Cas Arís É – Tá Fine Gall ag aimsiú bailte nua d'uirlisí sa phobal

rehoming instruments

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tacú le mí na hAthúsáide an Deireadh Fómhair seo. Tugann mí na hAthúsáide deis dúinn a bheith cruthaitheach maidir lenár smaointeoireacht agus deiseanna a aithint chun ábhair a athúsáid a bhféadfadh fáil réidh leo murach sin.

 

In Ionad Athchúrsála an Inbhir agus Ionad Athchúrsála Chúil Mhín, táimid ag bailiú ar bhonn gníomhach uirlisí a bhfaightear réidh leo agus táimid ag nascadh iad le háiteanna agus eagraíochtaí a bhfuil uirlisí ag teastáil uathu.  Faighimid uirlisí go rialta a raibh grá orthu roimhe sin agus a bhfuil baile nua ag teastáil uathu, cosúil le giotáir, fidleacha, foirne drumaí, ucailéilí agus a thuilleadh nach iad. Cuirimid bail orthu ionas gur féidir iad a chasadh agus bailímid iad lena leithdháileadh.

 

Bhí Rannóg Comhshaoil Fhine Gall ag dul i gcumarsáid le heagraíochtaí cosúil le Grúpaí na mBailte Slachtmhara i Sord a rinne na huirlisí seo a phéireáil le scoileanna áitiúla. In éineacht le Sinéad Fox, Oifigeach Feasachta Comhshaoil, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg eagraíochtaí deonacha a bhféadfadh uirlisí den chineál sin a bheith ag teastáil uathu mar chuid dá seirbhísí. Ba mhaith linn cloisteáil ó eagraíochtaí cosúil le hIonaid Óige agus Teaghlaigh, Ionaid Uathachais nó tithe cónaithe le haghaidh Andúile - gach cineál eagraíochta a bhféadfadh meascán uirlisí a bheith ag teastáil uathu. Is tionscnamh iontach é seo a thugann aghaidh ar Chosc ar Dhramhaíl agus a thugann ar ais don Phobal.

 

Má tá tú ar an eolas maidir le haon áit a mbainfeadh úsáid as na huirlisí sin, seol ríomhphost chuig [email protected] .

 

Críoch

 

Le haghaidh tuilleadh eolais [email protected]

 

Teideal an ghrianghraif: Oifigeach Feasachta Comhshaoil, in éineacht le daoine ó Bhailte Slachtmhara Shoird, ag tabhairt uirlisí do dhaltaí ó Choláiste Pobail Fhine Gall.