Comhairleoir nua comhthofa de chuid An Pháirtí Ghlas i bhFine Gall

Cllr Michelle Griffin will represent the Ongar area of Fingal

Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall roimh an mball is nuaí di, an Comhairleoir Michelle Griffin, a comhthoghadh ar an údarás áitiúil mar chomhairleoir de chuid an Chomhaontais Glais.

Mhol a comhghleacaí de chuid an Chomhaontais Ghlais, an Comhairleoir Pamela Conroy, an Comhairleoir Griffin le tacaíocht ón gComhairleoir David Healy . Líonann sí an suíochán i dToghcheantar Áitiúil Ongar a fágadh folamh nuair a d’éirigh Daniel Whooley as.

Toghadh Daniel Whooley sa bhliain 2019 agus d’fhreastail sé mar Leas-Mhéara Fhine Gall sa bhliain 2021-22.

Tá an Comhairleoir Griffin, a bhfuil cónaí uirthi in Ongar, ag obair in earnáil an oideachais aosaigh agus cuireaann sí modúil chruthaitheacha ar fáil laistigh den phobal ar fud Bhaile Átha Cliath 15.

Ag cur fáilte roimh an deis ionadaíocht a dhéanamh thar ceann muintir Ongar, dúirt an Comhairleoir Ó Griffin gur theastaigh uaithi oibriú i gcomhar le muintir na háite, le grúpaí deonacha, leis na pobail agus leis na geallsealbhóirí eile chun cabhrú leis an gcothromas sóisialta agus le marachtantach níos fearr a bhaint amach.

Chomh maith lena bheith ina hionadaí ar cheantar Bhaile Átha Cliath 15, feidhmeoidh sí anois ar an gCoiste um Beartais Straitéiseacha na Tithíochta; ar Chomhchoiste na Póilíneachta; ar an nGrúpa Stiúrtha de chuid Chrios Forbartha Straitéisí Hansfield; ar Chomhairle na nÓg; agus mar Bhall de Thascfhórsa Áitiúil um Dhrugaí agus um Alcóil Bhaile Bhlainséir.