Cistiú Dáfa d’Fhine Gall Ildánach le haghaidh Dhá Thionscnamh Sláinte agus Folláine Ildánacha

Tá ríméad ar Fhine Gall Ildánach cistiú is fiú €303,750 a fháil le haghaidh dhá thionscnamh tríd an scéim dar teideal Sláinte agus Folláine Ildánach sa Phobal 2026-2028.

Leis an gcistiú sin, tacófar le 28 dtionscadal sa tír, lena n-áireofar 16 chomhoibriú Thuaidh-Theas faoi Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte. Is iad seo a leanas an dá thionscadal atá faoi stiúir Chomhairle Contae Fhine Gall

Cistiú Dáfa d’Fhine Gall Ildánach le haghaidh Dhá Thionscnamh Sláinte agus Folláine Ildánacha

Tá ríméad ar Fhine Gall Ildánach cistiú is fiú €303,750 a fháil le haghaidh dhá thionscnamh tríd an scéim dar teideal Sláinte agus Folláine Ildánach sa Phobal 2026-2028.

Leis an gcistiú sin, tacófar le 28 dtionscadal sa tír, lena n-áireofar 16 chomhoibriú Thuaidh-Theas faoi Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte. Is iad seo a leanas an dá thionscadal atá faoi stiúir Chomhairle Contae Fhine Gall:

Sláinte agus Folláine sa Phobal

Samhlaigh, Cruthaigh, Fás: Helium – Inspiring Life Through Art

Cistiú: €140,000

Leis an tionscadal seo, tacófar le leanaí a bhfuil riochtaí sláinte fisiciúla ar feadh an tsaoil orthu agus atá ina gcónaí i bhFine Gall, in éineacht lena dteaghlach. Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh, atá deartha dóibh siúd atá idir 8 mbliana d’aois agus 12 bhliain d’aois, agus i roinnt snáitheanna cláir suas le 16 bliana d’aois, tacaíochtaí cruthaitheacha sláinte a sholáthar trí cheardlanna pobail, trí champaí séasúracha, trí chlinicí péidiatraiceacha d’othair sheachtracha, agus trí rochtain ar líne. I measc na bpríomhghníomhartha tá rannpháirtíocht chruthaitheach faoi stiúir ealaíontóirí, ceardlanna lena ngabhann tacaíocht leighis, seisiúin tacaíochta do thuismitheoirí, gníomhaíocht ghuth na hóige, agus forbairt ghairmiúil ealaíontóirí áitiúla. Déanfar iarracht leis an tionscadal leithlisiú a laghdú, tacú le meabhairshláinte dhearfach, athléimneacht a thógáil, agus folláine a fheabhsú do leanaí agus do theaghlaigh a bhíonn ag déileáil le tionchair laethúla riochtaí ainsealacha sláinte, go háirithe laistigh de ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste nó de ghrúpaí a bhfuil sé níos deacra teacht orthu.

 

pic

Pobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte 

Domhain a Fhí le Chéile: Uaschúrsáil Chruthaitheach Faisin thar Theorainneacha agus thar Aoiseanna

Cistiú: €163,750

Is tionscadal oileáin comhroinnte uaschúrsála faisin idirghlúine é Uaschúrsáil Chruthaitheach Faisin thar Theorainneacha agus thar Aoiseanna lena dtugtar le chéile Comhairle Daoine Breacaosta Fhine Gall, grúpaí óige áitiúla, agus eagraíochtaí comhpháirtíochta i dTuaisceart Éireann (Linking Generations Northern Ireland agus Comhairle na hArda agus an Dúin Thuaidh). Comhoibreoidh na rannpháirtithe ar dhearadh faisin agus ar uaschúrsáil, agus iad ag bunathrú sean-éadaí ina bpíosaí cruthaitheacha inbhuanaithe.

Tá sé beartaithe go mbeidh seó faisin trasteorann mar bhuaicphointe an tionscadail, ar lena linn a cheiliúrfar cruthaitheacht chomhroinnte agus malartú cultúrtha. Leis na gníomhaíochtaí tánaisteacha, neartófar naisc idirghlúine agus thrasteorann trí chuairteanna ar cheardlanna cruthaitheacha, trí sheisiúin comhroinnte scileanna, trí fhorbairt muiníne, trí eispéiris chultúrtha, agus trí ghníomhaíochtaí chun caidrimh a chothú.

Leis an tionscnamh, cothófar comhoibriú, feasacht ar an inbhuanaitheacht, agus comhthuiscint ar fud na nglúnta agus na dteorainneacha trí chomhdhearadh praiticiúil agus trí rannpháirtíocht chruthaitheach.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach: https://www.gov.ie/en/department-of-culture-communications-and-sport/pr…

Is é is an Clár Éire Ildánach ann ná clár cultúir agus folláine uile-rialtais a dhéanann daoine, áiteanna agus pobail a spreagadh agus a bhunathú chun feabhais tríd an gcruthaitheacht. I bhFine Gall, rinne an fhoireann Cultúir agus Cruthaitheachta an clár a fhorbairt ar bhealach comhoibríoch. Tá an fhoireann comhdhéanta d’ionadaithe trasrannacha a bhfuil scileanna acu in a lán réimsí éagsúla saineolais.

pic