Colún Sábháilte Bhaile Brigín daingnithe ag Grúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín

Dhaingnigh Grúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín Colún Sábháilte Bhaile Brigín ag a chruinniú ráithiúil inné (Dé Céadaoin, 17 Feabhra).

Fágann sé sin go bhfuil cúig cholún ann a bhfuil an Grúpa Ceannaireachta freagrach astu le Baile Brigín Sábháilte á chur leis an nGeilleagar Áitiúil & Fiontar, Gnóthaí Pobail & Imeascadh, Fostaíocht, Oideachas & Oiliúint agus Réimse Poiblí & Cruthú Áite. 

Ag an gcuinniú ceapadh Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána atá éirithe as mar Chathaoirleach Cholún Sábháilte Bhaile Brigín agus chomhaontaigh an Grúpa Ceannaireachta téarmaí tagartha, ballraíochta agus clár oibreacha don Cholún nua. 

Chuaigh an tIarchoimisinéir Cúnta O’Sullivan ar scor ón nGarda Síochána i Márta 2020 tar éis gairme 39 bliain ag fónamh i réimse leathan róil in Éirinn, san Aontas Eorpach agus go hidirnáisiúnta. Bhí roinnt post lárnach aige sa Gharda Síochána, an ceann is déanaí mar an Coimisinéir Cúnta i gceannas ar shlándáil agus faisnéis náisiúnta. Tá sé fós ina bhall de Chumann Idirnáisiúnta Cheannairí Póilíní agus, i mí Iúil 2020, cheap an Rialtas é, ar feadh tréimshe ceithre bliana, mar dhuine de na daoine tuata a ainmníodh ar Choiste Pianbhreitheanna agus Treoirlínte Chomhairle Bhreithiúnach na hÉireann.  

Retired Garda Commissioner Michael O'Sullivan

Dúirt an tOllamh Brian MacCraith, Cathaoirleach Ghrúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín: “Is céim thábhachtach chun tosaigh don Ghrúpa Ceannaireachta é bunú Cholún Sábháilte Bhaile Brigín mar is freagairt dhíreach é ar aiseolas ón bpobal ag lorg infheistíochta sa réimse seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Roinn Dlí agus Cirt, An Garda Síochána agus Comhairle Contae Fhine Gall as an obair atá déanta acu ó Dheireadh Fómhair seo caite chun creat a bhunú don Cholún nua seo. Tá ceannaire den scoth aimsithe acu don Cholún san Iarchoimisinéir Cúnta Michael O’Sullivan agus beidh a thaithí ollmhór ó 39 bliain mar oifigeach póilíní ag obair in Éirinn agus thar lear ina bhuntáiste mhór do Bhaile Brigín agus muid ag iarraidh dearfacht agus folláine a fheabhsú trí chomhoibriú ilghníomhaireachta agus tionscnaimh póilíneachta pobail.”

Dúirt Michael O’Sullivan, Cathaoirleach Cholún Sábháilte Bhaile Brigín: “Tá fíoráthas orm a bheith ceaptha mar Chathaoirleach ar Cholún Sábháilte Bhaile Brigín agus a bheith i mo bhall de Ghrúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín. Tá foireann láidir curtha le chéile againn chun maoirseacht a dhéanamh ar Cholún Sábháilte Bhaile Brigín agus tá clár cuimsitheach oibreacha le seachadadh againn.”

Chomh maith leis an Iarchoimisinéir Cúnta O’Sullivan, cuimseoidh ballraíocht Cholún Sábháilte Bhaile Brigín ionadaithe ón Roinn Dlí agus Cirt, ón Roinn Leanaí & Gnóthaí Óige, ón nGarda Síochána agus ó Chomhairle Contae Fhine Gall chomh maith le hionadaithe ón Earnáil Phoiblí, ón Earnáil Oideachais agus ó Earnáil an Phobail agus ball den Ghrúpa Ceannaireachta.

Tionólfaidh Grúpa Sábháilte Baile Brigín a chéad chruinniú Dé Máirt, 23 Feabhra.