Ceiliúrann Comhairle Contae Fhine Gall Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach le searmanas ardaithe brataí

Fingal County Council celebrates Ireland’s EU Presidency with flag raising ceremony

Cuireadh searmanas oifigiúil ardaithe bhratach an Aontais Eorpaigh ar siúl inniu ag Áras an Chontae, Sord, chun tús Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a chomóradh.Bhí an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall, an tUas. Georgios Stilianopoulos A.S., Ambasadóir na Gréige chun na hÉireann, agus comhairleoirí áitiúla i gceannas ar an searmanas

Sna sé mhí atá amach romhainn, treoróidh Éire na caibidlí, déanfaidh sí comhaontú a shocrú idir na Ballstáit, agus cabhróidh sí le dlíthe agus beartais Aontais Eorpaigh a bhaint amach lena ndéanfar difear do shaol laethúil níos mó ná 450 milliún duine. Is í seo an t-ochtú huair atá an Uachtaránacht sealaíochta á sealbhú ag Éirinn.

Ag ardú na brataí dó, dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Is ábhar bróid é an lá inniu, a sheasann do chomhpháirtíocht, do shíocháin agus do chuspóir coiteann. Is sinne an t-údarás áitiúil is óige in Éirinn, tá ceann de na pobail is éagsúla sa tír againn. Mar gheall ar an éagsúlacht agus ar an bhfuinneamh óige sin, tá Fine Gall ina háit réamhbhreathnaitheach atá lán le smaointe, le huaillmhian agus le deiseanna, ar luachanna iad a léiríonn an chuid is fearr den Eoraip.”

flag group

Mar chuid den Uachtaránacht, péireáladh gach údarás áitiúil sa tír le Ballstát den Aontas Eorpach chun malartú cultúrtha, caidreamh leis an bpobal, agus naisc Eorpacha níos láidre a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil. Faoin tionscnamh, péireáladh Fine Gall leis an nGréig, agus tá an tAmbasadóir Georgios Stilianopoulos ag glacadh páirt i sraith imeachtaí caidrimh pobail ar fud an chontae, lena n-áirítear cuairteanna ar scoileanna, ar leabharlanna agus ar eagraíochtaí áitiúla.

Dúirt an tUas. Georgios Stilianopoulos A.S., Ambasadóir na Gréige chun na hÉireann: “Tá an searmanas seo ina léiriú ar na deiseanna a thairgeann Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh do phobail ar fud na hÉireann, agus cabhróidh sé lenár gcaidreamh Eorpach a neartú. Táim ag súil le páirt a ghlacadh sa raon leathan imeachtaí i bhFine Gall agus leis na naisc idir ár dá náisiún a neartú.”

Leis an Uachtaránacht, tugtar deis thábhachtach do phobail ar fud na tíre dul i ngleic le saincheisteanna Aontais Eorpaigh agus lenár gcaidrimh Eorpacha. Tá an clár agus féilire iomlán na n-imeachtaí don Uachtaránacht ar fáil ar shuíomh Gréasáin na hUachtaránachta.