An chéad Chomórtas Gnó Inbhuanaithe buaite ag táirgeoir as an Ros

Sustainable Business Competition

Tá táirgeoir áitiúil a fhásann cúcamair Éireannacha ainmnithe ag Comhairle Contae Fhine Gall ina bhuaiteoir ar an gcéad Chomórtas Gnó Inbhuanaithe riamh ag an gComhairle. Bhain Welgro Produce atá lonnaithe ar an Ros an gradam amach mar chuid de thionscnamh atá dírithe ar ghnólachtaí ar fud Fhine Gall a spreagadh cuir chuige níos inbhuanaithe a chur i bhfeidhm maidir lena gcuid oibríochtaí ó lá go lá.

Ba sa bhliain 2020 a thosaigh oibríochtaí ar an bhfeirm nuair a ghlacadh cúram ar fheirm chúcamar thrí acra Thomas Collins agus Jim Carthy. Ó shin i leith, tá ag éirí le Welgro agus a gcuid táirgí, a fhásann go háitiúil, a thabhairt chomh fada le miondíoltóirí ar fud na tíre, miondíoltóirí amhail Dunnes Stores, Sam Dennigan agus Keelings. Tá Welgro ar cheann de líon fíorbheag táirgeoirí tráchtála cúcamar in Éirinn agus súil acu costas iompórtála a laghdú ar dhíoltóirí chun go mbeidh tomhaltóirí ábalta sult a bhaint as táirgí úra a fhástar in Éirinn.

Sa bhliain 2021 chuir an gnólacht tuairim is 600 tonna cúcamar ar bóthar óna mbunáit ar an Ros, is ionann sin agus 1.6 milliúin cúcamar aonair - líon dochreidte. Tá an comhlacht ag súil go dtiocfaidh méadú tuairim is 25 faoin gcéad ar an éileamh ar táirgí a fhástar in Éirinn sa bhliain amach romhainn, de bharr, den chuid is mó, fadhbanna le slabhraí soláthair idirnáisiúnta atá ag cur srian ar tháirgí iompórtáilte a bheith ar fáil.

Mar chuid den ghradam, gheobhaidh an gnólacht measúnú inbhuanaitheachta agus plean gnímh ó Patel Tonra Ltd. Environmental Solutions, atá bunaithe i mBaile Brigín, ceann de na seirbhísí sainchomhairleoireachta timpeallachta is mó a bhfuil meas orthu agus is mó a bhfuil taithí acu sa tír. Cuirfidh siad comhairle ar Welgro maidir le cleachtais níos inbhuanaithe a chur i bhfeidhm sa ghnólacht agus cuideoidh siad an bhfeirm atá ag méadú a gríosú chun an méid is mó a bhaint amach i dtaobh a méine a bheith ina táirgeoir inbhuanaithe.
 

Is éard a dúirt Sean Weldon, Stiúrthóir Welgro Produce: “Tá áthas an domhain orainn go bhfuil an Comórtas Gnó Inbhuanaithe buaite againn. Ar cheann de na cúiseanna a chuireamar isteach ar an gcomórtas bhí go gcreideamar go bhfuil sé riachtanach go ndéanfaimis ár gcuid cuidiú leis an ngéarchéim fuinnimh a mhaolú agus tá sé níos ábhartha anois ná mar a bhí riamh féachaint chun tosaigh agus cúnamh a thabhairt úsáid fuinnimh a laghdú chun teorann a chur ar líon na n-astaíochtaí carbóin sa timpeallacht. Beidh sé ina chuidiú mór dúinn léargas agus treoir a fháil ó shaineolaí inbhuanaithe a thiocfaidh isteach chun féachaint ar mar a bheidh muid ábalta feidhmiú níos fearr.” 

Is éard a dúirt Méara Fhine Gall, Seána Ó Rodaigh: “Ba mhaith liom comgháirdeas a dhéanamh le Welgro Produce agus gach rath a ghuí orthu agus iad ag cur an réiteach inbhuanaithe i bhfeidhm sna míonna amach romhainn.”

Is éard a dúirt Aoife Sheridan ó Thionscnaimh Fhine Gall Inbhuanaithe: “Is iontach an rud é gnólachtaí ó ar fud Fhine Gall a fheiceáil ag déanamh a ndícheall gníomhaíochtaí inbhuanaithe dearfacha a bhaint amach dá ngnólachtaí agus don timpeallacht.”

Is féidir sonraí maidir le tionscnamh Gnó Inbhuanaithe Fhine Gall a fháil ar: https://www.fingal.ie/sustainablebusiness 

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Welgro Produce lean a leathanach Facebook @WelgroProduce