Ceiliúrann Tréad Seanghabhar na hÉireann a gcéad lá breithe agus moltar iad as cabhrú le hiarrachtaí comhraicthe dóiteáin

Howth Goats

Bliain ar aghaidh ó fhógraítear tionscnamh féarach caomhnaithe cheannródaíoch i gcomhpháirtíocht le Cumann Seanghabhar na hÉireann, deir Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuil an scéim trí bliana ag éirí thar barr agus go bhfuil fáilte mhór roimh an bpobal áitiúil.

An samhradh seo caite, bhí go leor dóiteáin os comhar Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath (DFB) i mBinn Éadair thar thréimhse fhada sé seachtaine nuair a bhí an chuma ar an scéal go raibh an deatach i gcónaí ag brúchtadh ó ráig. Dhá mhí ina dhiaidh sin, bhain DFB leas as criú nua de chomhraiceoirí dóiteáin, Seanghabhair na hÉireann, a bhí suite go buan ar an gcnoc, rud a d’fheabhsaigh cúrsaí go mór ó shin i leith.

Tá a gcion déanta ag an tréad ag ithe a mbealach trí fhásra ar nós aiteann, driseacha agus raithneach. Trí laghdú a dhéanamh ar an bhfásra indóite agus trí toitbhearnaí atá ann cheana féin a chothabháil, tá siad ag laghdú leathadh féideartha aon fhalscaí a d’fhéadfadh tosú.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: “Is minic a mbíonn falscaithe i mBinn Éadair, agus bhí an baol do réadmhaoin ó fhalscaithe an-ard. Tá lúcháir orainn go bhfuil an tionscadal uathúil seo ag éirí chomh maith faoi láthair - tá ról tábhachtach ag na gabhair i bhfeabhsú bithéagsúlacht na gnáthóige agus tá grá mór ag na daoine a bhuaileann leo agus iad thuas ar an gcnoc. Táim ag tnúth le feiceáil céard a bheidh i gceist leis an dá bhliain eile den tionscnamh seo.”

Dúirt Melissa Jeuken, tréadaí gabhair don Chumann Seanghabhar na hÉireann, a thosaigh ag bainistiú an tréada i mí Mheán Fómhair seo caite: “Bhí tionchar an-dearfach ag na gabhair ar na láithreacha féaraigh i mBinn Éadair le 12 mhí anuas, agus tá siad socraithe isteach go han-mhaith. Is suíomh iontach fíorálainn é Cnoc Bhinn Éadair le bheith ag obair ann, ach is tírdhreach iontach é freisin do na gabhair seo agus sílim go mothaíonn na Seanghabhair go bhfuil siad ar a nós féin ann. Tá an tréad faoi rath i mBinn Éadair.

“D’fháiltíomar freisin roimh 15 meannán nua a rugadh an t-earrach seo, rud a chuirfidh leis an tréad agus leis an obair iontach atá á déanamh acu. In éineacht leis na meannáin nua seo, tháinig foireann poic (gabhair fireanna) isteach ó Mhaigh Eo freisin agus mar sin tá 64 gabhar againn anois agus Cnoc Bhinn Éadair mar bhaile acu.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Ann Marie Farrelly “Agus an rath atá ar an tionscadal féaraigh le bliain anuas, tá tús curtha againn le féarach ag trí shuíomh eile i mBinn Éadair. Táimid tar éis é sin a dhéanamh i ndiaidh gabhair a thriail i gceantair éagsúla chun an tionchar a bhíonn ag innilt ó ghabhair atá bliain d'aois, ó mhinseacha agus ó phoic a chur i gcomparáid agus táimid ag iarraidh é sin a leathnú níos mó sa dá bhliain atá romhainn.”

Tá Cumann Seanghabhar na hÉireann suite sa Mhala Raithní, Co Mhaigh Eo. I 2011, thángthas ar na Seanghabhair deireanacha a bhí fágtha i measc an tréada gabhar fiáin ar an sliabhraon iargúlta sa Mhala Raithní Co. Mhaigh Eo. Bunaíodh clár pórúcháin i 2015 chun díothú an t-aon phór gabhair dúchasach in Éirinn a stopadh.

 

Howth Goats
Howth Goats