Cruinniú na nÓg 2023 –Glao ar Thograí

Tá Oifig Ealaíon Fhine Gall ag lorg tograí ó Ealaíontóirí agus Cleachtóirí Cruthaitheacha maidir le forbairt agus seachadadh tionscadal ealaíonta do leanaí agus daoine óga le haghaidh Cruinniú na nÓg 2023.

Cruinniu na nOg Logo

Tá Oifig Ealaíon Fhine Gall ag lorg tograí ó Ealaíontóirí agus Cleachtóirí Cruthaitheacha maidir le forbairt agus seachadadh tionscadal ealaíonta do leanaí agus daoine óga le haghaidh Cruinniú na nÓg 2023. Is tionscnamh suaitheanta de chuid Chlár Éire Ildánach, agus i mbliana beidh sé ar siúl ar Dé Sathairn 10ú Meitheamh. Tá na coimisiúin ann chun ábhar ealaíonta agus cruthaitheach a fhorbairt a mheallfaidh leanaí/daoine óga (0-18 mbliana d’aois) in eispéiris uathúla in aon fhoirm ealaíne agus mar fhreagra ar aon téama - lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta d’amharc-ealaíona, ceol, litríocht, amharclannaíocht, taibhiú, an focal labhartha, faisean, grianghrafadóireacht, ealaín dhigiteach, ealaín suiteála, ealaín sráide, scéalaíocht, ailtireacht, bithéagsúlacht, oidhreacht, seandálaíocht, tírdhreach. Tá suim againn tús áite a thabhairt do rannpháirtíocht aghaidh ar aghaidh, ach glacfaimid le tograí maidir le hábhar nuálaíoch raidió, teilifíse nó meán digiteach. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé mar aidhm ag tograí dul i ngleic le suíomhanna luath-óige / óige / pobail / ealaíona, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, teaghlaigh agus níos mó.

Amlíne: Is féidir le tograí do thionscadail seala ama tosú i mí na Bealtaine agus teacht chun críche i Meitheamh/Iúil. Tá comhroinnt leath bealaigh nó cur i láthair ar thorthaí Dé Sathairn 10ú Meitheamh riachtanach.

Ní mór tograí do cheardlann nó imeacht aonuaire a sheachadadh ar Dé Sathairn 10ú Meitheamh.

Raon Buiséid: €4,000 - €20,000 (lena n-áirítear gach táille ealaíne, CBL agus costas ábhar / costas táirgthe / costas feidhmiúchán / costas cur chun cinn).

Spriocdháta le haghaidh iarratais: 5 Aibreán 2023. Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar www.fingalarts.ie