Ciste Séadchomharthaí an Phobail 2023

Tá Ciste Séadchomharthaí an Phobail 2023 ar oscailt anois le haghaidh iarratas go dtí an 27 Eanáir 2023.

CMF 2022 St Catherine's medieval church, Rush.jpg

Tá Ciste Séadchomharthaí an Phobail 2023 ar oscailt anois le haghaidh iarratas go dtí an 27 Eanáir 2023. Bunaíodh an Ciste sa  bhliain 2020 agus cuirenn sé infheistíocht ar fáil in oidhreacht luachmhar na seandálaíochta in Éirinn agus cabhraíonn sé lena gcuid úinéirí agus lena gcuid caomhnóirí na séadchomharthaí seandálaíochta a chosaint amach anseo ar leas na muintreacha áitiúila agus an phobail i gcoitinne.

Sa bhliain 2022, dáileadh breis is €400,000 trí Chomhairle Contae Fhine Gall ar sheacht dtionscadal lena n-áirítear oibreacha daingnithe ag Túir Cholm Cille i Sord, ar Shéipéal Meárnóg i bPort Mearnóg, ar Shéipéal Caitríona sa Ros agus ar Thúrtheach an Rois. Rinneadh roinnt suirbhéanna agus tuarascálacha bainistíocht an chaomhantais ag Coill an Mhóta san Aill, ag an Túrtheach agus Eaglais Mhuire i mBaile an Ridire agus ag Gleann Meáin sa tSeanbhaile.

CMF 2022 Survey of Moat Hill Naul.jpg

Deir an tOifigeach Oidhreachta, Christine Baker, ‘Tá os cionn 1,200 suíomh agus séadchomhartha seandálaíochta i bhFine Gall. Cuireann an ciste seo deis ar fáil ní hamháin chun á gcosaint agus á ndaingniú ach chun á léiriú d'fhonn rochtain ar ár oidhreacht seandálaíochta a chur ar fáil do chách’.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tcur fáilte anois roimh iarratais faoi thrí shruth atá le déanamh sa bhliain 2023. Trí Chiste Séadchomharthaí an Phobail, tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag infheistiú caipitil riachtanach inár n-oidhreacht seandálaíochta chun cabhrú lena gcuid úinéirí agus lena gcuid caomhnóirí na séadchomharthaí seandálaíochta a chosaint amach anseo ar leas na muintreacha áitiúila agus an phobail i gcoitinne. Siad príomhaidhmeanna an chiste seo ná caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur chun cinn na séadchomharthaí agus na suíomhanna seandálaíochta áitiúla. Cuireann an Roinn fáilte ar leith roimh thionscadail a gcuimsíonn gné a bhaineann le hoiliúint na scileanna traidisiúnta. Is féidir leis na húdaráis áitiúla, leis na húinéirí príobháideacha, le grúpaí an phobail agus le caomhnóirí na séadchomharthaí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi na trí shruth seo a leanas:

Beidh Sruth 1 ag tairiscint deontais suas le €100,000 atá dírithe ar dheisiúcháin riachtanacha agus oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus a dheisiú.

Beidh Sruth 2 ag tairiscint deontais suas le €30,000 le haghaidh Pleananna/Tuarascálacha Bainistíocht an Caomhantais a fhorbairt atá dírithe ar bhearta a aithint chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus an rochtain phoiblí orthú a fheabhsú.

Beidh Sruth 3 ag tairiscint deontais suas le €30,000 chun bonneagar na rochtana agus an léirmhíniú a fheabhsú (lena n-áirítear rochtain fhíorúil/ar líne) ag séadchomharthaí seandálaíochta.

Ba cheart d’iarratasóirí Lámhleabhar an CMF a léamh go cúramach agus a chinntiú go gcuirtear na módhráitis agus na toilithe lena mbaineann san áireamh leis an iarratas.

Críochnaigh an Fhoirm CMF-A thíos (ach amháin na codanna lena mbaineann)

Agus cuir Módh-Ráiteas cuimsitheach léi

Cuir isteach iad chuig an Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Chontae Fhine Gall,

Roimh 5in, Dé hAoine an 27 Eanáir 2023

Má tá aon cheist ort, déan teagmhail leis an Oifigeach Oidhreachta tri rPhost ag %43hristi%6e%65.%42ake%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]

Cáipéisí le híoslódáil:

Ciste Séadchomharthaí an Phobail 2023-Lámhleabhar CMF2023

Ciste Séadchomharthaí an Phobail 2023-Form Iarratais CMF-A

 

CMF 2022 St Columbas Towers.jpg