Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall Tionscnamh Pobail Bí Gníomhach i láthair

Iarrann Comhairle Contae Fhine Gall ar chumainn spóirt agus an pobal áitiúil teacht le chéile chun cabhrú le daoine bheith gníomhach.

Mar chuid de “Dúshlán an Chumainn Ghníomhaigh”, chruthaigh Oifig Spóirt Fhine Gall comhpháirtíochtaí le Cruicéad Laighean, Cumann Peile na hÉireann (an FAI), Rugbaí Laighean agus Leadóg Éireann, chun bealach taitneamhach a chruthú do dhuine ar bith, ach go háirithe iad siúd a bhféadfadh go raibh siad ag streachailt bheith gníomhach i rith na paindéime, chun an chéim sin a chur díobh i dtreo bliain níos gníomhaí in 2021.

A bhuíochas le cistiú ó Spórt Éireann agus Éire Shláintiúil, tá an clár sé seachtaine, a thosófar Dé Luain, an 14 Meitheamh agus atá saor in aisce d’aon chumann spóirt i bhFine Gall deartha go speisialta chun timpeallacht shábháilte, thaitneamhach, agus spreagúil a sholáthar lena cheadú do rannpháirtithe aclaíocht agus teacht aniar a fhorbairt.

Tá na cumainn spóirt go léir á spreagadh bunú grúpaí reatha, siúil agus/nó rothaíochta a éascú dá mbaill agus do dhaoine nach baill iad chun cabhrú leo bheith gníomhach ina bpobal áitiúil agus bheith sábháilte i gcomhthráth.

Mar chuid de na cláir sé seachtaine sa siúl, rith nó rothaíocht, cuirfidh Comhairle Contae Fhine Gall seisiún saor in aisce ‘Eolas ar Chothú’ ar siúl do gach rannpháirtí agus seisiún ar líne ‘Tús Eolais ar Aclaíocht’ chun roinnt tacaíochta agus comhairle a bhaineann le sláinte a thabhairt do rannpháirtithe le daoine a spreagadh leanúint le bheith páirteach sa chlár.  

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. David Healy:   “Déanann na grúpaí spóirt ar fud Fhine Gall obair iontach ar son pobal agus b’iontach dá mbeadh a mhéid díobh agus is féidir páirteach sa sárthionscnamh seo. Thaispeáin COVID dúinn gur láidre sinn le chéile, mar sin, déanaimis an pobal is gníomhaí in Éirinn d’Fhine Gall a luaithe agus a cheadaítear faoi shrianta an rialtais.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Glacann oibrithe deonacha i gcumainn spóirt páirt lárnach inár bpobail agus tá ar chumas acu daoine ar gach aois a spreagadh go díreach bheith níos gníomhaí. Tá na tairbhí a bhaineann le bheith bainteach i ngníomhaíocht choirp le dhá mhí dhéag anuas tugtha faoi deara againn go léir agus is féidir leis an gclár seo torthaí dearfacha sláinte agus folláine a sholáthar dóibh siúd atá bainteach.”

Chun teacht ar eolas breise ar conas is féidir le do chumainn áitiúla clárú agus foghlaim faoi ‘Dúshlán an Chumainn Ghníomhaigh’, caith súil ar https://bit.ly/fingalactiveclub