Cuireann Comhairle Chontae Fhine Gall Fáilte Roimh Tradfest 2023

Fingal County Council Welcomes Tradfest 2023

Tá áthas an domhain ar Chomhairle Chontae Fhine Gall chun fáilte a chur roimh TradFest, an fhéile cheoil thraidisiúnta agus tíre is mó in Éirinn isteach inár suíomhanna stairiúla agus láithreacha pictiúrtha i réigiún Fhine Gall chun ceol agus cultúr beo iontach na hÉireann a cheiliúradh agus a bhaint taitneamh as.

Gach Eanáir, cuireann TradFest na scoth-oirfidigh ceoil aitheanta agus na scoth-oirfidigh atá ag teach chun cinn is fearr os comhair lucht féachana atá ag méadú in Éirinn agus go hidirnáisiúnta le breis agus 50 imeacht ar siúl thar chúig lá ón gCéadaoin, 25 go dtí an Domhnach, 29 Eanáir 2023. 

Dúirt an Méara Fhine Gall, Comhairleoir Howard Mahony: “Is deis iontach é seo d’Fhine Gall a bheith mar chuid lárnach d’fhéilire TradFest a bhfuil ardmheas air, bunchloch domhain an cheoil thraidisiúnta.

“Tugann sé an deis dúinn, oidhreacht ceoil iontach agus luachmhar, atá againn anseo in Éirinn, a cheiliúradh agus a chur os comhair an phobail, agus é sin a dhéanamh i gcuid de na láithreacha is aitheanta atá againn, ó Chaisleán Mhullach Íde maorga agus an séipéal álainn i gcroílár Caisleáin Shoird go áilleacht Gairdíní Shackleton i gCluain Saileach. Tugann sé deis dúinn freisin Ionad Ealaíne Séamus Ennis san Aill a thabhairt ar ais i bhfócas, áit atá tiomnaithe d’fhear a thosaigh ag bailiú amhrán, foinn agus béaloideas a bheadh caillte go deo murach sin é.

“Mholfainn do gach duine – bíodh sé ina chónaitheoirí i bhFine Gall nó ina gcuairteoirí ar an gContae – teacht ann agus taitneamh as seisiúin iontach ceoil agus amhrán a bhaint.”

Beidh ceolchoirm cheoil traidisiúnta á reáchtáil ag Frankie Gavin agus Catherine McHugh sa tSéipéal, Caisleán Shoird ar an Satharn, 28 Eanáir agus beidh an Saíocht ina dhiaidh le Stephen Rea, Louise agus Michelle Mulcahy, Felispeaks agus Neil Martin.

Beidh The Dublin Legends ag seinm ar thailte Gairdín Shackleton ar an lá céanna le geallúint go seinnfidh siad na hamhráin is fearr leo, in éineacht leis The Akano Rhythm Brothers ag léiriú gnéithe de cheol tíre na Nigéire, afrobeat le func, soul agus snagcheol, taispeántas gan a bheith caillte.

Beidh an t-amhránaí aitheanta ó Chontae na Gaillimhe, Niamh Regan, ag seinm sa Halla Mór i gCaisleán Mhullach Íde Dé Domhnaigh, 29 Eanáir, agus cuirfidh an Saíocht le Stephen Rea, Louise agus Michelle Mulcahy, Felispeaks agus Neil Martin deireadh leis na himeachtaí ar fad a bheidh ar siúl i bhFine Gall.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Is é seo an chéad uair a d’éirigh le TradFest dul thar a bhunáit thraidisiúnta i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus feicimid é mar dheis chun aird a tharraingt ar na réadmhaoine iontacha oidhreachta atá againn i bhFine Gall chomh maith le freastal ar an éileamh láidir ar ghníomhaíochtaí cultúrtha ar fud an Chontae. Táimid ag tnúth le bheith ag obair leis an Temple Bar Company chun TradFest Fhine Gall a leathnú sna blianta amach romhainn.” 

Le tuilleadh eolais agus ticéid chuig imeachtaí a fháil féach, le do thoil, arhttps://tradfesttemplebar.com/

 

 

Fingal County Council Welcomes Tradfest 2023
Fingal County Council Welcomes Tradfest 2023