Céim Mhór Chun Cinn Tugtha ag Bealach Cósta Fhine Gall agus An Bealach is Mó a bhFuil Luí Leis Foilsithe

Man kneels with sign in hands saying consult.fingal.ie

Foilsíodh an bealach is mó a bhfuil luí leis atá ag teacht chun le haghaidh an phríomhchonláiste atá Bealach Cósta Fhine Gall agus tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tabhairt ugach do dhaoine léirmheas agus ráiteas a dhéanamh maidir leis an mbealach sna seachtainí amach romhainn.

Agus imeachtaí ar an láthair agus ar líne ar na bacáin, mar ar féidir leis an bpobal casadh le foireann an tionscadal agus ceisteanna a chur orthu siúd, tá Comhairle Contae Fhine Gall a iarraidh tuairimí a fháil faoin togra.

Deir Maor Fhine Gall, an Clr Howard Mahony, gur céim mhór chun cinn do Fhine Gall a bheidh sa tionscadal. ‘Agus Bealach Cósta Fhine Gall curtha i gcrích, soláthrófar ann breis is 32km de bhealach cósta sábháilte ar féidir leis an uile dhuine rochtain a fháil air ionas gur féidir leo taitneamh a bhaint as cósta álainn Fhine Gall. Ní hé amháin go gcuirfear conláiste turasóireachta agus áitiúil den chéad scoth ar fáil dá bharr, ach ceanglóidh sé le chéile an Droichead Nua, Domhnach Bat, an Ros, Loch Sionnaigh, na Sceirí agus Baile Brigín bealach malartach comaitéireachta á chur ar fáil chomh maith céanna.

Bhí le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Anne Marie Farrelly, ‘Tá ár gcontae ag dul i méid, agus tá freagracht orainne a dhéanamh cinnte de go bhfuil sé níos fusa triall a dhéanamh chuige agus taisteal tríd. Ní hamháin go gceanglóidh Bealach Cósta Fhine Gall ár mbailte agus ár sráidbhailte lena chéile ar bhonn níos cógraí ná riamh, ach ceanglóidh sé le mórcheantar Bhaile Átha Cliath i gcoitinne chomh maith céanna. Cuirfear spás turasóireachta agus áineasa a bhfuil an-ghá leis ar fáil d’Fhine Gall dá bharr freisin. Beidh muirdhreach Fhine Gall thuaidh ina chúlra taibhseach foirfe don bhealach seo tríd an dúlra’.

Deir Cian O’Ceallachair, Innealtóir Feidhmeannach Sinsearach de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, go bhfuil an tábhacht leis an scéim i dtaca le forbairt Fhine Gall de. ‘Tá dúshláin go leor ag baint lena leithéid de scéim a sholáthar. Thóg sé tamall maith dul chomh fada leis an gcéim seo agus tá comhairliúchán á dhéanamh againn leis na pobail a ngabhfaidh an scéim i bhfeidhm orthu i gcaitheamh an phróisis. Ní mór go bhfaighimid scéala uathu siúd a mbeidh sé i gceist acu úsáid a bhaint as an mbealach nuair a bheidh sé tógtha. Inis dúinn do mheas ar an mbealach atá molta againn sula gcuirfear deireadh leis an gcomhairliúchán Dé Luain, an 5 Nollag.

Na daoine siúd ar spéis leo an bealach molta a fheiceáil agus a gcuid tuairimí a roinnt, is féidir leosan a leithéid a dhéanamh ag www.fingal.ie/fingalcoastalway, mar a dtiocfaidh siad freisin ar shonraí faoi stair an tionscadail go dtí seo. Gach aiseolas a gheofar roimh an Luain, an 5 Nollaig, léifidh foireann an tionscadail é de réir mar a leanfaidh obair deartha ar aghaidh.

Na daoine siúd ar fearr leo breathnú ar na dearaí ar an láthair, is féidir leosan freastal ar cheann amháin de cheithre imeacht bheo nó ar sheimineár gréasáin, mar a mbeidh an deis acu ceisteanna a chur ar fhoireann an tionscadail. Reáchtálfar seimineár gréasáin idir 7 agus 8pm, Dé Céadaoin, an 9 Samhain. Is féidir leat clárú don seimineár gréasáin ag www.fingal.ie/fingalcoastalway.

Reáchtálfar Imeachtaí ar an Láthair i gcaitheamh an chomhairliúcháin. Deir Comhairle Contae Fhine Gall nach gá clárú do na himeachtaí sin agus moltar dóibh siúd a bhfuil spéis acu iontu teacht ann agus casadh leis an bhfoireann i gcaitheamh an tráthnóna de réir mar fheileann a leithéid dá dtráthchlár féin.

  • Dé Máirt, an 15 Samhain. Shoreline Hotel, Domhnach Bat. 4-8pm.
  • Dé Céadaon, an 16 Samhain Cumann Seoltóireachta an Rois, 4-8pm.
  • Dé Máirt, an 22 Samhain. Cumann Rugbaí Na Sceirí, 5-8pm.
  • Déardaon, an 24 Samhain Bracken Court Hotel, Baile Brigín, 5-8pm.