Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall i gcuimhne don phobal gurbh é an 1 Eanáir an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí a dhéanamh ar Dhréacht-léarscáileanna na Cánach nua ar Thalamh Criosú Cónaithe

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag cur i gcuimhne don phobal go bhfuil an deis acu suas  go dtí Dé Domhnaigh an 1 Eanáir 2023 seiceáil agus aighneachtaí a dhéanamh ar na dréachtléarscáileanna a thaispeánann na tailte siúd i bhFine Gall a d’fhéadfadh a bheith faoi réir na Cánach nua ar Thalamh Criosú Cónaithe.

RZLT pic.PNG

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag cur i gcuimhne don phobal go bhfuil an deis acu suas  go dtí Dé Domhnaigh an 1 Eanáir 2023 seiceáil agus aighneachtaí a dhéanamh ar na dréachtléarscáileanna a thaispeánann na tailte siúd i bhFine Gall a d’fhéadfadh a bheith faoi réir na Cánach nua ar Thalamh Criosú Cónaithe.

Cáin nua is ea an Cháin ar Thalamh Criosaithe Chónaithe atá dírithe ar sholáthar na tithíochta a mhéadú trí thailte atá criosaithe agus seirbhísithe (lena n-áirítear tailte úsáide measctha) um fhorbairt cónaithe a chur i ngníomh le haghaidh tithíochta. Is féidir le talamh atá aitheanta agus atá criosaithe le haghaidh tithíochta (agus talamh atá criosaithe le haghaidh úsáide measctha san áireamh) a bheith faoi réir cánach ón mbliain 2024. Is gealltanas é an cháin faoin mbeartas Tithíocht do Chách, plean tithíochta an Rialtais suas go dtí an bhliain 2030. Meastar nach bhfuil ann ach an séú cuid den talamh criosú cónaithe curtha i ngníomh le haghaidh tithíochta le linn an Phlean Forbartha sé bhliain de chuid an údaráis áitiúil.

Tá an Dréachtléarscáil ar fáil anois le féachaint ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall agus is féidir á feiceáil sna hoifigí poiblí suas go dtí Dé hAoine an 23 Nollaig 2022. Léiríonn an Dréachtléarscáil  na tailte siúd a d’fhéadfadh a bheith faoi réir na Cánach nua ar Thalún Criosaithe Cónaithe. Tá an deis ag úinéirí talún agus tríú páirtithe suas go dtí Dé Domhnaigh 1 Eanáir 2023 aighneacht a dhéanamh chuig Comhairle Contae Fhine Gall faoi cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an talamh ar an léarscáil na critéir maidir lena bheith faoi réir na cánach.

Is féidir leo:

1. Moladh a dhéanamh ar cheartúchán ar an Dréacht-Léarscáil Cánach na dTalún atá Criosaithe do Chónaithe má bhraitheann siad nach gcomhlíonann an talamh atá ar an léarscáil na critéir lena mbaineann, nó muna n-aontaíonn siad leis an dáta a luaítear ar na léarscáileanna gur chomhlíon an talamh sin na critéir.

2. Iarratas ar athrú a dhéanamh ar chriosú a gcuid talún a ionas nach mbeidh sí faoi réir na cánach

3. Talamh eile ar cheart a bheith faoi réir na cánach a aithint

Agus scrúdú an phobail ar an Dréachtléarscáil a dhéanamh á moladh aige, dúirt Matthew McAleese, Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh Chomhairle Contae Fhine Gall:

“Molaim go láidir do bhaill an phobail scrúdú a dhéanamh ar an Dréachtléarscáil a foilsíodh ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall agus, más gá, aighneacht a dhéanamh roimh an spriocdháta Dé Domhnaigh an 1 Eanáir 2023. Teastaíonn soláthar méadaithe na tithíochta ó Fhine Gall chun freastal ar riachtanais an tithíochta againne agus tá sé mar aidhm ag an gcáin nua úinéirí talún a dhreasú chun tithíocht a fhorbairt ar a gcuid tailte seirbhísithe atá criosaithe don tithíocht, idir an talamh siúd a bhfuil cead pleanála reatha acu agus an talamh nach bhfuil.”

Cáin bhliantúil is ea an Cháin ar Thalamh Criosú Cónaithe, atá dlite den chéad uair sa bhliain 2024 maidir le tailte atá léirithe ar na léarscáileanna deiridh atá le foilsiú ag na húdaráis áitiúla ar an 1 Nollaig 2023. Beidh feidhm ag an gCáin ar Thalamh Criosú Cónaithe go bliantúil ag ráta 3% de luach margaidh na talún. Déanfar an cháin a riar ar bhonn féinmheasúnaithe.

Ní bheidh ar úinéirí tí an Cháin ar Thalamh Criosú Cónaithe a íoc má tá áit chónaithe acu atá le feiceáil ar Léarscáileanna na Cánach ar Thalamh Criosú Cónaithe de chuid na n-údarás áitiúil, ach atá faoi réir na Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ). Más le húinéir tí a leithéid áit chónaithe, agus má tá an talamh/na gairdíní/na clóis atá ceangailte leis níos mó ná 0.4047 heicteár, beidh orthu clárú don

Cáin ar Thalamh Criosú Cónaithe leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach ní bheidh an dliteanas orthu an cháin a íoc. Beifear in ann clárú don cháin ó dheireadh na bliana 2023 ar aghaidh.

D’fhéadfadh do mbeadh gá le húinéir tí an cháin a íoc má tá maoin chónaithe aige atá le feiceáil ar léarscáileanna na n-údarás áitiúil um Cháin ar Thalamh Criosú Cónaithe nach bhfuil faoi réir na CM

Is féidir an Dréachtléarscáil de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle ag https://consult.fingal.ie/ga/consultation/residential-zoned-land-tax-co… nó, ag a hoifigí poiblí suas go dtí an 23 Nollaig 2022. Is féidir faisnéis níos ginearálta faoin mbeart a fheiceáil freisin ag http://www.gov.ie/rzlt

Tá tuilleadh le léamh ar fáil ar ár leathanach tiomnaithe na Cánach ar Thalamh Criosú Cónaithe

Tá físeán i leith na Cánach le feiceáil anseo: