Cuireann Comhairleoirí Chomhairle Contae Fhine Gall cruinniú ar siúl le hionadaithe Uisce Éireann

Chas Comhairleoirí Chomhairle Contae Fhine Gall le hionadaithe ó Uisce Éireann i ndiaidh an dá Fhógra chun Uisce a Bheiriú a eisíodh le déanaí a d’imir tionchar ar an soláthar uisce i réigiún Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. 

D’fhreastail Ceann Oibríochtaí Sócmhainní Náisiúnta Uisce Éireann, Michael O’Leary, ar chruinniú an Choiste Eagraíochta agus Nós Imeachta ag Áras an Chontae i Sord. Tugadh cuireadh roimhe seo d’Uisce Éireann chun freastal ar chruinniú iomlán na Comhairle i Samhain ach dhiúltaigh siad chun freastal.

Thug an tUasal O’Leary faisnéis do na comhairleoirí ar staid na gcúrsaí faoi mar a bhí ag an tráth sin i ndiaidh na n-eachtraí a tharla ag Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin i nDeireadh Fómhair agus Samhain. Thug sé cuntas ar ghníomhartha a theastaigh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus thug sé liosta, chomh maith, ar na chéad chéimeanna eile sular fhreagair sé réimse fairsing ceisteanna ó chomhairleoirí.

Soláthraíonn Léim an Bhradáin 30% den soláthar uisce do réigiún Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, tromlach na 300,000 saoránach ina measc a chónaíonn i bhFine Gall. Is ón ionad nua, a tógadh in 2014, a thagann tuairim is an tríú cuid den uisce a tháirgeann sé, agus táirgtear an dá thrian eile den soláthar san ionad níos sine.

Ón mbliain 2014 ar aghaidh, d’oibrigh Comhairle Contae Fhine Gall Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin faoi Chomhaontú seirbhíse le hUisce Éireann. Faoin gComhaontú, cuireann Rannóg Seirbhísí Uisce Chomhairle Contae Fhine Gall soláthar foirne ar fáil ar bhonn 24 uair an chloig, agus tá Uisce Éireann freagrach as na costais go léir a thaibhítear. Déanann Uisce Éireann aon chinntí maidir le hathchóiriú agus ionadú caipitil ag an Ionad agus íocann Uisce Éireann as seo.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien:  ‘Is deas liom gur fhreastail Uisce Éireann ar an gcruinniú ina raibh an deis ag comhairleoirí éisteacht go díreach uathu faoi na Fógraí chun Uisce a Bheiriú a eisíodh le déanaí. B’ábhar díomá, mar sin féin, dom féin agus do chomhairleoirí eile gur dhiúltaigh Uisce Éireann chun freastal ar an gcruinniú den Chomhairle Contae a craoladh go poiblí. D’imir an dá theagmhas tionchar suntasach ar chónaitheoirí Fhine Gall agus ba thábhachtach go raibh comhairleoirí in ann cuntas a thabhairt ar a mbuarthaí agus freagraí a lorg thar ceann a dtoghthóirí.”