugann an craoltóir iomráiteach Donal Dineen sinn ar iniúchadh domhain ar cheol i gcuideachta roinnt de na ceoltóirí is fearr sa tír.

Inseoidh siad scéal a bhfuaime, na n-amhrán, na n-uirlisí, agus an bhaint atá acu leo.

I ngach sraith seinnfidh siad ag an Dealbh Hide, dealbh leis an ealaíontóir Garrett Phelan a thugann cuireadh do mhachnamh agus d’éisteacht dhomhain. Tá sé suite ar feadh Inbhear Bhaile Róiséir, Tuaisceart Bhaile Átha Cliath agus tá daonra éagsúil éan cónaitheach agus éan imirceach ann a roghnaigh an áit seo mhar bhaile.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Is úsáid nuálach eile iad na taifeadtaí seo den Dealbh Hide ag Páirc Bhaile Róiséir agus tréaslaím leo siúd atá ag forbairt na páirce mar shócmhainn níos mó do phobal Fhine Gall agus tá áthas orm na healaíona a fheiceáil ag cur leis an bpróiseas seo.”

Dúirt Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí: “Lig an tsraith seo dúinn rannpháirtíocht an luchta fhéachana leis an Dealbh Hide a leathnú de réir mar a leanann an pháirc ag forbairt ina taitneamhacht phoiblí agus ag an am céanna ag tabhairt aitheantais i gcónaí don aird mhór a mheallann an dealbh bhuan seo thar raon ardán cultúrtha.

Déantar ‘Once Upon A Sound at the Hide Sculpture’ a thaifeadadh agus a eisiúint mar shraith leanúnach ar líne. Beidh agallaimh agus léirithe in eagrán an Earraigh/an tSamhraidh seo le cuid de na taibheoirí is spreagúla in Éirinn. An mhí seo tá an-áthas orainn Niwel Tsumbu a chur i láthair. Ó tháinig sé go hÉirinn ón gCongó i 2004, tá cáil inmhaíte ar Niwel Tsumbu mar ghiotáraí, amhránaí, ceoltóir, comhoibrí agus cumadóir galánta agus oilte. Sheinn sé leis na ceoltóirí is fearr in Éirinn agus go hidirnáisiúnta agus é ag leanúint ar aghaidh ag cruthú a cheoil chumaisc sainiúil féin de snagcheol nua, rhumba, domhan, flamenco, rac, soukous agus clasaiceach.

Labhrann Niwel faoi cheol ar an mbealach líofa céanna a sheinneann sé an giotár. Bhí an t-ádh linn é a fháil faoi lánseol don triú heagrán de ‘Once Upon A Sound at the Hide Sculpture.’

Labhair Emer O’Gorman, Stiúrthóir Forbartha Turasóireachta, Eacnamaíochta agus Cultúrtha do Chomhairle Contae Fhine Gall faoin tionscnamh: ”Tá fíoráthas orainn tacú leis an sraith seo go háirithe mar chuid dár n-infheistíocht shuntasach sa Dealbh Hide ag Páirc Bhaile Róiséir, Lusca go háirithe le linn Covid 19 nuair atá sé níos tábhachtaí ná riamh tacú le healaíontóirí, go háirithe ceoltóirí a bhfuil tionchar ag na deiseanna laghdaithe orthu dul ar camchuairt agus léiriúchán beo a thabhairt, rud a bhraitheann gach éinne uathu go mórmhór.”

Is é suíomh an tionscnaimh seo an Dealbh Hide, saothar buan ealaíne poiblí leis an ealaíontóir Garrett Phelan. Tá sé suite ar Inbhear Bhaile Róiséir, Lusca agus tá sé coimisiúnaithe trí Chlár Ealaíne Poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall. Chruthaigh Garrett an Dealbh Hide mar Shéadchomhartha den 21ú hAois a bhfuil feidhm ag baint léi trí chuireadh a thabhairt d’éagsúlacht rannpháirtíochta leis thar réimsí an oideachais, an cheoil, an ghníomhaíochais agus an phobail chun tuiscint níos fearr a chruthú ar áit na healaíne sa tsochaí. Meabhraíonn an Dealbh Hide agus a cóngaracht leis na taoidí athraitheacha agus pátrúin éan imirceach Inbhear Bhaile Róiséir, dúinn ce chomh nasctha atáimid lenár dtimpeallacht nádúrtha, deasghnátha an tseanshaoil agus leo siúd a raibh meas acu ar an nádúr mar threoir agus mar inspioráid don teanga, ceol agus ealaín.

Dúirt an t-ealaíontóir áitiúil, Garrett Phelan: “Tar éis dom roinnt portráidí de Donal Dineen a chruthú le breis agus deich mbliana, ba dhul chun cinn nádúrtha agus foirfe dom cuireadh a thabhairt d’eispéireas agus do léiriú ceoltóirí agus ceoil Donal in atmaisféar, brí agus machnaimh an Dealbh Hide ar an mbealach is nádúrtha is féidir.”

Tá fíoráthas orainn na heagráin seo de ‘Once Upon A Sound at the Hide Sculpture’ a chur i láthair le Donal Dineen a léiríonn ionracas agus dáiríreacht dá chroí-lucht féachana, a d’fhorbair go leor acu a gcuid eolais ceoil leis le blianta fada. Tá Donal comhsheasmhach ina thiomantas chun peirspictíochtaí nua ar cheol a nascadh, a thuiscint agus a chur in aithne do lucht féachana le breis agus fiche bliain.

Beidh ‘Once Upon a Sound at the Hide Sculpture’ le Niwel Tsumbu ar fáil le feiceáil ar Vimeo Ealaíona Fhine Gall & www.thehideproject.com áit is féidir leat breith suas freisin leis an sraith go dtí seo le léiriúcháin fhíoráille le Liam Ó Maonlaí agus Anna Mieke.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Caroline Cowley – Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí Caroline.C%6fw%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]
 

Instagram @thehideproject
Facebook @thehideproject