Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach tofa ag cruinniú tionscnaimh Chácas na mBan

TReáchtáladh cruinniú tionscnaimh Chácas na mBan Chomhairle Contae Fhine Gall i dTeach an Droichid Nua inniu, an 29 Iúil 2021. Toghadh an Comhairleoir Karen Power agus an Comhairleoir Joan Hopkins mar Chathaoirleach agus mar Leaschathaoirleach faoi seach ag an gcruinniú.

The newly elected Chairperson and Vice, Chair Cllr Karen Power (left) and Cllr Joan Hopkins (right), respectivelly with Mayor Councillor Seána Ó Rodaigh (Centre)

Reáchtáladh cruinniú tionscnaimh Chácas na mBan Chomhairle Contae Fhine Gall i dTeach an Droichid Nua inniu, an 29 Iúil 2021. Toghadh an Comhairleoir Karen Power agus an Comhairleoir Joan Hopkins mar Chathaoirleach agus mar Leaschathaoirleach faoi seach ag an gcruinniú.

Tar éis cathaoirleacht a dhéanamh ar an gcéad chruinniú, is éard a dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh faoi: "Tá méadú ag teacht ar líon na gcomhairleoirí mná agus táimid ag súil go mbeidh Cácas na mBan ina spreagadh do níos mó ban páirt a ghlacadh i saol na polaitíochta áitiúla agus seasamh i dtoghchán mar go dtéann cothromaíocht inscne agus comhionannas chun tairbhe gach duine."

Is é fís Chácas na mBan go mbainfear amach comhionannas inscne i measc chomhaltaí tofa Chomhairle Contae Fhine Gall agus i measc daoine sa dáilcheantar. Creideann sé go dtéann comhionannas inscne chun leasa gach duine. Tá sé mar aidhm ag an gCácas ocht gcruinniú a bheith acu in aghaidh na bliana.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: "Is iontach an rud é a bheith anseo agus na mná inspioráideacha atá ina gcomhaltaí den Chéad Chácas na mBan de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall mórthimpeall orm. Chuir sé ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall bunú Chácas na mBan a éascú agus táim ag súil leis an méid a bhainfidh grúpa atá chomh spreagtha seo amach a fheiceáil."

Is é misean Chácas na mBan mná agus ionadaithe mionlaigh inscne ó gach pháirtí a thabhairt le chéile, mar aon leosan nach mbaineann le páirtí ar bith. Tá sé d'aidhm aige aird a tharraingt ar bhuntáistí na comhghleacaíochta, timpeallacht tháirgiúil rathúil a chruthú ina dtacófar le gach duine spriocanna chomhchoiteanna a bhaint amach, timpeallacht a chothú ina léireofar meas ar a chéile agus comhionannas a bhaint amach ar mhaithe le gach duine.

Tá sé i gceist ag comhaltaí an Chácais beartas agus tionscnaimh eile a fhorbairt agus a mholadh maidir le saincheisteanna a bhaineann le mná agus a dteaghlaigh chomh maith, tacú le rannpháirtíocht ban i gcúrsaí polaitíochta agus é a chur chun cinn go náisiúnta agus go háitiúil, agus clár oibre aontaithe Chácas na mBan a chur chun cinn laistigh de pháirtithe polaitíochta, obair choiste agus réimsí tionchair eile.

Dúirt an Chomhairleoir Karen Power, Céad Chathaoirleach Chácas na mBan: "Tá lúcháir orm a bheith tofa i mo Chathaoirleach agus is mór an onóir dom é a bheith mar urlabhraí an Chácais."

Is é ról Chathaoirleach Chácas na mBan ná cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe, a bheith ina urlabhraí, dul i mbun plé leis an gcomhairle ar ábhair an Chácais lena n-áirítear tuarascáil bhliantúil a ullmhú, agus dul i mbun plé le heagraithe seachtracha maidir le hábhair an Chácais. Déanfar cathaoirleach nua a thoghadh gach bliain.

Dúirt an Leaschathaoirleach nuathofa ar Chácas na mBan, an Chomhairleoir Joan Hopkins: "Tá sé de phribhléid agam an ról nua corraitheach seo a ghlacadh mar Leaschathaoirleach Chácas na mBan. Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall tacaíocht a thabhairt don Chomhairleoir Karen Power lena chinntiú go mbainfear amach an méid atá beartaithe againn a bhaint amach."

Bhí áthas ar na Comhairleoirí seo a leanas a bheith i láthair ag imeacht chomh iontach sin: Pamela Conroy, Tania Doyle, Brigid Manton, Mary McCamley, Siobhan Shovlin agus Natalie Treacy. Ar an drochuair, ní raibh na Comhairleoirí seo a leanas in ann a bheith i láthair, ach chuir siad a leithscéal: Ann Graves, Breda Hanaphy, Grainne Maguire, Punam Rane agus Aoibhinn Tormey.

 

shows all the Mayor, Chief Executive, female Councillors and members of the management teams in attendance at the Inagural meeting of Fingal County Council's Women's Caucus