Ceiliúrann Comhairle Contae Fhine Gall Rath Gradaim ag Bord Bia Bloom 2026

Bloom 2026

Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt gur bronnadh bonn óir uirthi ag Bord Bia Bloom i mbliana as a gairdín taispeántais den scoth dar teideal “Fine Gall: Pobail a Chothú tríd an Dúlra”. De bhreis ar an mbonn óir, fuair an gairdín an Gradam don Ghairdín is Inbhuanaithe, a bhfuil ardmheas air, rud a léiríonn rath suntasach eile don Chomhairle ag príomhfhéile garraíodóireachta agus gairneoireachta na hÉireann.

Tógann an gradam is déanaí seo ar rath iontach Fhine Gall ag Bloom 2024, nuair a fuair a gairdín taispeántais dar teideal “Filleadh ar an Dúlra” aitheantas náisiúnta as cuimse, agus Bonn Óir, an Gradam don Ghairdín Mór is Fearr sa Taispeántas, an Gradam don Fhoireann Tógála is Fearr, agus an Gradam don Ghairdín is Inbhuanaithe á mbuachan aige.

Leis an ngairdín a bhuaigh gradam na bliana 2026, leantar de thraidisiún Fhine Gall maidir le dearadh atá nuálach agus a bhfuil tionchar aige a sholáthar, agus béim láidir á leagan i mbliana ar gharraíodóireacht pobail agus ar ról na spásanna glasa comhroinnte maidir le ceangal, folláine agus inbhuanaitheacht a chothú.

Ba é Áit Urbanism + Landscape Ltd, cleachtas ailtireachta tírdhreacha agus deartha uirbigh a bhfuil gradaim buaite aige agus atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, a dhear “Fine Gall: Pobail a Chothú tríd an Dúlra”, ina gcuirtear timpeallacht fháilteach agus chuimsitheach i láthair inar féidir le cónaitheoirí teacht le chéile chun bia a fhás, chun eolas a chomhroinnt, agus chun pobail níos láidre a thógáil.

Bloom 2026

At the heart of the garden is a central canopy structure and propagation house, which serves as a focal point for gathering and collaboration. The design encourages the growing of seasonal produce while supporting the development of gardening skills and plant knowledge. Accessibility is a key feature, with raised planting beds at varying heights ensuring that people of all ages and abilities can actively participate.

Mayor of Fingal, Cllr Tom O’Leary, said: “We are incredibly proud to have received two awards at Bord Bia Bloom 2026. The ‘Nurturing Communities through Nature’ garden highlights the importance of creating spaces where people can come together, share experiences, and build stronger communities, while also connecting with the natural environment. It reflects our commitment to supporting sustainable and vibrant communities across Fingal.”

I gcroílár an ghairdín tá struchtúr lárnach ceannbhrait agus teach iomadaithe, a fheidhmíonn mar phointe fócasach le haghaidh bailithe agus comhoibrithe. Leis an dearadh, spreagtar táirgí séasúracha a fhás, agus tacaíocht á tabhairt do scileanna garraíodóireachta agus d’eolas ar phlandaí ag an am céanna. Gné ríthábhachtach is ea inrochtaineacht, agus cinntíonn ceapacha plandaithe ardaithe ag airdí éagsúla gur féidir le gach duine, beag beann ar aois agus ar chumas, páirt ghníomhach a ghlacadh.

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Táimid thar a bheith bródúil as dhá ghradam a fháil ag Bord Bia Bloom 2026. Tarraingítear aird sa ghairdín dar teideal “Pobail a Chothú tríd an Dúlra” ar an tábhacht a bhaineann le spásanna a chruthú inar féidir le daoine teacht le chéile, eispéiris a chomhroinnt, agus pobail níos láidre a thógáil, agus ceangal á dhéanamh leis an timpeallacht nádúrtha ag an am céanna. Tá sé ina léiriú ar ár dtiomantas do thacú le pobail inbhuanaithe bheoga ar fud Fhine Gall.”

Dúirt Kevin Halpenny, Oifigeach Páirceanna agus Tírdhreacha Sinsearach i gComhairle Contae Fhine Gall: “Is é atá san éacht seo ná fianaise ar dhícheall agus saineolas ár Rannóige Páirceanna agus na foirne i gCaisleán Bhrí Mhór, a d’oibrigh gan stad gan staonadh le roinnt míonna anuas chun an gairdín iontach seo a ullmhú agus chun beocht a chur ann. Léirítear sa tionscadal conas is féidir le spásanna atá deartha go cúramach tacú le folláine an phobail, agus táimid thar a bheith bródúil go mbeidh tionchar marthanach ag an ngairdín i gcónaí i ndiaidh Bord Bia Bloom.”

Trí thús áite a thabhairt do thionscnaimh garraíodóireachta pobail, tá sé mar aidhm ag Fine Gall comhtháthú sóisialta a fheabhsú, maireachtáil inbhuanaithe a chur chun cinn, agus feabhas a chur ar cháilíocht na beatha do chónaitheoirí.

I ndiaidh Bord Bia Bloom 2026, aistreofar an gairdín a bhfuil gradaim buaite aige chuig Gairdín Daingean Bhaile Breacáin, ar gairdín stairiúil i Sord é. Ansin, beidh sé mar bhonn le tionscnamh nua garraíodóireachta pobail, áit a mbunófar grúpa garraíodóireachta áitiúil chun an spás a chothabháil agus a fhorbairt mar acmhainn luachmhar phobail.

Leis an aitheantas is déanaí seo ag Bloom, tarraingítear aird ar cheannaireacht Chomhairle Contae Fhine Gall maidir le spásanna poiblí atá cruthaitheach, inbhuanaithe agus pobaldírithe a sholáthar. Agus í ag tógáil ar a héachtaí roimhe seo, leanann Fine Gall ar aghaidh ag léiriú conas is féidir gairdíní a úsáid chun pobail a spreagadh, a cheangal agus a shaibhriú, agus todhchaí níos glaise agus níos inbhuanaithe á cothú ag an am céanna.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo:
https://www.fingal.ie/bord-bia-bloom-2026-fingal-nurturing-communities-through-nature

 

Bloom 2026