Cláraíonn Fine Gall Imreoir d'Foireann Idirnáisiúnta na hÉireann do Ról Forbartha Cruicéid

Chuir Cruicéad Laighean (Cricket Leinster) an ball 20 bliain d’aois d’Fhoireann Idirnáisiúnta na hÉireann, Lara Maritz, lena bhFoireann Forbartha Cruicéad, i gcomhar le hOifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall, chun tacú le cláir a fhairsingiú agus a fhorbairt i gceantar Bhaile Átha Cliath Thuaidh.

maritz cricket

Labhair Maritz, a d’imir ar son na hÉireann go hidirnáisiúnta an chéad uair agus í 16 bliana d’aois, go díograiseach faoina thábhachtaí a bhí a Cumann Cruicéid áitiúil i bhFine Gall, ‘The Hills’, i dtaobh cabhrú léi cairde a dhéanamh, a bhraistint go raibh sí mar chuid den phobal, agus lena chur ar a cumas a lánchumas a bhaint amach sa chluiche.

Ba í an chéad bhean a roghnaíodh le haghaidh chlár Idirbhliana Chruicéad Laighean san Afraic Theas freisin nuair a chaith sí socrúchán ocht seachtaine ag Scoil Menlo Park in Pretoria, agus bhain sí tairbhe as go leor de na cláir spreagúla de chuid Óige Laighean fad a tháinig forbairt uirthi mar chruicéadaí. Is í an taithí phearsanta seo a shaothróidh Maritz agus í ina cóitseálaí forbartha, ina mbeidh ról aici a chur ar chumas gach duine agus duine ar bith ar mian leo triail a bhaint as cruicéad é sin a dhéanamh.

Chuir Méara Fhine Gall, an Comh. David Healy, fáilte roimh an bhfógairt agus dúirt sé: “Dea-scéala mór don chluiche i bhFine Gall go bhfuil duine a fheabhas le Lara Maritz curtha leis an bhfoireann Forbartha Cruicéid.  Spreagfaidh sí go leor de na daoine óga a n-oibreoidh sí leo agus beidh deis acu arís eile taitneamh a bhaint as na tairbhí a chruthaíonn spórt eagraithe i ndiaidh go laghdófar na srianta.” 

Léiríonn an duine breise seo a cuireadh le foireann forbartha Chomhairle Fhine Gall, arbh é an dara duine a ceapadh tar éis gur ceapadh Mitchell Thompson le haghaidh phobal Bhaile an Tirialaigh, tiomantas na comhairle d’fhorbairt fiú níos mó a dhéanamh, agus bhí Príomhfheidhmeannach na Comhairle, AnnMarie Farrelly, an-sásta go deo go bhfuil an tUasal Maritz mar chuid den fhoireann agus dúirt sí:

“Tá bród an domhain ar Chomhairle Contae Fhine Gall ní hamháin go bhfuil siad ag cur lena bhfoireann forbartha cruicéid, agus gur cheap siad duine de na himreoirí idirnáisiúnta óga is fearr in Éirinn, ach go bhfuil Lara féin ag oibriú leo, a roghnaigh oibriú chun tacú lena pobal áitiúil agus gan ach aois 20 bliain slánaithe aici. Guím gach rath ar Lara ina ról nua” 

Is soiléir gurb ábhar spreagtha do Maritz an deis a chuir Comhairle Contae Fhine Gall ar fáil di: “Chuir an cruicéad ar bhealach mo leasa mé.  Chabhraigh sé liom muinín a fhorbairt, cairde a dhéanamh, agus deiseanna a fháil nach mbeadh tapaithe agam ina mhalairt scéil.  Is éard a bhaineann leis an ról seo ná a chur ar chumas gach duine i bhFine Gall an deis chéanna a fháil tosú le cruicéad a imirt, agus tá an-bhís orm faoin méid is féidir a bhaint amach, nuair a chuirtear fearadh na fáilte san áireamh a chuir scoileanna comhpháirtíochta romham cheana féin”.

Chuir tiomantas leanúnach Chomhairle Contae Fhine Gall don phobal cruicéid i bhFine Gall, agus tábhacht na teachtaireachta a chuir ceapadh Lara in iúl do cheantar Thuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath gliondar croí ar Bhrían O’Rourke agus dúirt sé: “D’eascair an borradh a tháinig ar chruicéad i bhFine Gall go díreach as an gcomhpháirtíocht phaiseanta a chruthaigh Cruicéad Laighean le Comhairle Contae Fhine Gall.  Céim eile chun cinn é ceapadh Lara chun cabhrú le fiú níos mó cruicéadaithe an deis a fháil an cluiche a imirt laistigh dá scoileanna, agus bheith bainteach freisin mar chruicéadaí idirnáisiúnta fad atá ullmhúchán á dhéanamh do Chorn an Domhain níos déanaí i mbliana”.

Cuirfidh Maritz tús oifigiúil lena ról i mBealtaine, agus déanfaidh sí a ról a chur ar bun i gcomhthráth le bheith tiomanta go leanúnach d’imirt le foireann idirnáisiúnta na hÉireann agus cuairteanna seachtainiúla cóitseála a thabhairt gach seachtain ar scoileanna a eagraítear le Scoil Réalta na Mara, Scoil Naomh Pádraig sna Sceirí, Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile (ETNS) Bhaile Brigín, Scoil Náisiúnta Bhaile an Mhiolbhardaigh agus Scoil Náisiúnta Naomh Caitríona sa Ros.

Anuas air sin, tacóidh an tUasal Maritz leis an tsraith reatha clinicí cóitseála a sholáthar atá á gcur ar siúl ag Cumann Cruicéid Bhaile Brigín do na haoisghrúpaí áitiúla faoi 11 agus faoi 13, fad a lorgaíonn sí tacú lena mhéid cruicéadaithe agus is féidir i bpobal Fhine Gall.

Chun teacht ar eolas breise ar chruicéad, déan teagmháil, le do thoil, le Brían O’Rourke, Bainisteoir Forbartha Cruicéid – Fine Gall, [email protected]